Eagar catha á chur ar ‘na scórtha míle’ saighdiúir Rúiseach do mhórionsaí in oirthear na hÚcráine

Thug na húdaráis in oirthear na tíre rabhadh do dhaoine nach raibh mórán ama fágtha acu le héalú go dtí ceantair níos sábháilte

Eagar catha á chur ar ‘na scórtha míle’ saighdiúir Rúiseach do mhórionsaí in oirthear na hÚcráine

Bhí saighdiúirí na hÚcráine á réiteach féin inniu d’ionsaí mór eile ar oirthear na tíre ó thrúpaí na Rúise.

Dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, go raibh eagar catha á chur ar na scórtha míle saighdiúir Rúiseach do mhórionsaí.

Tá an t-ionsaí is déanaí ar siúl tráth a bhfuil a thuilleadh fianaise á nochtadh i rith an ama faoi ainghníomhartha na Rúise thart ar Kyiv.

Thug na húdaráis in oirthear na tíre rabhadh do dhaoine nach raibh mórán ama fágtha acu le héalú go dtí ceantair níos sábháilte.

Léirigh íomhánna satailíte go raibh conbhua ocht míle de thrucailí agus feithiclí míleata de chuid na Rúise ar an taobh thoir den chathair Kharkiv agus airtléire á hiompar acu.

Tá rabhadh tugtha ag an mBreatain go bhféadfadh go mbainfeadh an Rúis leas as airm fhosfaracha de réir mar a théann an troid i ndéine i gcathair scriosta Mariupol.

Tá níos mó agus níos mó de cheannairí agus oifigigh san iarthar den tuairim go bhfuil coireanna cogaidh déanta ag an Rúis ó cuireadh tús lena n-ionradh ag deireadh mhí Feabhra.

Dúirt Ionchúisitheoir Ginearálta na hÚcráine gur thángthas ar choirp 1,200 duine i gceantar Kyiv. Tá sé séanta ag an Rúis gur mharaigh siad aon sibhialtaigh.

Dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine,  go raibh an Rúis chomh “scartha amach ón saol mar atá go bhfuil sé á chur inár leith acu gur sinne a dhein na rudaí ar léir gurb iad trúpaí na Rúise a dhein iad”.

Dúirt Zelensky go raibh na mílte maraithe in ionsaí na Rúise ar Mariupol agus go raibh os cionn 300 ospidéal scriosta sa tír.

Dúirt Taras Didych, méara cheantar Dmytrivka, gur thángthas ar 50 corp ar stráice bóthair idir deisceart Kyiv agus cathair Zhytomyr/

Thart ar 13,400 sibhialtach a d’éalaigh as oirthear na hÚcráine ón Aoine, a deir na húdaráis. De réir tuairiscí éagsúla maraíodh daoine agus iad ag iarraidh éalú.

Idir an dá linn, tá Seansailéir na hOstaire Karl Nehammer le bualadh inniu i Moscó le Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise.

Is é Nehammer an chéad cheannaire de chuid an Aontais Eorpaigh a leithéid de chruinniú a bheith aige ó thús an ionraidh.

Deir an Banc Domhanda go laghdóidh geilleagar na hÚcráine faoina leath i mbliana de dheasca an chogaidh.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, go bhfuil an Coimisiún Eorpach ag obair ar phlean chun trádbhac a chur ar ola na Rúise mar chuid den chéad bhabhta eile smachtbhannaí.

Fág freagra ar 'Eagar catha á chur ar ‘na scórtha míle’ saighdiúir Rúiseach do mhórionsaí in oirthear na hÚcráine'