Díol iontais dom is ea a laghad poiblíochta a fuair lúthchleasaí Leitir Ceanainn, Caitríona Jennnings as ucht curiarracht an domhain a shárú nuair a bhuaigh sí an rása ar a dtugtar ‘The Tunnel Hill 100 Mile’ i ndeisceart Illinois sna Stáit Aontaithe coicís ó shin.
Aon phictiúr amháin féin ní fhaca mé di agus í ag tuirlingt den eitleán a thug abhaile í. Ní hé sin dóibh siúd a thugann abhaile boinn as comórtais idirnáisiúnta eile, ná go deimhin foirne buacacha a fhilleann, mar a chonaic muid níos deireanaí sa tseachtain nuair a tháinig lucht an tsacair abhaile as Búdaipeist
Ná ceap ar feadh soicind go bhfuil mé ina dhiaidh sin orthu siúd, nó go deimhin ar lúthchleasaí ar bith cuma cén spórt a chleachtann siad, ná gur mór liom an tacaíocht a fhaigheann siad ó na comhlachtaí móra a mbíonn fonn orthu a n-ainmneacha a bheith ceangailte leis na gaiscígh.
Feicfidh tú go bhfuil an snámhaí Daniel Wiffen luaite leis an gcomhlacht airgeadais is mó ar domhan; is amhlaidh do na lúthchleasaithe Rhasidat Adeleke agus Ciara Mageean atá luaite le corparáidí ilnáisiúnta iad féin, mar atá Kellie Harrington. Agus a chonách sin orthu.
Tá cuimhne againn ar fad ar iad a fheiceáil ag siúl anuas ón eitleáin a thug abhaile iad agus a gcuid bonn ag lonrú nuair a shiúladar anuas na céimeanna.
Caitríona Jennings?
Cúpla uair an chloig tar éis di 12 uair 37 nóiméad a chaitheamh ag rith an 100 míle sin (160.934km) a thuill an churiarracht dhomhanda di, bhí Caitríona ar eitleán as Chicago go Bleá Cliath, áit a bhfuil cónaí anois uirthi. Thug sí néal léi ar bord agus le breacadh an lae Dé Luain chroch sí léi an rothar agus chuaigh chuig a cuid oibre i lár na cathrach sin.
I dtús na seachtaine seo agus mé i mo ghluaisteán rinne mé féin turas a bhí beagán ar éigean níos faide ná an rása a bhí rite ag Caitríona. Titim i mo chodladh ar an tolg a rinne mé ina dhiaidh.
Ach ar ndóigh, a deir tú, ba i gcábán eitleáin den chéad ghrád a tháinig Caitríona abhaile, cead aici síneadh ó chluas go heireaball agus freastalaithe in aice láimhe a chuir chuile chóir uirthi. Fiú, ach an t-ádh a bheith uirthi, ceann de na meaisíní sin a dhéanann suathaireacht ar do chuid colpaí a bheith ina cathaoir agus ceann eile timpeall a muiníl.
Mo léan!
Ba i ngrád na barainne a thaistil sí. Cé nach raibh aon súil aici leis, bhí sé d’ádh uirthi nárbh é an oiread sin paisinéirí a bhí ar bord agus d’éirigh léi ró a fháil a bhí folamh go ndearna sí lúbán di féin ar na ceithre shuíochán. Ansiúd a lig sí a céad néal thairsti.
Mo ghraidhin go deo í. Tá súil agam anois go bhfaighidh sise í féin deis ó ‘gúrús margaíochta’ na gcomhlachtaí ilnáisiúnta. Nach ag obair ag ceann acu atá sí ó chuimhním air.
Ní fada an t-achar chor ar bith é ó thosaigh mná ag rith i rásaí fadraoin. Go deimhin go dtáinig 1960 ní raibh ar fáil dóibh sna Cluichí Oilimpeacha ach cinn an 100m, 200m agus 400m. Cuireadh an ceann 800m leis sin i Munich i 1972 agus an 1,500m i Montréal ceithre bliana dár gcionn.
“Prior to the 1970’s, women were simply considered too dainty and fragile for distance running” a deir alt a léigh mé in iris Mheiriceánach faoin ábhar.
Ó thús aimsire fir ar fad a bhíodh i mbun na n-eagras lúthchleasaíochta agus fearacht gnéithe eile den saol ina raibh an scéal amhlaidh, ba mhaith an t-achar é sular athraigh sin.
Cé go bhfuil sé ar an taifead gur rith bean a raibh Violet Percy uirthi maratón i 1926, fiú faoin am a dtáinig 1967 ba faoina hinisil ‘K.V. Switzer’ a chláraigh Kathrine Switzer a hainm agus cead iomaíochta á lorg aici i Maratón Bhostúin, faitíos uirthi nach bhfaigheadh sí sin dá mbeadh a fhios go mba bhean a bhí inti.
Bhí cúig bliana eile caite sular ceadaíodh do mhná a dhul ag iomaíocht i maratóin Bhostúin agus Nua-Eabhrac.
Ba i 1979 a tugadh cead reatha dóibh i gCraobh Mharatóin na hÉireann. Bean darbh ainm Jean Folan a bhí in Ollscoil na Gaillimhe le mo linn féin a rinne sin ar an Tulach Mhór, áit a raibh sí sa rása céanna leis na fir. Ócáid thábhachtach ab ea í sin i stair cianrásaíochta na mban sa tír seo.
Ní raibh sé ceadaithe do na mná a dhul thar an 800m nuair a d’fhág Bridget Cushen as Gráig na Manach, ar bhruach Cheatharlach den Bhearú, go ndeachaigh sí ar imirce go Londain i dtús na 1960idí in aois a naoi mbliana déag.
Tá na ceithre scór caite anois aici agus í fós gníomhach i gcúrsaí lúthchleasaíochta – faoi láthair ina rúnaí ar BMAF (Cónaidhm Lúthchleasaíochta na Máistrí sa mBreatain).
Uachtarán na Stát Aontaithe mura miste leat a spreag Cushen chun reatha. Sa mbliain 1963 mhol John F. Kennedy go mba mhór an chabhair do shláinte an phobail dá mbeadh siad in ann 50 míle a dhéanamh de shiúl na gcos.
Ón mbliain 1908 bhíodh a leithéid le déanamh ag oifigigh de chuid Mhuirshaighdiúirí na Stát Aontaithe sula ndéantaí iad a choimisiúnú.
Leath an faisean ar fud na cruinne agus socraíodh sa gcomhlacht ina raibh Bridget Cushen ag obair go dtabharfadh na hoibrithe faoi shiúl as Londain go Brighton. Beirt acu a shroich ceann cúrsa – Bridget ar dhuine acu.
Dá bharr, chuaigh sí isteach i gclub lúthchleasaíochta i Wimbledon a bhí sásta níos mó tacaíochta a thabhairt do mhná ná mar a bhí clubanna eile.
Ansiúd ceadaíodh di a bheith san iomaíocht i rása 3,000m na bhfear sa gclub féin. Nuair a thoiligh an eagraíocht náisiúnta lúthchleasaíochta craobh a chur ar bun do na mná i 1968 ba í a bhuaigh Craobh na Breataine agus sháraigh sí an churiarracht nuair a rinne sí amhlaidh arís i 1970.
Mar a rinne Kathrine Switzer i mBostún cúpla bliain roimhe sin, ba iad na hinisil a d’úsáid Cushen agus í ag cur isteach ar rása maratóin a eagraíodh i Harlow beagáinín ó thuaidh de Londain i 1973.
Nuair a shroich sí ceann cúrsa, bhí sé le rá aici go mba í ba thúisce de mhná na hÉireann a bhí páirteach ina leithéid de rása.
Chaith Bridget Cushen geansaí na hÉireann i gcomórtais idirnáisiúnta go leor agus bhíodh san iomaíocht i gCraobhacha na Máistrí i Sasana agus san Eoraip go dtí le gairid.
Fág freagra ar 'Cúpla uair an chloig tar éis di 100 míle a rith in Illinois, bhí Caitríona Jennings ar ais ag obair i mBleá Cliath'