Droch-chuimhní ar na Pumas le díbirt ag na Gaeil

Tá ár gcomhfhreagraí ag súil le bua eile i sraith na Samhna d’Éirinn i gcoinne na hAirgintíne inniu, ach is mó ná sin atá mé ag súil le patrún imeartha nua ó na Gaeil

Droch-chuimhní ar na Pumas le díbirt ag na Gaeil

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Agus dhá bua in dhá chluiche faighte acu, agus ceann acu siúd i gcoinne iarchuraidh an Domhain, an Afraic Theas, ní hiontas ar bith é gur roghnaigh Joe Schmidt an fhoireann ab fhearr agus ba láidre a bhí ar fáil dó le cur chun páirce don tríú cluiche, an cluiche deiridh i gcomórtas na Samhna.  

Ní hamháin go mbeidh Schmidt ag iarraidh trí bhua as trí chluiche a chinntiú, ach is cinnte freisin go mbeidh sé ag iarraidh deireadh a chur leis an mí-ádh ceart a bhí go minic orainn i gcoinne na hAirgintíne. 

Faoi dhó a chas muid ar na Pumas agus muid ag imirt i réamhbhabhtaí Chorn an Domhain agus bhí an lámh in uachtar acu orainn sa dá chluiche sin.

Ach an oiread linn féin, tá dhá chluiche imeartha ag an Airgintín i gcomórtas na Samhna agus cé gur chaill siad an chéad cheann acu sin i gcoinne Shasana, ní raibh ach trí phointe dhéag eatarthu ar deireadh.

Go deimhin féin, tar éis an chluiche sin, ba mhó an chaint a rinneadh faoi lagiarracht na Sasanach ná sáriarracht na hAirgintíne. Ach níor spáráil na Pumas na hIodálaigh an Satharn seo caite agus iad á n-imirt sa Róimh. Fuair siad dúbailt pointí ina gcoinne siúd (31-15). Is cinnte go gcuirfidh an bua sin agus an rath a bhíodh orthu in aghaidh na nGael le muinín na gcuairteoirí san Aviva an Satharn seo.

I gcás na hÉireann, is fiú a mheabhrú gurb é an cluiche seo an deis deiridh a bheidh ag Joe Schmidt a chéad rogha imreoirí idirnáisiúnta a mheas agus iad faoi bhrú i gcluiche sula dtabharfaidh siad faoi na Francaigh sa mbaile i gComórtas na Sé Náisiún ar an 3ú Feabhra.

Seans dá bhrí sin gurb iad na himreoirí atá Schmidt á chur chun páirce i gcoinne na Pumas a bheas ag imirt i gcoinne na Fraince, mura mbaineann gortú d’imreoir éigin nó mura déanfadh imreoir éigin botún millteanach. Is cinnte go gcuirfidh seo leis an mbrú pearsanta a bheas ar chuid de na himreoirí ach mar sin féin, tá mise ag súil le taispeántas cumasach eile ó na Gaeil. 

Cé go bhfuil mé ag súil le bua eile i gcluiche an lae inniu, is mó ná sin atá mé ag súil le patrún imeartha nua ó na Gaeil, cruthúnas go bhfuil lorg a láimhe fágtha ag Joe Schmidt orthu agus é ag ullmhú na foirne don tSeapáin in 2019.

Fág freagra ar 'Droch-chuimhní ar na Pumas le díbirt ag na Gaeil'