€200 lacáiste fuinnimh agus 20% d’ísliú ar tháillí an chórais iompair phoiblí 

D’aontaigh an Rialtas pacáiste inniu le cuidiú le teaghlaigh na tíre déileáil leis an ardú ar an gcostas maireachtála ach deir an freasúra gur ‘braon fánach sa bhfarraige mhór’ atá i gceist

€200 lacáiste fuinnimh agus 20% d’ísliú ar tháillí an chórais iompair phoiblí 

Tá sé socraithe ag an Rialtas go n-ardófar an lacáiste ar bhillí fuinnimh go €200, go bhfeabhsófaí an scéim aisíocaíochta cógais leighis agus go laghdófar costas an chórais iompair phoiblí.

Is cuid iad na bearta seo den phacáiste nua atá á thabhairt isteach chun déileáil leis an ardú ar an gcostas maireachtála.

Faoin socrú a rinneadh inniu, gheobhaidh daoine atá i dteideal an liúntas breosla €125 breise.

Laghdófar na táillí ar an gcóras iompar poiblí 20% ó mhí an Aibreáin, sin na táillí a ghearrann Bus Éireann, Iarnród Éireann, Bus Átha Cliath, Go Ahead, Luas, DART agus Local Link.

D’aontaigh an Rialtas an pacáiste inniu le cuidiú le teaghlaigh na tíre déileáil leis an ardú ar an gcostas maireachtála.

Faoi phlean seo an Rialtais tabharfar faoiseamh do dhaoine leis na billí arda leictreachais agus cúnamh breise do theaghlaigh atá ar ioncam íseal agus iadsan a bhfuil billí móra breosla á sáinniú.

Cháin Sinn Féin an plean ag rá nach réiteodh sé seo an fhadhb ollmhór mar nach dtéann sé go “croí na faidhbe”.   

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, nach bhfuil na bearta nua seo ag díriú in aon chor ar na fadhbanna atá ag teaghlaigh atá ar mheánioncam nó ioncam níos ísle agus gurb iadsan is measa atá buailte ag an ardú ar an gcostas maireachtála. Chuir sé i leith an Rialtais nach dtuigeann siad na deacrachtaí atá ag an gcuid sin den phobal. 

Maíonn an Rialtas go dtabharfaidh na bearta seo faoiseamh do dhaoine atá ag obair agus daoine atá ar ioncam íseal. 

D’iarr Sinn Féin go gcuirfí an cháin charbóin ar athlá, go gcuirfí cosc ar aon ardú cíosa ar feadh tamaill agus go dtabharfaí íocaíocht ar leith do gach duine atá ar ioncam níos lú ná  €60,000.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go raibh a fhios ag an Rialtas go maith go raibh an costas maireachtála ag ardú agus go raibh daoine scanraithe nuair a fheiceann siad an t-ardú ar na billí leictreachais, gáis agus earraí grósaera.

Dúirt sé gur chuma céard a d’fhógródh an Rialtas “nár leor é” don Fhreasúra a raibh a gcuid preasráiteas scríofa acu cheana féin.

“Tá bhur bpreasráiteas scríofa agaibh [Sinn Féín] cheana féin; easpach, ní leor. D’fhéadfainn é a scríobh daoibh, chun na fírinne a rá is dóigh go raibh sé scríofa agaibh laethanta ó shin,” a dúirt Varadkar.

“Ach tá an chaint saor agus tá is éasca gealltanais a dhéanamh ach níl an pobal chomh dall sin oraibh níos mó.”

Chuir an Teachta Dála de chuid pháirtí an Lucht Oibre, Aodhán Ó Ríordáin, i leith an Rialtais nach raibh sna bearta seo ach cur i gcéill go rabhthas ag déileáil leis an ardú ar an gcostas maireachtála agus gur dóigh nach mbeadh sa bpacáiste seo “braon fánach sa bhfarraige mhór”.

Fág freagra ar '€200 lacáiste fuinnimh agus 20% d’ísliú ar tháillí an chórais iompair phoiblí '