Duine amháin eile a raibh an coróinvíreas tolgtha aige básaithe, 11 cás nua deimhnithe

2,274 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,727 duine ó dheas den teorainn agus 547 ó thuaidh di

Duine amháin eile a raibh an coróinvíreas tolgtha aige básaithe, 11 cás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil duine amháin eile a raibh an coróinvíreas tolgtha aige básaithe. 

11 cás nua den ghalar a deimhníodh. 

Ní raibh bás aon duine eile de thoradh an ghalair le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus níor deimhníodh ach cás nua amháin ó thuaidh. 

2,274 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,727 duine ó dheas den teorainn agus 547 ó thuaidh di.

30,280 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,405 cás ó dheas den teorainn agus 4,875 cás ó thuaidh di.

Ní raibh aon chás nua le fógairt in aon cheann de na contaetha Gaeltachta. Tá níos mó ná seachtain ann ó aimsíodh cás nua ar bith i nGaillimh, i nDún na nGall ná i gCorcaigh.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, níor fógraíodh aon chás nua i nDún na nGall (464 cás) don 12ú lá as a chéile. Tá 11 lá ann ó fógraíodh cás nua i nGaillimh (485) agus tá ocht lá ann ó fógraíodh cás nua i gCorcaigh (1535).

Tá cúig lá ann ó fógraíodh cás nua i gCiarraí (310) agus ceithre lá ó bhí cás nua le fógairt i Maigh Eo (571). Níor tháinig aon ardú ar líon na gcásanna sa Mhí (808) ná i bPort Láirge (156).

Dúirt an Fhoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) inniu gur daoine faoi 35 bliain an tríú cuid de na daoine ar deimhníodh go raibh an Covid-19 orthu le coicís anuas. Thagair Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, chomh maith don ardú ar an líon cásanna nua i dtíortha eile san Eoraip.

“Baineann 7% de na cásanna a deimhníodh in Éirinn le coicís anuas le cúrsaí taistil. Dúirt NPHET go raibh an-bhaol ann go dtabharfadh daoine a bheadh ag taisteal an galar abhaile leo agus go scaipfeadh sé in athuair sa tír seo.

“Tá rabhadh tugtha ag an ECDC le déanaí nach bhfuil an phaindéim curtha faoi chois. Tá an-dul chun cinn déanta ag Éirinn ó thaobh an Covid-19 a cheansú. Is é an cúram a bheidh orainn anois sna seachtainí seo amach romhainn an dul chun cinn sin a chosaint,” arsa an Dr Holohan.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte go raibh an Covid-19 ag scaipeadh go rábach ar fud an domhain.

“Nuair a fheictear mar atá cúrsaí i dtíortha eile ar fud an domhain ní cóir a bheith réchúiseach. Ní mór a bheith san airdeall i gcónaí ar na contúirtí agus cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí ionad go gcoinneofar daoine slán,” arsa an Dr Ronan Glynn.  

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil an Rialtas chun cinneadh a dhéanamh gur féidir dul ar aghaidh go dtí Céim 3 den phlean díchuibhrithe, a thiocfaidh i bhfeidhm ar an 29 Meitheamh.

Tá an Rialtas chun a mbeannacht a thabhairt chomh maith tráthnóna do mholadh go mbeadh sé éigeantach masc a chaitheamh ar an gcóras iompair phoiblí.

Tá na srianta maidir le taisteal chun na hÉireann á bplé tráthnóna chomh maith. Níl sé i gceist na srianta sin a scaoileadh ach amháin i gcás tíortha eile a bhfuil an galar curtha faoi smacht acu. 

‘Droichid sa aer’ idir Éirinn agus tíortha áirithe eile atá le fógairt ag an Rialtas.

D’fhógair Feidhmeannas Stormont inniu go raibh an treoir maidir leis an scoitheadh sóisialta le laghdú ó dhá mhéadar go dtí méadar amháin agus fógraíodh a thuilleadh dátaí do scaoileadh na srianta.

Fág freagra ar 'Duine amháin eile a raibh an coróinvíreas tolgtha aige básaithe, 11 cás nua deimhnithe'