Eagraíochtaí teanga ag dul ar stailc leathlae chun aird a tharraingt ar chás Fhoras na Gaeilge

Tá súil ag lucht stailce aird a tharraingt ar ar dheacrachtaí airgid Fhoras na Gaeilge, a d’fhógair níos túisce an mhí seo go raibh ciorruithe beagnach €820,000 le déanamh ar an maoiniú a chuireann siad ar fáil

Eagraíochtaí teanga ag dul ar stailc leathlae chun aird a tharraingt ar chás Fhoras na Gaeilge

Tá baill foirne ó chuid de na ceanneagraíochtaí Gaeilge agus eagraíochtaí agus grúpaí teanga eile le dul ar stailc leathlae inniu “mar chomhartha míshástachta” faoi na deacrachtaí airgeadais atá ag Foras na Gaeilge. Os cionn 40 grúpa agus eagraíocht atá ag glacadh páirte san agóid idir 9am agus 1pm inniu, ina measc trí cheanneagaraíocht Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Oireachtas na Gaeilge.

Ar na grúpaí eile tá eagraíochtaí pleanála teanga amhail an Bruach Thoir, Baile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin Léith, agus Tobar Dhuibhne agus grúpaí pobail amhail Turas, Cumann Óige Uachtar Chluanaí, agus Glór na Móna.

Níl na ceanneagraíochtaí Gaeloideachas ná Gael Linn luaite ar liosta na ngrúpaí a bheidh páirteach sa stailc.

Tá súil ag lucht na stailce “aird phráinneach” a tharraingt ar chás an Fhorais, a d’fhógair níos túisce an mhí seo go raibh ciorruithe beagnach €820,000 le déanamh ar an maoiniú a chuirfidh an eagraíocht trasteorann teanga ar fáil i mbliana. D’fhógair an Foras go raibh na ciorruithe le déanamh de bharr “bearna mhór” i mbuiséad 2025 na heagraíochta.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge agus cathaoirleach ar an ngrúpa pobail Glór na Móna, go bhfuil sé “scannalach” go gcaithfidh grúpaí teanga ó “achan chearn den tír” dul ar stailc chun an dá rialtas “a náiriú” agus ceist mhaoiniú Fhoras na Gaeilge “a bhrú chun tosaigh”.

“Tá na grúpaí ar fad faoi bhrú. Tháinig muid ar fad le chéile coicís ó shin i mBaile Átha Cliath agus bhí muid ar aon ghuth go bhfuil géarchéim mhaoinithe sa phobal anois, agus go bhfuil an struchtúr maoinithe sa phobal thuaidh-theas atá taobh thiar d’Fhoras na Gaeilge go hiomlán briste,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil na heagraíochtaí Gaeilge a bheidh ar stailc an tseachtain seo ag éileamh ar rialtais Stormont agus ar Theach Laighean an struchtúr maoinithe a athrú “nó bealach eile a aimsiú chun an maoiniú breise a bhrú tríd”.

“Níl aon amhras orm ach gur láidre muid mar phobal agus muid ag seasamh i ndlúthpháirtíocht le chéile ar cheisteanna práinneacha mar seo. Molaim go mór gach grúpa atá ag seasamh an fhóid ar son chothrom na Féinne,” a dúirt sé.

Beidh fostaithe Ghlór na nGael ar stailc freisin Dé Céadaoin agus iad ag iarraidh “aird phráinneach” a tharraingt ar an gcás. Dúradh i ráiteas a chuir an eagraíocht sin amach go bhfuil “dúshláin dhochreidte” roimh earnáil na Gaeilge i láthair na huaire.

“Trí ghníomh radacach den chineál seo, tá foireann Ghlór na nGael ag súil aird phráinneach a tharraingt ar chás míchothrom an Fhorais, ar easpa maoinithe na gCeanneagras, ar shuíomh míshásúil oibre na ngrúpaí pobail agus ar na dúshláin dhochreidte atá roimh earnáil na Gaeilge trí chéile,” a dúradh

Beidh an stailc ar siúl ar feadh leathlae ón naoi a chlog ar maidin go dtí a haon a chlog tráthnóna Dé Céadaoin.

Dúirt an tAire Gaeltachta Dara Calleary le baill Chonradh na Gaeilge an tseachtain seo caite go dtuigeann sé an “frustrachas” atá ar eagraíochtaí Gaeilge mar gheall ar na deacrachtaí maoinithe ach go bhfuil súil aige go dtiocfar ar réiteach.

“Tá gach rogha á scrúdú agus ta muinín agam go mbeidh muid in ann teacht ar réiteach. Táimid ag obair i dtreo comhaontaithe. Tuigim an mhífhoighne, agus táim ag déanamh gach rud chun réiteach a fháil. Ní leor réiteach gearrthéarmach, tá ábhair eile le plé le réiteach fadtéarmach a aimsiú,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Eagraíochtaí teanga ag dul ar stailc leathlae chun aird a tharraingt ar chás Fhoras na Gaeilge'