Díchéillí ag Simon Harris gan an deis a thapú toghchán luath a fhógairt

Is deacair a shamhlú go mbeadh am níos oiriúnaí ná seo don rialtas le dul os comhair an phobail

Díchéillí ag Simon Harris gan an deis a thapú toghchán luath a fhógairt

Fillfidh an Dáil ar an obair inniu (Dé Céadaoin) agus níl amhras ar bith ach gur ceist amháin atá ag déanamh tinnis do na polaiteoirí. Cé mhéad ama a bheidh siad in ann a chaitheamh ag stocaireacht agus ag obair lena suíocháin a choinneáil san olltoghchán?

Ainneoin a bhfuil ráite ag an Taoiseach agus ag an Tánaiste le roinnt laethanta faoi cén uair a reáchtálfar olltoghchán, tá na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí ar fad ag díriú ar an bhfeachtas – tá na bróga compordacha faoi réir don chanbhasáil agus na ráitis réidh le seoladh ag na meáin áitiúla in iarracht aird a tharraingt orthu féin.

Dúirt an Tánaiste le toscairí Fhianna Fáil ag a gcruinniú réamh-Dhála éirí as an bhfeachtasaíocht agus díriú ar an obair atá le déanamh san Oireachtas. Tá obair mhór le déanamh le reachtaíocht a rith sula scortar an Dáil agus tá cáinaisnéis le cur i gcrích. Agus thar aon ní eile tá an tsíocháin idir na páirtithe rialtais le caomhnú ionas go mbeidh deis ag an rialtas an dáta toghcháin is ansa leo a fhógairt seachas toghchán a bheith ag tarlú trí thimpiste de bharr aighnis idir páirtithe rialtais. Tharla sé cheana.

Go dtí an tseachtain seo bhí réiteach ar bun sna meáin agus i measc polaiteoirí áirithe do thoghchán ar an 15 Samhain. Tá sé ráite go soiléir an tseachtain seo ag Mícheál Martin gur í mí Feabhra ab ansa leis féin. Dúirt na Glasaigh riamh gur theastaigh uathu fanacht go mbeadh téarma an rialtais thart sula bhfógrófaí olltoghchán.

Is í an cheist atá á cur ná cén díth céille atá ar Simon Harris nach bhfuil sé ar bís le toghchán a fhógairt. Tá Fine Gael ag dul ó neart go neart sna pobalbhreitheanna agus tá ag éirí thar barr leis féin go pearsanta mar Thaoiseach. Tá Fianna Fáil agus Sinn Féin gob ar ghob lena chéile agus ag faire a chéile, rud a thugann tuilleadh armlóin d’Fhine Gael le cur síos orthu féin mar pháirtí na buanseasmhachta. Cinnte, tá go leor dá gcuid Teachtaí ag éirí as ach beidh go leor Teachtaí nua as gach uile pháirtí á dtoghadh sa gcéad Dáil eile. An amhlaidh go bhfuil imní ar Harris go dtarlóidh an rud céanna dó a tharla do Theresa May sa mBreatain in 2017 nuair nár éirigh léi an móramh a bhí á thuar ag na pobalbhreitheanna a bhaint amach?

Is deacair a shamhlú go mbeadh am níos oiriúnaí ná seo don rialtas le dul os comhair an phobail. Tá buiséad romhainn faoi cheann coicíse a bheidh fial flaithiúil linn ar fad is cosúil. Tá Fine Gael chun cinn sna pobalbhreitheanna agus tóir ar leith orthu faoin tuath. Tá Fianna Fáil seasmhach go maith ach níl siad ag brú chun cinn mar ba mhaith leo. Tá Sinn Féin trína chéile agus díol suntais a laghad fáilte atá curtha roimh na polasaithe uaillmhianacha atá á bhfoilsiú acu.

An mbeidh deis níos fearr ann do Simon Harris? Cuireadh an cheist sin go minic i dTeach Laighean an tseachtain seo agus cuirfear arís í go dtí go bhfógrófar dáta. Meas tú nach mbeidh corrdhuine á rá leis féin chomh maith – ‘is díchéillí an fear thú, a Simon, ba chóir duit an deis a thapú’.

Fág freagra ar 'Díchéillí ag Simon Harris gan an deis a thapú toghchán luath a fhógairt'