Streachailt chiúin phobal na Bealarúise ar son na saoirse

Ní féidir linn pobal na Bealarúise a dhearmad. Cuimsíonn a gcomhrac ar son na saoirse agus an daonlathais na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach tógtha

Streachailt chiúin phobal na Bealarúise ar son na saoirse

Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola agus Sviatlana Tsikhanouskaya, Ceannaire Chomh-aireacht Aontaithe Idirthréimhseach na Bealarúise. Pic: Daina Le Lardic/EP

Ina streachailt chiúin ar son na saoirse agus an daonlathais, is léiriú é pobal na Bealarúise ar mhisneach agus ar athléimneacht. D’ainneoin na mblianta fada de riail údarásach agus cur faoi chois córasach, bíonn siad ar thóir saol na saoirse de shíor. Is cath é nach féidir a dhearmad, go háirithe tráth seo na guagachta domhanda. 

Is bunluachanna an mheasa ar dhínit agus ar chearta an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, agus ar an smacht reachta a thugann sinn, Eorpaigh, le chéile agus a choinníonn le chéile sinn. Fós féin, séantar é sin ar fad ar mhuintir na Bealarúise inár mór-roinn chomhroinnte.  

Ina ionad sin, maireann siad faoi imeaglú agus faoi bhagairtí leanúnacha. Maireann siad faoi réimeas, ina gcaitear daoine sa phríosún ar chúiseanna bréige, ina mbaintear a gceadúnas do dhlíodóirí faoi líomhaintí mí-iompair chalaoisigh, ina ndéantar cinsireacht éifeachtach ar na meáin neamhspleácha agus ina gcuirtear orthu dúnadh, ina ndíchláraítear níos mó ná míle eagraíocht neamhrialtasach (ENR) agus ina mbactar iad a bpost a dhéanamh. Maireann siad faoi réimeas ina bhfuil níos mó ná 1,500 príosúnach polaitiúil. Tugtar ar dhaoine eile maireachtáil ar deoraíocht, baintear a bpasanna díobh, fad is atá siad á bhfiosrú, á dtriail agus á gciontú in absentia. 

Ina dhíspeagadh ar luachanna daonlathacha agus ar chearta an duine, cloíonn an réimeas reatha sa Bhealarúis le cumhacht i ngach slí is féidir. Fiú tríd an tír a thiontú ina fostát den Rúis, airm núicléacha na Rúise a óstáil in aice le teorainneacha AE. 

Ach tá croí na Bealarúise Eorpach, fite fuaite ina luachanna, ina cultúr agus ina mianaidhm ar thodhchaí níos fearr. Is féidir a sliocht stairiúil a rianú siar go dtí Francysk Skaryna na Bealarúise, duine de na soilsithe is luaithe den Renaissance Eorpach, agus a rannchuidiú uathúil d’ealaín agus smaointeoireacht na hEorpa, arna léiriú ag saothair fhísiúla Marc Chagall, atá ábhartha d’idéil Eorpacha. 

I bhfianaise iarrachtaí atá ag éirí níos éadóchasaí chun easaontas a chosc, tá tiomantas gan staonadh léirithe ag na Bealarúisigh agus iad ar thóir na saoirse agus an daonlathais. Tá sé ábhartha do streachailtí agus do mhianta go leor Eorpach i rith na staire. 

Athluann Parlaimint na hEorpa dearbhuithe cheannairí daonlathacha na Bealarúise maidir le mianaidhmeanna Eorpacha phobal na Bealarúise.  Beidh ár ndoras ar oscailt i gcónaí do na stáit Eorpacha uile a roinneann ár luachanna agus ár n-idéil agus a bhreathnaíonn ar an Eoraip mar bhaile acu. Folaítear leis sin an Bhealarúis nuair a bheidh sí daonlathach, saor agus neamhspleách. 

Go dtí sin, tá sé ríthábhachtach an Bhealarúis a chur san áireamh sa scéal Eorpach agus í a choinneáil ard ar an gclár oibre chun aistriú daonlathach a chothú sa tír agus chun neamhspleáchas agus ceannasacht na Bealarúise a chosaint.  

Sna Bealarúisigh, sna hÚcránaigh agus sna Moldóivigh chíonn an Eoraip í féin. Faigheann sí na luachanna is cuid de chreatlach an tionscadail Eorpaigh. Ní troid náisiúin amháin atá sa troid ar son Bhealarúis dhaonlathach; is troid í chun na luachanna a shainíonn ár mór-roinn a chaomhnú. 

Sid é an fáth go bhfuil Parlaimint na hEorpa ag iarraidh tacaíocht leanúnach a thabhairt d’fhórsaí daonlathacha na Bealarúise agus don tsochaí shibhialta. Is ionann seo agus smachtbhannaí méadaithe ar réimeas neamhdhlisteanach Lukashenka as a choireanna agus a rannpháirtíocht in ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Tá gá againn le seasamh aontaithe freisin chun cosaint agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a d’éalaigh ón gcos ar bolg agus a fuair dídean san Aontas Eorpach. 

Tá sé ríthábhachtach a thuiscint nach féidir leis an Eoraip a lánacmhainneacht a shroicheadh go deo agus an Bhealarúis fós faoi dheachtóireacht. Tá Bealarúis atá saor, daonlathach agus neamhspleách bunriachtanach don tsíocháin agus don tslándáil san Eoraip. Is é seo an t-aon slí chun cinn chun todhchaí shíochánta na hEorpa a chinntiú i gceart. 

Fág freagra ar 'Streachailt chiúin phobal na Bealarúise ar son na saoirse'

  • Gearoid

    Luachanna an aontais eorpaigh? Tá said le feiceáil gach lá sa Stráice Gaza, an glanadh eitneach agus an cinedhíothú.

  • Seán Mag Leannáin

    an t-aon slí chun cinn chun? an t-aon slí chun dul chun cinn?