Díospóireacht na gceannairí: ‘Keep the recovery going’ an rosc catha a bheidh ag Fianna Fáil agus ‘more to do’ ag Kenny

Agus ceannairí na mórpháirtithe ag tabhairt aghaidhe ar a chéile don uair dheireanach anocht, féachann Tuairisc.ie ar an na riachtanais éagsúla a chaithfidh siad freastal orthu…

Toghchán Strap

14/02/2011. RTE Prime Time Leaders Television Debates. Fine Gael party leader Enda Kenny at RTE studios ahead of tonight's Prime Time three leaders debate. Photo: Sasko Lazarov/RollingNews.ie
Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Enda Kenny – Róghar don oíche oscailte le dul ag útamáil leis an script?

Tá cur chuige Fhine Gael cosúil leis an gcur chuige a bhí ag Fianna Fáil le linn olltoghchán 2002 nuair a tharraing an páirtí sin chucu féin an mana ‘A lot done, more to do’.  An botún a dhein Fine Gael ná go raibh róbhéim ag a bhfeachtas ‘Keep the recovery going’ ar an méid a bhí bainte amach acu agus gan dóthain ann faoin ualach oibre a bhí fós le déanamh.

Míléamh ar mheon an phobail a bhí ann a d’fhág an chuma ar Fhine Gael agus ar an Taoiseach go rabhadar scoite amach ón saol agus nár thuigeadar go bhfuil mórán daoine ann a dtaibhsítear dóibh nach bhfuil aon bhorradh in aon chor ann gan trácht ar cheann ar gá é a choimeád sa tsiúl.

Ach cuimhnigh go raibh mana Fhianna Fáil ina ábhar fonóide ag tráchtairí do chuid mhaith d’fheachtas na bliana 2002.

I 2007, bhí an páirtí céanna i mbaol 20 suíochán a chailliúint agus gan ach seachtain fágtha go dtí lá na vótála. Thug Bertie Ahern an chéad deich lá den fheachtas ag freagairt ceisteanna pearsanta faoi chúrsaí airgid agus tugadh ‘Meltdown Manor’ ar cheannáras toghcháin an pháirtí.

I measc na gcúiseanna le teacht aniar Fhianna Fáil in 2007 bhí bua Ahern sa díospóireacht teilifíse seachtain roimh an toghchán. A chéile comhraic an oíche sin? Enda Kenny.

Agus Kenny anois ina Thaoiseach an deacracht atá aige ná nach bhfuil ach dhá lá fágtha aige chun an plána mín a chur ar a theachtaireacht, nó ábhairín ‘daonnachta’ a chur inti faoi mar a dúirt sé féin ag an deireadh seachtaine.

Bhí seachtain ag Ahern chun an taoide a chasadh i ndiaidh na díospóireachta sin in 2007 agus bhí sé de bhuntáiste aige chomh maith go raibh speach go fóill sa Tíogar Ceilteach agus go raibh sé féin fós i measc na bpolaiteoirí is mó a raibh cion ag an bpobal orthu ó bhunú an stáit. Ní raibh an gean céanna ag an bpobal riamh do Enda Kenny.

Ní mór an fonn chun díospóireachta a bhíonn ar Kenny agus is minic gurb ionann ‘taispeántas maith’ don Taoiseach ag na tráchtairí agus oíche nach ndeineann sé mórán dochair dó féin. Níor leor taispeántas dá leithéid anocht. Tá an t-am ag éalú uaidh agus ní leor ach oiread cos a chur i bhfeac agus cloí leis an script nár éirigh léi go dtí seo.

B’fhéidir go bhfuil sé róghar ar fad don oíche oscailte a bheith ag útamáil an iomarca leis an script chéanna, ach ní foláir do Kenny iarracht a dhéanamh a scéal a chur in oiriúint dóibh siúd a fuair blas an éirí in airde agus na fuarchúise ar a theachtaireacht go nuige seo.

Ní haon dóithín le dul ina bhun é sin, go háirithe do dhuine a bhíonn leachta, neamhanamúil agus ag brath rómhór ar a nótaí cainte agus é i mbun díospóireachta.

Níl aon amhras ach go ndéanfaidh Kenny iarracht an athuair barrthuisle a bhaint as Micheál Martin agus Fianna Fáil ach arís ní foláir dó a bheith cúramach anseo. Ní hé go bhfuil a bpeacaí maite d’Fhianna Fáil ach ní léir go bhfuil an goile céanna ann chun a gcéasta. Tá Kenny ag tarraingt i gcoinne an aird, go háirithe le cúpla lá anuas, agus é dulta i mbun an tsaghais treibheachais a shamhlófá le mionóráid Ard-Fheise seachas le hiompar Taoisigh aimsir toghcháin. Ní mór fogha a thabhairt faoi Fhianna Fáil ach gan an iomarca ama a chaitheamh agus an tseanchúis chéanna á tharraingt anuas aige. Tá dea-scéal áirithe le hinsint i gcónaí aige ach gan scéal madra na n-ocht gcos a dhéanamh de.

14/02/2011. RTE Prime Time Leaders Television Debates. Fianna Fail party leader Micheal Martin speaking at RTE studios ahead of tonight's Prime Time three leaders debate. Photo: Sasko Lazarov/RollingNews.ie
Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Micheál Martin – An ‘revenant’ é féin sa tóir ar na vótaí a tugadh ar iasacht

An ‘revenant’ é féin. In 2011 d’iarr Phil Hogan ar lucht Fhianna Fáil a vótaí a thabhairt ar iasacht d’Fhine Gael agus seans gurb é an teachtaireacht is láidre a bheidh ag Micheál Martin anocht ná go bhfuil sé in am na hiasachtaí a chúiteamh.

Ba ar Martin ba mhó a bhí rath san fheachtas go dtí seo agus an cúram is mó a bheidh anocht air ná clabhsúr a chur ar an margadh agus é féin agus a pháirtí a chur chun tosaigh mar rogha go bhféadfadh duine iontaoibh a bheith aige aisti.

B’shin an plean a bhí ó thús aige agus mheas daoine go raibh an baol ann go bhfágfadh sé a pháirtí ar an trá fholamh agus gan iontu ach scéal thairis i mórscéal an toghcháin. A mhalairt a tharla agus an chuma ar Martin go bhfuil sé istigh leis féin agus é fillte ar ‘chraobh na sinsear’.

Glactar thall is abhus anois leis nach bhfuil aon fhear ar an bhfeadhain inchurtha leis ó thaobh na díospóireachta de.

Ba é ab fhearr i mbun díospóireachta in 2011 chomh maith ach, ar ndóigh, is beag fonn a bhí ar éinne cluas le héisteacht a thabhairt dó an uair sin.

Ait go leor, ba le Martin ba mhó a bhí lé an phobail chomh maith i roinnt mhaith de na pobalbhreitheanna in 2011. B’fhiú do lucht tacaíochta Fhianna Fáil mar sin gan an iomarca airde a thabhairt ar sheasamh a gceannaire i measc an phobail, go háirithe agus gan aon dul chun cinn rómhór déanta ag an bpáirtí féin sna pobalbhreitheanna. Ní bheathaíonn na briathra na bráithre don té atá ag troid go bun an angair don chúigiú suíochán.

Ach níl aon amhras ach go bhfuil gaoth sna seolta ag Fianna Fáil. Go deimhin, ní thógfá ar champa Martin é dá nglacfaidís chucu féin rosc catha an namhad agus iad ag prapáil don oíche anocht – ‘Keep the recovery going’.

I bhfíorthosach an chatha d’éirigh le Martin agus Fianna Fáil síol an amhrais a chur in intinn an phobail gur ‘corónú’ seachas toghchán a theastaigh ó Fhine Gael agus d’fhág an tseift sin a rian ar an bhfeachtas ar fad. Sin an rud a chuir ar a bhoinn feachtas Fhianna Fáil agus ní foláir do Martin dul níos déine fós ar Enda Kenny anocht agus iad beirt sa tóir ar na vótaí a tugadh ar iasacht.

Meabhrófar an athuair do Kenny na botúin atá déanta aige le tamall anuas agus má bhíonn ceannaire Fhianna Fáil os cionn a bhuille d’fhéadfadh sé dul sa bheo ann agus an bhearna idir an dá pháirtí a chúngú a thuilleadh.

Fiú cor cainte cliste amháin a spreagfadh lucht breactha na gceannlínte, d’fhéadfadh sé preab eile a thabhairt do Martin agus a pháirtí agus cuid de na vótaí a tugadh ar iasacht a mhealladh ar ais.

Ar a shon sin is uile, beidh an triúr eile luite amach orthu féin anocht ag iarraidh a mheabhrú don phobal nach leis an gcianarsaíocht a bhaineann an tréimhse dheireanach a bhí ag Fianna Fáil i rialtas.

Seo an deis dheireanach acu siúd Martin a thiomáint chun a aimhleasa agus níor mhór do cheannaire Fhianna Fáil straitéis mhaith chosanta a bheith aige agus ruathair ionsaithe á ndéanamh air ó gach taobh.

14/02/2011. RTE Leaders Television Debates. Sinn Fein leader Gerry Adams speaking at RTE studios ahead of tonight's five leaders debate. Photo: Sasko Lazarov/RollingNews.ie
Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Gerry Adams – Fadhb na bhfigiúirí agus na trí amigos

Drochtheist é ar fheachtas Gerry Adams go mbraithfeá go bhfuil sé níos mó ar a shuaimhneas fiú ag freagairt ceisteanna faoina chaidreamh leis an IRA ná mar atá sé agus ceisteanna faoi chúrsaí eacnamaíochta á gcaitheamh chuige.

Thug sé drochthaispeántas uaidh go háirithe ar chlár Sheán O’Rourke ar RTÉ Raidió a hAon an tseachtain seo caite agus is é an chéad riachtanas a chaithfidh ceannaire Shinn Féin freastal anocht air ná a chur ar a súile don phobal go bhfuil tuiscint aige ar an ngeilleagar agus smacht ar na figiúirí aige.

Dealraíonn sé go bhfuil titim áirithe ar leibhéal tacaíochta Shinn Féin le roinnt laethanta anuas agus seans gurb é an chéad rud a chuirfidh Adams roimhe ná an croívóta a dhaingniú seachas a bheith ag iarraidh fearainn nua a thabhairt ar a pháirtí.

D’éirigh go maith leis sa chéad díospóireacht nuair a thug sé na trí ‘amigos’ ar a chéilí comhraic agus ba chóir dó an straitéis chéanna a chur ag obair anocht. Is é an teachtaireacht a bhí aige an uair sin ná gurb é an t-aon chith amháin a fhliuch iad ar fad agus ba dhóigh leat gurb í sin an argóint is treise atá aige i gcónaí chun dul i bhfeidhm ar an sciar mór den phobal ar léir gur tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh atá uathu.

Bhí Adams riamh ar fheabhas i mbun argóna agus ceisteanna teibí á bplé, ach caithfidh sé a thaispeáint anocht go bhfuil an mianach céanna ann nuair a chaitear fíricí faoi chúrsaí eacnamaíochta i measc na gcos. B’fhéidir gur chun leas cheannaire Shinn Féin a bheadh sé dá gcaithfeadh Kenny agus Martin an chuid is mó den díospóireacht ag ithe a chéile.

26/06/2014. Labour Labour Final Hustings. Candidate for Labour Party Leader Joan Burton talking to the media ahead of the Final Labour Party Hustings which included separate Leader and Deputy Leader debates in the Round Room of the mansion House in Dublin this evening. Photo: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Joan Burton – an rud a bhíonn, bíonn sé?

An rud a bhíonn, bíonn sé.

In ainneoin í a bheith ina Tánaiste agus 33 Teachta Dála ag a páirtí is baolach go bhfuil an cath caillte cheana ag Joan Burton. Is cuma cén beart baothdhána a dhéanfaidh sí anocht dealraíonn sé gur beag ar féidir léi a dhéanamh faoin dtráth seo seachas spreagadh a thabhairt dóibh siúd a bhfuil seans i gcónaí acu ar a suíocháin a choimeád. Agus iad ag seoladh in aghaidh na gaoithe le tamall fada anois míorúilt a bheadh ann dá n-éireodh leis an Tánaiste agus a páirtí malairt cúrsa a thabhairt orthu féin.

B’fhéidir gurb é an t-aon seans atá ag an Tánaiste ná éirí as an sceitse beirte le Enda Kenny agus insint dúinn an athuair faoi conas mar chuir sí an Taoiseach agus Fine Gael trí na húmacha le cúig bliana anuas.

Ba dheacair léamh ar chur chuige Pháirtí an Lucht Oibre go dtí seo, é róleithscéalach uaireanta agus róbhladhmannach uaireanta eile.

Teachtaireacht dhearfach umhal a theastaigh ó Pháirtí an Lucht Oibre, ach fiú an méid san féin b’fhéidir nárbh leor é.

Beidh na ceannairí ar fad ag caitheamh anuas anocht orthu siúd nach mbeidh i láthair agus ní taise do Joan Burton é.

Ar ndóigh, beidh ceannairí na mionpháirtithe agus na hiarrthóirí neamhspleácha ar fad ag súil nach mbeidh mórán anama sa díospóireacht. É sin nó go n-éireoidh an oiread sin d’achrann tuirsiúil idir na ceannairí go dtreiseofar ar an tuairim atá ag cuid mhaith den phobal go bhfuil athrú ó bhonn ag teastáil i saol na polaitíochta in Éirinn.

Fág freagra ar 'Díospóireacht na gceannairí: ‘Keep the recovery going’ an rosc catha a bheidh ag Fianna Fáil agus ‘more to do’ ag Kenny'

  • alan

    ‘dul sa bheo ann’ …………..ar fheabhas ! An-achoimre.

  • alan

    nó FF agus Fg ina gcéilí leapa in ainneoin an bhuaileam-sciath go léir? ‘Cogadh na mbó maol’…..na conspóidí sin ina mbíd ag drannadh le chéile.

  • Seoirsinn Morris

    Bí ag scríobh níos minicí, a Sheán Taidhg!
    Níl do shárú ann.