Dlús curtha le prapáil na bhfoirne Gaeltachta do chraobhacha peile na Gaillimhe agus an tarraingt déanta

Tá Naomh Anna, Leitir Móir i ngrúpa deacair sa chraobh shinsir agus an Spidéal agus an Cheathrú Rua ag iarraidh teacht óna ndícháiliú anuraidh

Dlús curtha le prapáil na bhfoirne Gaeltachta do chraobhacha peile na Gaillimhe agus an tarraingt déanta

Tá Naomh Anna, Leitir Móir curtha i ngrúpa le péire de na boic mhóra i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe agus an tarraingt do chomórtas na bliana seo déanta aréir.

Tarraingíodh Naomh Anna, a tháinig slán ó na babhtaí dícháilithe anuraidh, i nGrúpa 1 in éineacht le curaidh 2021, an Creagán-Maigh Locha, agus Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach. Cathair Loistreáin an fhoireann eile atá sa ghrúpa.

Cé go raibh bliain dheacair acu anuraidh, beidh Naomh Anna muiníneach go bhféadfaidh siad teacht slán as an ngrúpa agus torthaí maithe bainte amach acu go dtí seo i mbliana. Chuaigh fir Cheantar na nOileán chomh fada le cluiche ceannais na craoibhe sinsir ag Comórtas Peile na Gaeltachta ag tús na míosa seo.

Tá leagan amach nua ar an gcraobh shinsir i nGaillimh i mbliana agus sé fhoireann déag ag glacadh páirte. Beidh an comórtas leagtha amach mar atá Craobh Peile na hÉireann faoi láthair agus na foirne roinnte idir gceithre ghrúpa agus ceithre fhoireann i ngach ceann.

Rachaidh na trí fhoireann is fearr i chuile ghrúpa ar aghaidh chuig na babhtaí díbeartha. Rachaidh an fhoireann a chríochnaíonn sa gcéad áit díreach ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais agus imreoidh na foirne a chríochnaíonn sa dara agus sa tríú háit i réamhbhabhtaí ceathrú ceannais.

Imreoidh na ceithre fhoireann a chríochnaíonn ag bun na dtáblaí i mbabhtaí leathcheannais dícháilithe agus imreoidh na foirne a chailleann na cluichí sin i gcluiche ceannais dícháilithe, agus rachaidh an fhoireann a chaillfidh an cluiche áirithe sin síos go dtí an grád idirmheánach do 2025.

Tá Maigh Cuilinn, a bhuaigh an chraobh faoi dhó ó 2020, curtha i nGrúpa 2 le Naomh Séamus, an Dún Mór agus seaimpíní na craoibhe idirmheánaí anuraidh, Muine Mheá-an Mhainistir.

Tá cuma dheacair ar Ghrúpa 3 agus curaidh na bliana seo caite, Cora Finne, curtha in aon ghrúpa le Réalta Thuama, Baile Chláir na Gaillimhe agus Uachtar Ard.

Tarraingíodh an fhoireann Ghaeltachta eile sa chraobh shinsir, Bearna, i nGrúpa 4, áit a dtabharfaidh siad aghaidh ar Eanach Cuain, Cill Aithnín agus Baile an Mhuilinn.

Imreofar an chéad bhabhta cluichí i gcraobh na bliana seo ar an deireadh seachtaine, an 4 Lúnasa ach d’fhéadfaí é sin a chur siar coicís go dtí an 18 Lúnasa má théann foireann shinsir peile na Gaillimhe chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann. Imreofar cluiche ceannais na craoibhe sinsir i nGaillimh ar an 27 Deireadh Fómhair.

Trí fhoireann Ghaeltachta atá sa chraobh idirmheánach i nGaillimh i mbliana agus an comórtas sin le tosú ar an lá céanna leis an gcraobh shinsir agus an struchtúr céanna i bhfeidhm.

Tá Oileáin Árann, a bhain na babhtaí leathcheannais amach le dhá bhliain anuas tarraingthe i nGrúpa 1. Tabharfaidh na hoileánaigh aghaidh ar Chill Chonla, an dream a sháraigh iad sna cluichí leathcheannais sin in 2022 agus 2023, sa chéad chluiche. Is iad Naomh Breandán agus an Clochán, dhá chumann ó chaon taobh den chontae, na foirne eile atá i nGrúpa 1.

Ba iad fir an Spidéil an chéad dream a cuireadh i nGrúpa 2 agus an fhoireann ó Chois Fharraige ag iarraidh filleadh ar an gcraobh shinsir ar an gcéad iarracht tar éis dóibh a bheith dícháilithe anuraidh. Cuirfidh an Spidéal tús lena bhfeachtas le cluiche i gcoinne Naomh Gabriel agus cluichí i gcoinne Chora Finne agus Bhaile Liam acu ina dhiaidh sin.

Tá an fhoireann eile a thit ón ngrád sinsir anuraidh, Naomh Micheál, i nGrúpa 3 le hÓrán Mór-Mearaí, Mionlach agus Gleann na Madadh.

Tá foireann eile Chois Fharraige, Micheál Breathnach, i nGrúpa 4 na craoibhe agus iad curtha isteach le foirne ó thuaisceart agus ó oirthear an chontae, Seamróga an Chartúin, Cill Chóirín-Cluain Bheirn agus an Chealtrach.

I bPríomh-Chraobh Shóisir Peile na Gaillimhe, beidh an Cheathrú Rua ag súil le teacht aniar a dhéanamh tar éis dóibh a bheith dícháilithe dhá bhliain as a chéile. Beidh siad san iomaíocht sa chraobh shóisir 1 ar dtús le Carna-Caiseal, an Fhairche, Rinn Mhaoile agus Cumann an Athar Uí Ghríofa/Éire Óg.

Tá bóthar fada roimh na foirne sin más leo ardú céime a bhaint amach. Caithfidh siad craobh an iarthair agus craobh an chontae a bhaint ar dtús agus imirt ansin i gcluiche ceannais eile in aghaidh na bhfoirne a thagann tríd an chraobh shóisir 2, comórtas do na foirne arb iad an dara foireann sa chumann iad.

Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe 2024

Grúpa 1

An Creagán-Maigh Locha
Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach
Cathair Loistreáin
Naomh Anna, Leitir Móir

Grúpa 2

Maigh Cuilinn
An Dún Mór Mhic Éil
Naomh Séamus
Muine Mheá-An Mhainistir

Grúpa 3

Cora Finne
Uachtar Ard
Réalta Thuama
Baile Chláir na Gaillimhe

Grúpa 4

Baile an Mhuilinn
Cill Aithnín
Eanach Cuain
Bearna

 

Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe 2024

Grúpa 1

Cill Chonla
Oileáin Árainn
Naomh Breandán
An Clochán

Grúpa 2

An Spidéal
Naomh Gabriel
Cora Finne
Baile Liam

Grúpa 3

Naomh Micheál
Órán Mór-Mearaí
Mionlach
Gleann na Madadh

Grúpa 4

Seamróga an Chartúin
Cill Chóirín-Cluain Bheirn
An Chealtrach
Mícheál Breathnach

 

Príomh-Chraobh Shóisir Peile na Gaillimhe

Sóisear 1 – Tuaisceart

Áth Cinn
Béal Átha na Sluaighe
Baile Átha an Rí
Cill Fhir Iarainn

Sóisear 1 – Iarthar

Rinn Mhaoile
Cumann an Athar Uí Ghríofa/Éire Óg
An Cheathrú Rua
An Fhairche
Carna-Caiseal

Sóisear 2 – Tuaisceart

Eanach Cuain
Cora Finne
An Creagán-Maigh Locha
Réalta Thuama

Sóisear 2 – Iarthar

Naomh Micheál
Baile Chláir na Gaillimhe
Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach
Bearna
Maigh Cuilinn

Fág freagra ar 'Dlús curtha le prapáil na bhfoirne Gaeltachta do chraobhacha peile na Gaillimhe agus an tarraingt déanta'