Tá €13 milliún de dheontais ceadaithe ag an rialtas le ceithre bliana anuas chun athchóiriú a dhéanamh ar thithe folmha sa nGaeltacht.
Tá sé ráite ag Aire na Gaeltachta Dara Calleary gur éirigh le breis is 300 iarratas ar an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folmha a bhain le tithe sa nGaeltacht ó cuireadh tús leis an scéim.
Bunaíodh an deontas athchóirithe i lár 2022 chun tithe atá folamh nó tréigthe a athfhorbairt mar thithe cónaithe. Tá breis is €200 milliún ceadaithe ó thús na scéime. Ag deireadh na bliana seo caite ceadaíodh deontas i gcás thart ar 3,700 iarratas san iomlán.
Agus é ag labhairt os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge aréir, thug an tAire Dara Calleary sonraí nua maidir leis an scéim i gceantair Ghaeltachta.
302 iarratas ar fad a ceadaíodh sa nGaeltacht ó 2022, de réir figiúirí an Aire. B’fhiú €43,000 ar an meán na deontais i gcás na Gaeltachta.
Bhain breis is leath de na hiarratais sin le Gaeltacht Dhún na nGall, áit ar éirigh le 152 iarratas ar dheontas. Tá níos mó iarratais faoin scéim déanta le Comhairle Contae Dhún na nGall ná mar atá déanta le haon chomhairle áitiúil eile ar fud na tíre.
Ceadaíodh deontais i gcás 70 iarratas i nGaeltacht na Gaillimhe, bhí rath ar 32 iarratas i nGaeltacht Chiarraí agus ar 27 ceann eile i nGaeltacht Mhaigh Eo.
D’éirigh le 15 iarratas ar dheontas athchóirithe i nGaeltacht Chorcaí, cúig iarratas a bhí i gceist i nGaeltacht Phort Láirge agus aon iarratas amháin i nGaeltacht na Mí.
“Léiríonn sé sin go bhfuil a lán oibre ar siúl sa Ghaeltacht,” a dúirt an tAire Calleary leis an gcoiste.
Tá airgead á cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta chun post mar Chomhordaitheoir Ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht a mhaoiniú. Tá an comhordaitheoir fostaithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo agus tá an Ghaeltacht go léir faoina chúram.
Dúirt an tAire Calleary go raibh an tÚdarás agus Uisce Éireann ag obair le chéile i láthair na huaire chun maoin de chuid an Údaráis a chur in oiriúint do thithíocht chomh maith.
“Táimid ag obair leis an Údarás faoin talamh atá acu nach mbeidh siad ag úsáid do chúrsaí tionscail,” a dúirt an tAire.
“Tá muid ag obair leis an Údarás agus le hUisce Éireann chun plean a chur le chéile chun seirbhísí a chur ar fáil ar na suíomhanna sin chun go mbeidh an tÚdarás in ann dul chuig AHB [Comhlacht Ceadaithe Tithíochta] nó comhlacht cosúil leis sin chun iad a fhorbairt. Ach, ar an gcéad dul síos, tá muid ag iarraidh oibriú chun go mbeadh seirbhísí séarachais agus uisce ar an talamh sin agus go mbeadh siad in ann é a úsáid do chúrsaí tithíochta.”
Dúirt an tAire go raibh sé ag cur brú freisin ar na húdaráis áitiúla chun a chinntiú go raibh siad ag obair le hÚdarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta agus go raibh a lán go bhféadfaí a dhéanamh fiú gan treoirlínte pleanála don Ghaeltachta a bheith foilsithe ag an Roinn Tithíochta.
Fág freagra ar '€13 milliún ceadaithe ó 2022 chun athchóiriú a dhéanamh ar thithe folmha sa nGaeltacht'