‘Éacht stairiúil’ – an foclóir nua Béarla-Gaeilge á sheoladh inniu ag Uachtarán na hÉireann

Beidh Dara Ó Briain, Micheál Ó Muircheartaigh agus Mary McAleese i measc na n-aíonna a ghlacfaidh páirt i seoladh an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge inniu

‘Éacht stairiúil’ – an foclóir nua Béarla-Gaeilge á sheoladh inniu ag Uachtarán na hÉireann

Beidh Uachtarán na hÉireann, Dara Ó Briain, Micheál Ó Muircheartaigh agus Mary McAleese i láthair ag seoladh an chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge le breis is 60 bliain inniu.

Seolfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an Concise English-Irish Dictionary go hoifigiúil tráthnóna mar chuid d’imeachtaí Oireachtais na Samhna 2020 agus aíonna mór le rá i láthair ag an ócáid.

Labhróidh na haíonna faoin taithí atá acu féin ar an nGaeilge agus an dáimh atá acu léi.

Agus é ag caint faoi sheoladh an fhoclóra, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:

“Ba mhór an phribhléid dom suíomh an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge a sheoladh in 2013 agus tá ríméad orm a bheith in ann an chéim dheireanach den tionscadal, an Concise English-Irish Dictionary, a cheiliúradh inniu. Is cloch eile an foclóir seo ar charn mór na bhfoclóirí Gaeilge in Éirinn, foclóir atá anois ann in éineacht le cinn a chuir Niall Ó Dónaill, Tomás de Bhaldraithe agus Pádraig Ó Duinnín in eagar.

“Uirlis thábhachtach do phobal teanga é aon fhoclóir. Cuireann foclóirí ar chumas an phobail teanga iad féin a chur in iúl go muiníneach agus go héifeachtach ina dteanga féin. Caomhnaíonn siad saibhreas na teanga mar a labhraítear sna pobail teanga í.

“Déanaim comhghairdeas le Foras na Gaeilge, le foireann an fhoclóra agus le gach duine a raibh baint aige leis an éacht stairiúil seo.”

San fhoclóir nua tá 1,800 leathanach, breis is 30,000 iontráil, 85,000 aonad céille agus 1.8 milliún focal i mBéarla agus i nGaeilge na linne seo.

I measc na n-iontrálacha san fhoclóir nua, an chéad cheann ó foilsíodh English-Irish Dictionary Thomáis de Bhaldraithe i 1959, tá bréagnuacht, féinín, scaradh sóisialta, coróinvíreas, Breatimeacht agus tuilleadh nach iad nach raibh cumtha in aon teanga nuair a foilsíodh an foclóir deiridh.

Agus é ag trácht ar ócáid an lae inniu, dúirt Príomheagarthóir an fhoclóra, Pádraig Ó Mianáin:

“Tugtar tús áite don teanga bheo, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge, san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge, rud a thugann foclóireacht na Gaeilge isteach sa tríú mílaois. Clúdaítear gach uile leibhéal d’úsáid na teanga, ón réim fhoirmeálta go dtí an chuid is neamhfhoirmeálta, ón fhocal scríofa go dtí an focal labhartha. Tá an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge ar líne ó 2013 agus tá breis is dhá mhilliún duine ag tarraingt ar an suíomh gach bliain as gach cearn den domhan.

“Nuair a cuireadh críoch leis an obair ar an leagan ar líne, cuireadh tús le táirgeadh an leagain chlóite. Chun foclóir aon imleabhair a tháirgeadh, ba ghá níos mó ná aon trian den fhoclóir ar líne (ina bhfuil 48 míle iontráil agus 145 míle aonad céille) a fhágáil ar lár, agus ba ghá eagarthóireacht agus athfhormáidiú suntasach a dhéanamh ar an chuid eile. Is mór an sásamh dúinn an foclóir a bheith foilsithe agus an deis seo a bheith againn é a sheoladh in éineacht leis an Uachtarán inniu.”

Seolfar an foclóir nua ar leathanach Facebook Fhoras na Gaeilge inniu ag 1.00i.n..

Fág freagra ar '‘Éacht stairiúil’ – an foclóir nua Béarla-Gaeilge á sheoladh inniu ag Uachtarán na hÉireann'