‘Díomá an domhain’ ar Naomh Abán agus iad tarraingthe amach as Comórtas Peile na Gaeltachta cheal imreoirí

Naomh Columba as Gleann Cholm Cille a thógfaidh áit Naomh Abán i gComórtas Peile na Gaeltachta 2018 agus cinneadh déanta ag an gcumann as Corcaigh gan freastal ar an gcomórtas atá ar siúl sna Dúnaibh deireadh seachtaine na Cincíse

‘Díomá an domhain’ ar Naomh Abán agus iad tarraingthe amach as Comórtas Peile na Gaeltachta cheal imreoirí

Ní bheidh peileadóirí Naomh Abán ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta an mhí seo chugainn agus an fhoireann as Múscraí tarraingthe amach as an gcomórtas.

Easpa imreoirí atá ag cur as d’fhoireann Bhaile Bhuirne agus deir siad go raibh sé  “soiléir le cúpla lá anuas” nach mbeadh dóthain imreoirí acu chun páirt a ghlacadh sa chomórtas, atá á reáchtáil sna Dúnaibh deireadh seachtaine na Cincíse.

“Bhí muid faoi bhrú ón gcéad lá de bharr gortuithe agus imreoirí a bheith imithe,” a deir Cathal Ó Riada, cathaoirleach Naomh Abán.

“Gortaíodh leaid eile an tseachtain seo caite agus tógadh go dtí an t-ospidéal é. Ina dhiaidh sin, bhí orainn an cinneadh a dhéanamh.”

Deir Ó Riada gur cúis mhór díomá é nach mbeidh an cumann páirteach i gComórtas Peile na Gaeltachta i mbliana, go háirithe i bhfianaise stair an chumainn sa gcomórtas Gaeltachta. Reáchtáladh an comórtas náisiúnta i mBaile Bhuirne cúpla bliain ó shin agus tá craobh na sinsear buaite níos minice ag Naomh Abán ná mar atá ag aon fhoireann eile.

“Bíonn muid an-lis don chomórtas de ghnáth,” a deir Ó Riada. “Tá a fhios againn go maith an obair a bhíonn i gceist ó thaobh é a eagrú agus bhí díomá an domhain orm go raibh orm an glaoch a chur le rá nach mbeimis ábalta dul suas i mbliana.

“Bhí an-omá orainn go raibh orainn an cinneadh seo a dhéanamh, ach chaithfimis a bheith réalaíoch chomh maith nuair nach raibh na himreoirí againn.”

Bhí Naomh Abán in ainm is a bheith ag imirt in aghaidh na Rinne i gcluiche ceathrú ceannais na sinsear Dé Sathairn, an 2 Meitheamh, agus is iad Naomh Columba as Gleann Cholm Cille a thógfaidh áit na gCorcaíoch.

Ciallaíonn sé sin go mbeidh trí fhoireann ó Ghaeltacht Dhún na nGall ag glacadh páirte i gcomórtas na sinsear, Gaoth Dobhair, Naomh Conaill agus Naomh Columba.

Fág freagra ar '‘Díomá an domhain’ ar Naomh Abán agus iad tarraingthe amach as Comórtas Peile na Gaeltachta cheal imreoirí'