Thaistil mise go dtí an ardchathair ar an Aoine roimh chluiche ceannais iománaíochta na hÉireann don lón bliantúil a chuireann an GPA ar siúl d’iariománaithe agus imreoirí camógaíochta idirchontae na tíre.
I mbliana bhí imreoirí ann ó foirne a bhuaigh craobhacha na hÉireann i mblianta a chríochnaigh leis an uimhir cúig. Chomh maith leis sin tugadh gradam saoil d’iarchaptaen na Gaillimhe Joe Connolly .
D’fhanas sa phríomhchathair don cluiche mór an Domhnaigh agus bhí tráthnóna deas gréine againn.
Ach ar maidin tháinig an bháisteach agus faitíos faoi pháirc shleamhain. Ach d’imigh chuid maith de na scamaill dorcha agus bhrúigh an ghrian isteach .
Agus mé ag druidim gar don staid ní fhaca riamh an méid comharthaí ag daoine ag iarraidh ticéid. Tháinig siad i ngach cruth agus méid, scríofa de láimh agus lán mothúcháin, gach ceann acu ina fhianaise ar an ndíograis agus ar an dúil mhór sa chluiche.
Bhí atmaisféar iontach roimh an gcluiche agus gach duine ag súil leis. Is beag saoi a bhí ag tabhairt seans do Thiobraid Árann .
Ag leath ama agus Corcaigh sé chúilín chun cinn ní dóigh liom go raibh mórán daoine ag athrú a n-aigne cé go raibh na Tiobraid Árannaigh ag dul go maith agus is beag seans a bhí tugtha acu do líne lán tosach Chorcaí .
Ach ní dóigh liom go raibh duine ar bith sa staid a thuar go dtitfeadh an tóin go hiomlán as Corcaigh sa dara leat.
Conas a d’éirigh le Tiobraid Árann an gaisce eisceachtúil seo a dhéanamh? Conas a tháinig an meath sa dara leath do Chorcaigh chomh tapaidh sin? Cúpla nóiméad roimh leatham, bhodhródh an liú ‘Rebels, Rebels, Rebels’ tú. Cúpla nóiméad roimh dheireadh na himeartha, bhí gach pas ó Thiobraid Árann á fháiltiú le ‘Olé’.
Ón nóiméad a theip ar Patrick Horgan scóráil ón bpoc saor éasca ag tosach an dara leath thosnaigh an meath. Scóráil na Tiobraid Árannaigh cúilín i ndiaidh cúilín agus ní raibh aon freagra ag Corcaigh. Bhíodar ag cailliúint gach cath. Ceapaim féin gur thosnaigh an meath sin go luath sa chéad leath nuair a theip orthu dul timpeall ar an gcosantóir le cois a d’úsáid Tiobraid Árann.
Bhí seans acu ag leatham an scéal seo a réiteach ach, i mo thuairim, cheapadar nach raibh aon fhadhb le réiteach.
D’fhág cúl Shane Barrett gur dócha gur cheapadar go raibh an lámh in uachtar acu agus go rachadh siad i bhfeabhas dara leath . Bhí bréagmhuinín acu.
Agus mo léan géar thiteadar as a chéile sa dara leath. 48 uair a chaill Corcaigh seilbh an tsliotair agus ghéill siad 3-15 ó na cailliúintí sin. Dochreidte agus tubaisteach. In ainneoin a bheith sé chúilín taobh thiar ag leatham, bheadh Cahill agus a fhoireann sásta go raibh níos mó iarrachtaí acu ná Corcaigh agus seilbh an tsliotair bainte den fhreasúra níos minice acu.
Agus tháinig na Tiobraid Árannaigh amach sa dara leath le plean, spiorad agus dúil fhíochmhar san obair.
Agus de réir mar a d’imigh an dara leath bhí Corcaigh ag cailliúint misnigh ar fud na páirce, sna hardáin agus ar an taobh líne .
Ceann de na híomhánna buana ó mheath Chorcaí ná íomhá den bhainisteoir Pat Ryan timpeallaithe ag cúigear dá fhoireann bainistíochta go luath sa dara leath.
Cheapas go rabhadar an-mhall ag déanamh athruithe, rud a bhí le feiceáil go soiléir sa leisce agus sa chinneadh ait go leor gan Eoin Downey a bhaint den pháirc agus cárta buí faighte aige.
Ach bhí an lá ag Tiobraid Árann agus é lán tuillte acu.Tá scata deas imreoirí óga acu. Moladh agus ardmholadh dóibh. Thaispeáin Liam Cahill cruálacht ina chóras roghnaithe fiú sula caitheadh aon sliotar isteach i mbliana. D’fháiltigh sé roimh an gcomhrac, nocht sé laigí, agus chuir sé a scórálaithe cruinne i mbun oibre chomh minic agus ab fhéidir go háirithe sa dara leath.
Tiobraid Árann seaimpíní sinsir na hiomána in 2025.
Fág freagra ar 'Cliseadh Chorcaí agus gaisce eisceachtúil Thiobraid Árann'