Ciarraí 1-26 Dún na nGall 0-19
Is chun na Ríochta atá Corn Sam Mhig Uidhir ag dul arís in 2025 tar éis do Chiarraí taispeántas cuimsitheach a thabhairt i bPáirc an Chrócaigh chun Dún na nGall a chloí le deich bpointe i gcluiche ceannais na hÉireann.
Ba leis an sárchraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí, Conallach go smior, a samhlaíodh an ‘Dorn san Aer’ ach ghlac Ciarraíoch leis an mana i mbliana agus taispeántas dochreidte eile tugtha ag David Clifford. Nuair a chaithfear súil siar ar chraobh peile 2025, tiocfaidh íomhá amháin chun cinn arís agus arís eile agus sin é Clifford agus a dhorn san aer aige ag ceiliúradh scór dochreidte eile.
Bhí áit an Chlúmhánaigh sa Táin slán i bhfad roimh chluichí na bliana seo ach bhain sé leibhéal eile amach in 2025. Chonacthas an dorn sin san aer nuair a sáraíodh Barry McCambridge agus Ard Mhacha sna babhtaí ceathrú ceannais, arís nuair a cuireadh Pádraig Hampsey agus Tír Eoghain go droim seoil cúpla seachtain ó shin agus theip glan ar Brendan McCole agus Dún na nGall srian a chur ar Clifford sa gcluiche ceannais.
Nuair nach raibh rudaí ag dul go maith do Chiarraí i lár na craoibhe, ba é Clifford a thug dúshlán do mhuintir an chontae teacht amach agus tacú leis an bhfoireann. Bheadh trua agat dóibh siúd nár éist leis agus a chaill amach ar an deis Clifford a fheiceáil i mbarr a réime. Naoi bpointe a d’aimsigh fear an Fhosaidh sa gcluiche agus na gaiscí is mó déanta aige sa gcéad leath nuair a d’aimsigh sé trí scór dhá phointe chun Ciarraí a chur i gceannas. Tá an dara bhonn uile-Éireann anois ina phóca aige agus an tríú ghradam d’Imreoir na Bliana ag teacht gan mhoill go cinnte.

Cé go raibh Clifford ina laoch arís do Chiarraí, ní raibh sé leis féin. Dúradh roimh an chluiche go mbeadh ar imreoirí eile teacht chun cinn chun cuid den ualach a iompar má bhí Ciarraí chun an corn a thabhairt abhaile leo agus is cinnte gur tháinig.
Ba é Gavin White captaen na foirne agus bhí an leathchúlaí ina cheannaire ceart sa gcluiche ceannais. Is é a spreag Ciarraí ó chéad séideadh na feadóige agus ruathar iontach déanta aige chun an chéad scór a chruthú do Dylan Geaney théis 10 soicind. D’aimsigh White dhá phointe é féin sa gcéad 35 nóiméad ach bhí an obair a rinne sé chun seilbh na liathróide a bhuachan timpeall lár na páirce chomh luachmhar céanna maidir lei an lámh in uachtar a thabhairt do Chiarraí. D’fhág sé Ryan McHugh ina chnap le gualainn láidir sna soicindí tosaigh den dara leath – bhí ar fhear Chill Chárthaigh an pháirc a fhágáil go luath ina dhiaidh – agus d’aimsigh sé pointe tábhachtach sa 54ú nóiméad chun freagra a thabhairt ar thrí cinn de scóranna as a chéile ag Dún na nGall agus bearna cúig phointe a chur idir ag dul isteach sa gceathrú dheireanach den chluiche.
Trí phointe a d’aimsigh Paudie Clifford ach bhí an obair a rinne sé ag stiúradh ionsaithe Chiarraí níos tábhachtaí fós, í léirithe go maith sa bpointe a chruthaigh sé dá dheárthair go luath sa dara leath nuair a chuir sé pas beag coise isteach sa spás chun an deis a chruthú.
Ní raibh deireadh leis na gaiscithe sna geansaithe gorma, áfach. Joe O’Connor a chur barr maise ar an mbua le cúl sa 69ú nóiméad, a chéad scór den chluiche ceannais ach bhí sé ina bhfathach roimhe sin agus illiomad ciceanna amach buaite aige. D’fhág taispeántas lán fuinnimh agus díograis ó Bhrian Ó Beaglaoich gur bheag tionchar a bhí ag Shane O’Donnell ar an gcluiche. Beirt iad Dylan Geaney agus Seán O’Brien nach mbeadh ag tosú an cluiche seans murach d’imreoirí eile a bheith gortaithe ach bhíodar lárnach sa mbua, trí phointe aimsithe ag Geaney agus péire eile ag O’Brien, chun tacú lena bhfoireann.
Ar an taobh eile, theip ar an iomarca d’imreoirí Dhún na nGall dul i bhfeidhm ar an gcluiche. Cúig phointe dhéag a d’aimsigh líne lántosaithe Dhúnn na nGall – ocht bpointe ag Michael Murphy, ceithre cinn ag Conor O’Donnell agus trí cinn eile ag Oisín Gallen – ach ní bhfuair siad an cúnamh céanna ó na fir eile is a fhaigheann de ghnáth.
Tá séasúr dochreidte curtha isteach ag Finbarr Roarty, Peadar Mogan, Ryan McHugh agus Ciarán Moore – 3-29 a d’aimsigh an ceathrar eatarthu sa gcraobh roimhe seo – ach is ar éigin go bhfacthas iad ag dul ar an ionsaí sa gcluiche ceannais agus an iomarca le déanamh acu sa gcosaint. Níor éirigh leis na hathruithe a rinne Jim McGuinness an taoide a chasadh ach an oiread, ba é pointe Dhaire Uí Bhaoill, an scór deireanach ag Dún na nGall sa gcluiche, an t-aon cheann a tháinig ó fhear ionaid.
Dúirt Jim McGuinness le gairid nach raibh lá ann idir cluiche ceannais 2014 agus nuair a athcheapadh é ina bhainisteoir ar Dhún na nGall nár smaoinigh sé ar bhua Chiarraí an bhliain sin agus seans go ngoillfidh an chailliúint seo tamall fada air chomh maith.
Ba léir nach raibh McGuinnes ná Dún na nGall ag iarraidh barr cleite a fhágáil isteach ná bun cleite a fhágáil amach ina gcuid ullmhúchán – cuireadh moill ar an bparáid roimh an chluiche agus na Conallaigh fós ag téamh suas – ach nuair a thosaigh an choimhlint, bhí an chuma ar an scéal nach raibh siad réidh d’fhiántas Chiarraí.
Mar a luadh thuas, ghearr Gavin White tríd ina thintreach chun an chéad scór den chluiche a chruthú agus bhí dhá phointe dá chuid féin aige sa gcéad cúih nóiméad chun Ciarraí a chur 0-4 in aghaidh 0-2 chun cinn. San ochtú nóiméad, chuaigh Joe in airde chun cic amach a bhuachan ar taobh Ardán Uí Ógain agus chríochnaigh an ghluaiseacht le scór ó Paudie Clifford. Rinne Paudie pas ó Chaolán McColgan a ghearradh amach ansin agus an liathróid a chur i dtreo David, a d’aimsigh scór dhá phointe gleoite chun Ciarraí a chur 0-7 in aghaidh 0-3 chun cinn. Ní raibh Brendan McCole i bhfad siar ó Clifford ach bhí an liathróid curtha óna lámh go dtí a chois i bpreabadh na súl agus ba bheag a bhí an lánchúlaí in ann a dhéanamh chun é a stopadh.
Bhí a fhios ag an saol mór go mbeadh tacaíocht ag teastáil ó McCole chun greim a fháil ar Clifford agus bhí Dún na nGall ag déanamh cinnte nach raibh aon spás ann os comhair an chúil do Clifford. An fhadhb a bhí ná go raibh an Ciarraíoch imithe ag spaisteoireacht amuigh. Chaith sé formhór an ama amuigh ar an gcliathán agus cosaint Dhún na nGall fágtha ag faire ar Sheán Ó Brien agus Mark O’Shea, beirt imreoirí lár páirce Chiarraí a ritheadh isteach i mbéal an chúil aon uair go mbeadh Ciarraí ar an ionsaí chun tuilleadh spáis a thabhairt do leithéidí na Cliffords agus Seán O’Shea níos faide amach ón gcúl.
Fuair Clifford seilbh ar an liathróid don dara huair sa 12ú nóiméad, scór dhá phointe den scoth eile. Nuair a fuair Seán O’Brien pointe eile do Chiarraí nóiméad ina dhiaidh, bhíodar 0-13 in aghaidh 0-3 chun cinn agus rith an rása leo.
Bhuaigh Michael Murphy cic amach tábhachtach do Dhún na nGall chun faoiseamh a thabhairt dóibh agus pointe a chruthú d’Oisín Gallen ach d’aimsigh Seán O’Shea cic saor dá phointe agus pointe eile curtha leis ag David Clifford chun Ciarraí a chur naoi bpointe chun tosaigh leath bealaigh tríd na leithe.
Dhúisigh Dún na nGall faoi dheireadh ina dhiaidh sin agus a dtréimhse is fearr den chluiche ag na Conallaigh – Gallen, Murphy (2) agus Conor O’Donnell (2) agus Shane O’Donnell ag aimsiú pointí chun an bhearna a laghdú ach bualadh buille ollmhór díreach roimh an mbriseadh agus cé eile a bhí ann ach David Clifford.
Choinnigh Ciarraí seilbh ar an liathróid ar feadh dhá nóiméad roimh shéideadh an bhonnáin, tráth a raibh Clifford ag súil go réidh amach i dtreo an líne 65m ach chomh luath is gur chas sé ar ais i dtreo an chúil, bhí an liathróid tugtha ag Paudie dó agus iarracht álainn curtha thar an trasnán aige chun Ciarraí a chur 0-17 in aghaidh 0-10 chun tosaigh. Bhí an dorn san aer arís ag Clifford agus meangadh mór gáire air agus é ag déanamh ar na seomraí feistis.
Ba léir luath go maith sa dara leath gur bheag seans go mbeadh teacht aniar againn anseo mar a bhí san iomáint an tseachtain seo caite. Bhí dhá phointe eile faighte ag Ciarraí laistigh den chéad dá nóiméad agus cé gur laghdaigh Dún na nGall an bhearna go dtí ceithre phointe agus ceathrú uaire fágtha, bhí freagra i gcónaí ag Ciarraí nuair a theastaigh ceann.
Nuair a chuir cic saor dhá phointe ó Sheán O’Shea sé phointe eatarthu agus 12 nóiméad fanta, bhí an bua nach mór cinnte. Chuir an bheirt Clifford pointí eile leis agus bheadh cúl eile ag David murach blocáil iontach ar an líne ag Conor O’Donnell agus cúig nóiméad fágtha. Chroith Ciarraí an eangach faoi dheireadh, áfach, agus iarracht báite ag Joe O’Connor chun caipín mullaigh a chur ar thaispeántas cumasach.
Thug Jack O’Connor le fios i ndiaidh an chluiche go bhfuil a chuid anois déanta aige mar bhainisteoir ar Chiarraí agus an cúigiú chraobh uile-Éireann buaite aige leis an gcontae. Beidh sásamh ar leith le baint as an gceann seo.
Ciarraí: S Ryan; P Murphy, J Foley, D Casey; B Ó Beaglaoich, M Breen, G White (0-3); S O’Brien (0-2), M O’Shea; J O’Connor (1-0), S O’Shea (0-6, 0-3 ó chiceanna saora), G O’Sullivan; D Clifford (0-9), P Clifford (0-3), D Geaney (0-3). Fir Ionaid: D O’Connor in áit O’Brien (50 nóim), K Spillane in áit Geaney (54 nóim), E Looney in áit Uí Bheaglaoich (63 nóim), T Morley in áit Breen (65 nóim), M Burns in áit O’Sullivan (69 nóim).
Dún na nGall: S Patton; F Roarty, B McCole, P Mogan; R McHugh, E Gallagher, C McColgan; C McGonagle (0-1), M Langan; S O’Donnell (0-2), C Thompson, C Moore; C O’Donnell (0-4), M Murphy (0-8, 0-6 ó chiceanna saora), O Gallen (0-3). Fir Ionaid: D Ó Baoill (0-1) in áit Thompson (23 nóim, gortaithe), H McFadden in áit McColgan (Leath ama), J McGee in áit McHugh (40 nóim, gortaithe), P McBrearty in áit Gallen (50 nóim), J Brennan in áit Gallagher (58 nóim),
Réiteoir: Brendan Cawley (Cill Dara).
Fág freagra ar 'Dún na nGall curtha go tóin poill ag draíocht Clifford agus díograis Jacko'