Éadaí faiseanta le fáil níos éasca ar líne le cúnamh ó theicneolaíocht úrnua

Tá clisteacht an ríomhaire agus cruthaitheacht an tsaineolaí faisin ag obair le chéile leis an tsiopadóireacht a a dhéanamh níos éasca dúinn

Éadaí faiseanta le fáil níos éasca ar líne le cúnamh ó theicneolaíocht úrnua

Ní haon scéal nua é go bhfuil fadhbanna ag roinnt mhaith siopaí traidisiúnta faisin le tamall anuas de bharr an oiread sin daoine a bheith ag ceannach earraí ar líne. Ní gá ach smaoineamh ar na deacrachtaí a bhí ag comhlachtaí ar nós John Lewis, Coast agus Claire’s le gairid le tuiscint a fháil ar scála na faidhbe.

Tá méadú ollmhór ar na díoltóirí atá ag brath anois orthu siúd atá ina suí os comhair ríomhaire nó atá ag gúgláil ar fhón póca lena gcuid roghanna a dhéanamh.

Go deimhin, d’fhéadfadh tú lá agus oíche a chaitheamh ag póirseáil ar an idirlíon ag roghnú éadaí agus ag cur margadh amháin i gcomparáid le ceann eile. 

Ach tá rogha úrnua ag teacht chun cinn anois don té nach bhfuil an t-am nó an fhoighne aige don chúram sin – seirbhís  atá bunaithe ar mheascán den ardteicneolaíocht agus den ‘siopadóireacht phearsanta’.  Seirbhís d’fhir amháin atá i gceist sa chéad chéim seo den fhorbairt agus tá sé teoranta fós do mhargadh na Breataine, ach níl ann ach ceist ama go mbeidh sé ar fáil ar fud na cruinne agus do mhná chomh maith leis na fir. 

Samhlaigh é – seachas do chuid ama a chaitheamh ag cuardach trí na suíomhanna gréasáin éagsúla, ligeann tú don teicneolaíocht is deireanaí agus do shaineolaí faisin rogha éadaigh a d’oirfeadh duit a mholadh duitse amháin. Agus níos fearr fós; ní bheidh aon chostas ar an tseirbhís phearsanta seo.  

Tá ‘intleacht shaorga’ (AI) agus algartaim chumhachtacha i gceist sa teicneolaíocht seo ach é sin ceangailte le duine daonna a dhéanfaidh an rogha dheiridh siopadóireachta a mholadh don chustaiméir.

Cuireadh tuilleadh eolais chun solais le gairid faoin gcur chuige nua seo nuair a fógraíodh go raibh an comhlacht ón tSualainn H&M tar éis €19 milliún a infheistiú sa chomhlacht teicneolaíochta faisin Thread le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an modh díolaíochta nua seo. Bhí $10 milliún infheistithe ag ciste Meiriceánach agus ag bunaitheoirí Google DeepMind sa tionscnamh roimhe sin.  

Go bunúsach cláraíonn tú leis an gcomhlacht Thread agus tugann tú roinnt eolais fút féin, d’airde, do thoisí, agus do chruth chomh maith le heolas faoin gcineál faisin a thaitníonn leat. Tugann tú cur síos ar na siopaí nó na brandaí is fearr a thaitníonn leat de ghnáth agus faoin uasmhéid airgid a chaithfeá ar bhaill éadaigh éagsúla. Roghnaíonn tú pictiúir d’fheistis éagsúla a thaitneodh leat agus de réir a chéile seolfar chugat moltaí atá roghnaithe go speisialta duit féin. 

Baineann an teicneolaíocht úsáid ag na halgartaim agus as an intleacht shaorga mar chéad chéim den phróiseas ach tá foireann 100 duine atá oilte mar ‘shiopadóirí pearsanta’ fostaithe ansin ag Thread le cúngú a dhéanamh ar rogha an ríomhaire agus í a dhéanamh níos ‘pearsanta’.

Glacann siad leis nach bhfuil an teicneolaíocht – dá chliste í – fós in ann déanamh gan ionchur ó shúil an duine a bhfuil saineolas aici i gcúrsaí faisin agus stíle. Seoltar na moltaí ón gcomhlacht chuig an gcustaiméir de réir a chéile, uair sa tseachtain de ghnáth.

Bíonn an rogha bunaithe ar an eolas a thug tú féin do Thread agus tá os cionn 500 siopa agus branda acu le roghnú astu, idir shaor agus dhaor –  Hugo Boss, Burberry, Jigsaw, New Look, Marks & Spencer, Jack & Jones, Pull & Bear, River Island agus go leor eile.

Ní ghearrtar aon táille ar an gcustaiméir ar na moltaí a thagann ó Thread, ach tá ioncam an chomhlachta bunaithe ar dhleacht ar na siopaí a sholáthraíonn na hearraí.  Gealltar nach molfar aon éadach duit nach acmhainn duit a cheannach nó, i bhfocail eile, ní rachaidh siad thar an buiséad atá leagtha amach agatsa. Beidh clisteacht an ríomhaire agus cruthaitheacht an tsaineolaí faisin ag obair le chéile lena chinntiú nach mbeidh do chuid ama á chur amú ort le roghanna áiféiseacha.

An rud is spéisiúla faoin iarracht nua seo ná go ‘bhfoghlaimíonn’ Thread faoi do chuid roghanna in imeacht ama de réir mar a cheannaínn tú táirgí a mholann siad. Dá thoradh sin, tiocfaidh feabhas, a deirtear, ar na moltaí a chuirfidh siad chugat i rith an ama agus de réir a chéíle éireoidh siad níos gaire den rogha a dhéanfá féin dá mbeifeá istigh i siopa. 

In Oirthear Londan atá Thread lonnaithe agus tá milliún úsáideoir cheana féin ag an suíomh. Tá comhlacht eile, ceann Meiriceánach ar a dtugtar Stitch Fix, a bhfuil an cineál cur chuige céanna acu ach is i Meiriceá amháin a fheidhmíonn siadsan faoi láthair.

Ní fada uainn an uair go mbeidh Thread ag tairiscint a gcuid seirbhísí do mhná. Deir fógraí ar an suíomh acu ‘Not live yet for women (yet!). Thread for women is in the pipeline, but for the moment we’re focusing on making the men’s site as good as it can be.’

 

Fág freagra ar 'Éadaí faiseanta le fáil níos éasca ar líne le cúnamh ó theicneolaíocht úrnua'