€345,000 curtha ar fáil do scoileanna Gaeltachta i gConnachta chun na cluichí Gaelacha a theagasc

Cuirfidh Roinn na Gaeltachta an t-airgead ar fáil do Chomhairle Chonnacht Chumann Lúthchleas Gael chun a chur ar a gcumas Clár na gCluichí Gaelacha a riar ar feadh trí bliana eile

€345,000 curtha ar fáil do scoileanna Gaeltachta i gConnachta chun na cluichí Gaelacha a theagasc

Tá liúntas os cionn €345,000 le fógairt inniu ag an Aire Stáit Seán Kyne do scoileanna Gaeltachta i nGaillimh agus i Maigh Eo chun oiliúint a chur ar fáil i scileanna peile, iománaíochta agus liathróid láimhe.

Cuirfear an t-airgead ar fáil do Chomhairle Chonnacht Chumann Lúthchleas Gael chun cur ar a gcumas Clár na gCluichí Gaelacha a riar ar feadh trí bliana eile.

Faoin gClár ar a dtugtaí an Scéim Oiliúna Peile, Iománaíochta agus Liathróid Láimhe roimhe seo, cuirfear teagasc ar fáil go ceann trí bliana i suas le 47 scoil i nGaeltacht na Gaillimhe agus scoil amháin i dTuar Mhic Éadaigh i gCo. Mhaigh Eo.

Meastar go mbainfidh suas le 612 gasúr scoile leas as an gclár atá á riar ag Roinn na Gaeltachta i gcomhar le Comhairle Chonnacht ó 2005.

Dúirt an tAire Kyne go raibh ‘obair fhónta’ ar bun ag an 12 traenálaí atá fostaithe faoi Chlár na gCluichí Gaelacha, obair atá ar leas na Gaeilge agus phobal na Gaeltachta.

“Is é seo an chéad uair ó cuireadh tús leis an togra in 2005 go bhfuil allúntas 3 bliana ceadaithe agus, de thoradh seo, beidh seasmhacht agus cinnteacht ann dóibh siúd atá bainteach leis an gclár a riar agus dóibh siúd a bhaineann leas as – idir scoileanna Gaeltachta, Cumann Lúthchleas Gael agus pobal na Gaeltachta trí chéile,” arsa an tAire Kyne.

Beidh deis ag breis is 600 gasúr ó chumainn Ghaeltachta agus ó Ghaelscoileanna ar fud na tíre imirt i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Luain agus an Clár á sheoladh.

Reáchtálfar ‘Lá Mór Gaeltachta’ agus ‘GAAgaeilge Go Games’ inniu agus beidh páistí ó 16 cumann Gaeltachta agus 7 nGaelscoil ag triall ar Pháirc an Chrócaigh don blitzchomórtas.

Dúirt Stiúrthóir Chlár na gCluichí Gaelacha i gComhairle Chonnacht, Pádraic Ó Conaire gur “iontach an deis í seo do pháistí na Gaeltachta bheith in ann imirt i bPháirc an Chrócaigh, agus tá sé tábhachtach do dhul chun cinn na Gaeilge i measc na n-imreoirí óga seo go mbeadh a leithéid d’imeacht á rith ar fad trí mheán na Gaeilge. 

“Is lá iontach speisialta atá ann agus ceann nach ndéanfaidh siad dearmad air go deo.  Fáiltíonn muid roimh an maoiniú trí bliana seo ón Roinn do Chlár na gCluichí Gaelacha – cuirfidh sé ar ár gcumas cur le scileanna na bpáistí seo ina dteanga féin agus is iontach an rud é sin,” a dúirt Ó Conaire.

Fág freagra ar '€345,000 curtha ar fáil do scoileanna Gaeltachta i gConnachta chun na cluichí Gaelacha a theagasc'

  • Caitlin chonolaigh

    A Aire,
    Iontach go bhfuil an deontas ceadairhe do na scoileanna Gaeltachta I gConnachta chun na cluichi Gaelacha a fhoghlaim.

    Bhfeidir go bhfuil me ag fail leamh micheart ar an sceal.? Ach 47 scoil I nGallimh agus scoil amhain I Maigh Eoigh. Ni fheicim go bhfuil moran cothromaiocht ag baint leis.

    Ta nios mo na scoil amhain I nGaeltacht Mbaigh Eoigh ag feidhmniu mar scoil Ghaeltachta. Ta me cinnte go mbeith suim acu cupla pingin a fhail .

    Ma bhionn tu ag daileadh airgead amach dean cinnte gur do scoileanna Gaeltachta ata ag deanamh teagasc tre mhean na Gaeilge amhain a thugtar an tairgead agus ni do scoileanna ata ag teagasc i mBearla ach lonnaithe san nGaeltacht I ngheall ar Tireolaiocht.

    Caitlin Chonolaigh
    Maigh Eoigh