Duine cruachroíoch a déarfadh go bhfuil siad ag dul thar fóir leis na sceitimíní i gCill Mhantáin

Bíodh is nach mbíonn aon cheangal díreach idir daonra contaetha agus an rath a bhíonn orthu, déarfá leat féin gur cheart do pheileadóirí Chill Mhantáin a bheith ag déanamh níos fearr

Duine cruachroíoch a déarfadh go bhfuil siad ag dul thar fóir leis na sceitimíní i gCill Mhantáin

Cé go raibh sé ar dhuine de pheileadóirí Mhaigh Eo a bhain cluiche ceannais na hÉireann amach sa mbliain 2004, ní móide go raibh Alan Costello baileach chomh mór in isle brí agus a bhí an chuid eile den chontae sin nuair a séideadh an fheadóg dheireanach i gCaisleán an Bharraigh Dé Domhnaigh seo caite agus bua cúilín ag Gaillimh.

Ar an taobh eile den tír a bhí an Coisdealbhach, ina chomhbhainisteoir ar Chill Mhantáin a bhuaigh ar Laois i gcluiche inar scóráladh naoi gcúl agus 27 cúilín. Ó shin níl caint ar aon bhlas i gceantair dhúchais Parnell agus Katie Taylor ach babhta ceathrú ceannais an lae inniu i gCúige Laighean ina n-imreoidh siad contae na Mí.

Duine cruachroíoch a déarfadh go bhfuil siad ag dul thar fóir leis na sceitimíní. Cuimhnigh nach bhfuil sé ach cúpla seachtain ó d’éirigh an bainisteoir a bhí acu, Colin Kelly, as an gcúram. Tuairiscíodh sa nuachtán áitiúil an Wicklow People sula ndearna sé sin go raibh seisear de na peileadóirí a bhí faoina chúram ag éirí as agus oiread eile ag brath aithris a dhéanamh orthu.

Bhí an Coisdealbhach ina roghnóir ag an am sin. Nuair a d’imigh an Ceallach, Costello agus roghnóir eile, Gary Duffy, a bhí mar chomhbhainisteoirí. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin bhí a bhfoireann curtha go dtí Roinn 4 na Sraithe Peile, gan buaite i gcaitheamh an tséasúir is deireanaí acu ach aon chluiche amháin – comhscór i gceann eile.

Ó Bhliain na Mílaoise is beag nach gcomhairfeá ar mhéaracha do leathláimhe a bhfuil de chluichí buaite ag Cill Mhantáin i gCraobh Laighean. Níl uair nár spreag ceann acu sin splanc dóchais, cé gur beag taobh amuigh den chontae a chuirfeadh mórán suntais sa gceann is fearr a fháil ar pheileadóirí Longfoirt, Cheatharlach ná na hIarmhí. 

Arú anuraidh fuaireadar an ceann ab fhearr ar Loch Garman sa gcéad bhabhta agus bhí dé sa splanc arís – an t-ardú céime as Roinn 4 saothraithe acu agus an babhta ceathrú ceannais in aghaidh na Mí le n-imirt ar a bhfód féin in Eachroim. Faoin am a dtáinig leath ama ansiúd, ba ag siosarnach a bhí an splanc, faoi lán-am bhí sé ar snámh i lochán uisce, 7-14 scaoilte isteach ag Cill Mhantáin agus gan scóráilte ina gcoinne ach seacht gcúilín.

Bíodh is nach mbíonn aon cheangal díreach idir daonra contaetha agus an rath a bhíonn ar a gcuid foirne CLG, déarfá leat féin gur cheart do pheileadóirí Chill Mhantáin a bheith ag déanamh níos fearr. Eatarthu tá cónaí ar tuairim 56,000 duine i mBré, ar an Inbhear Mór agus i mBaile Chill Mhantáin – an méid céanna agus atá i gcontae Cheatharlach ar fad agus beagnach 50% níos mó ná atá i Longfort.

Tá oiread de dhaonra sa gcontae ina iomláine agus atá i Loch Garman agus níos mó ná atá i Laois, Co. Lú agus san Iarmhí.

Fós ó aimsir na Mílaoise níor éirigh le Cill Mhantáin cluichí a bhuachan i gCraobh Laighean dhá bhliain as a chéile ach amháin sa tréimhse a chaith Mick O’Dwyer mar bhainisteoir orthu sna séasúir idir 2007 agus 2011.

Sa mbliain 2008 bhuaigh siad ar Chill Dara, ar Longfort an bhliain dar gcionn agus ar Cheatharlach i 2010. Le linn an achair sin freisin bhuaigh siad ar Fhear Manach i mBabhta Cáilithe 2009. Ainneoin an cluiche sin a bheith dearmadta ag go leor, ní hé sin do Micko. Sin mar gurbh é an ceann é a d’fhág go raibh buaite ag foirne a bhí faoina chúram ar chuile chontae in Éirinn ag tráth éicint ón am ar ghlac sé ceannas ar Chiarraí 34 bliain roimhe.

Cé nach bhfuil an oiread céanna den tír siúlta ag Alan Costello, tá fánaíocht go leor déanta aigesean freisin.

Tar éis dó imirt dá chontae dúchais i ngach grád, thrasnaigh sé an teorainn go Sligeach lena imir sé i gcraobhacha Chonnacht in 2008, 2009 agus in 2010, bliain ina bhfuair sé ainmniúchán All Star.

Ní amháin gur imir sé lena chumann dúchais Maola-An Chora Mhór i gCraobh Mhaigh Eo, d’imir sé freisin i gCraobh na Gaillimhe le hollscoil na cathrach sin, i gCraobh Áth Cliath le Coláiste na hOllscoile agus Naomh Uinsionn (lenar bhuaigh sé Craobh Chlubanna na hÉireann) agus i gCraobh Chill Mhantáin le Éire Óg as na Clocha Liath.

Col ceathracha é féin agus cosantóir Mhaigh Eo, Stephen Coen.

Fág freagra ar 'Duine cruachroíoch a déarfadh go bhfuil siad ag dul thar fóir leis na sceitimíní i gCill Mhantáin'