Bhí mé den tuairim seachtain ó shín nach raibh de bhuntáiste ag na Muimhnigh roimh an gcluiche leis na Sharks ach sprid agus stair troda an chúige. Bhuel, munar bhain siad chuile leas as an mbuntáiste sin! Tar éis ochtú nóiméad den ghnáthchluiche agus fiche nóiméad d’am breise bhí na foirne ar comhscór. B’éigean braith ar shé chic pionóis an taobh le teacht ar bhuaiteoir a bheas ag imirt i mbabhtaí leath cheannais an lae inniu.
Faraor géar, ach threig dia an rugbaí na Muimhnigh agus iad sa gcomórtas ciceála. Chinn sé orthu díreach ceann amháin de na ciceanna a shlánú, toradh a chuir deireadh, ní hamháin le séasúr rugbaí na Mumhan agus iad ar an ngannchuid ach b’shin deireadh freisin le saol rugbaí Stephen Archer agus Peter O’Mahony agus tá Conor Murray ar thóir club eile anois.
Má bhí moladh tuillte ag iarracht, sprid agus cur chuige na Mumhan, a mhalairt a bhí le tuairisciú ach ar chríochnaigh cluiche Chúige Laighean i Stáid Aviva i gcoinne na Scarlets, in ainneoin gur bhuaigh siad ag a dheireadh.
Ceileann an bhearna dhá phointe déag (33-21) a bhí le spáráil ag foireann Leo Cullen, na laigeachtaí agus deacrachtaí a tháinig chun solais agus iad ar thóir áit i mbabhtaí leathcheannais an chomórtais seo don cheathrú séasúr as a chéile. Dála an scéil, chaill Cúige Laighean ag an gcéim seo den chomórtas chuile bhliain le trí bliana anuas.
Bhí deacrachtaí ag foireann Átha Cliath sa síneadh amach, sa gclibirt agus sa gcosaint, ach níos measa ná sin léirigh cuid de na himreoirí easpa suime sa gcoimhlint. Bhí an chosúlacht ar chuid de na himreoirí go raibh siad bréan tinn, tuirseach agus breán de a bheith ag imirt rugbaí. Bheinnse in aimhreas an leor seachtain le cúrsaí a cheartú i gcampa Laighean. Tá chuile chosúlacht air nach bhfuil toil ná fuinneamh na n-imreoirí le Leo Cullen. Nílim ag caint ar easpa scile ná tallainne i measc imreoirí Chúige Laighean. Is doimhne ná sin é. Muinín agus misneach atá ar iarradh sa gcampa. Níor dhochar ar bith do Chullen blogam as buidéal Chúige Mumhan a thabhairt dá chuid imreoirí! Teastóidh athrú suntasach i chuile ghné d’imirt agus de mheoin aigne na Laighneach más leo freasúra an lae inniu agus curaidh reatha an URC, Glaschú, a chur ó dhoras, fiú agus buntáiste an bhaile acu.
Seo mar atá an scéal! Gan ach dhá chluiche fós le n-imirt an séasúr seo, tá Cúige Laighean ag cúlú faoi lán luais agus tá Glaschú ag treisiú go láidir. Ní féidir le Cúige Laighean aon talamh slán a dhéanamh den cúpla bhua maithe a bhí acu ar Ghlaschú an séasúr seo. Roimh thús an chéad chluiche leathcheannais inniu tá Cúige Laighean faoi dhian-bhrú agus tá Leo Cullen i gcruachás. Ní mór dóibh dul ar an ionsaí.
Is dearbaí idir dhá fhoireann ón Afraic Theas, na Sharks agus na Bulls, foireann a chaill sa gcraobh chluiche anuraidh, a bheas sa dara cluiche leathceannais a bheas á imirt inniu chomh maith. Seans go dtabharfaidh na Bulls an lá leo. Cuimhnigh go raibh ar na Sharks tochailt go domhain an Satharn seo caite le Cúige Mumhan a chur a dhoras. Ní mórán breosla a bheas fágtha san umar acu ina dhiaidh sin.
Fág freagra ar 'Easapa suime seachas easpa scile ag cur as do na Laighnigh'