Tá an-chaint na laethanta seo faoi dhaoine atá amach sna blianta agus iad ag cuartú oibre nó ar tí seasamh i dtoghchán – leithéidí Joe Biden agus Donald Trump, mar shampla.
Beidh Joe Biden sna hochtóidí má sheasann sé den dara huair le haghaidh Uachtaránacht Mheiriceá.
Scór bliain ó shin agus í ar thairseach na ceithre scór, bhí Úna, máthair cara liom, ag smaoineamh ar chúrsaí oibre chomh maith. Ag an am sin bhí siopa, teach tábhairne agus teach tórraimh faona cúram aici. Ach ní raibh sí ag smaoineamh ar éirí as, ná baol air. D’fhiosraigh sí faoin bpinsean ach fuair sí amach nach raibh sí i dteideal pinsean Stáit. Ní raibh aon phinsean aici féin, agus mar sin choinnigh sí uirthi ag obair.
In aois a 92, chuaigh an teach agus an gnó trí thine agus chaill sí chuile rud in aon oíche amháin. Ach mar a dúirt sí féin tar éis na tubaiste, ‘Níor gortaíodh mé agus ina dhiaidh sin, choinnigh mé orm.’
Agus í ar ais ag obair sa siopa, ag 93 bliain d’aois, bhí sí lá ar bharr dréimire ag iarraidh bosca brioscán a tharraingt anuas. Sciorr an dréimire agus thit sí ina cnap ar an urlár. Nuair a tugadh ag an seomra éigeandála san ospidéal í, agus foirm le líonadh faoin gcúis a bhí leis an timpiste, d’iarr sí go gcuirfí ‘work-related incident’ sa mbosca cuí.
Bhí an-díomá uirthi faon bpinsean, áfach. Ní hé go raibh sí ag iarraidh mórán, ná ní hé go raibh sí ag ‘éirí as’, ach ghoill sé uirthi go rabhthas ag déanamh neamhaird di.
‘Bheinn sásta le euro sa tseachtain, ach go dtabharfaidís aird orm,’ dúirt sí.
B’éigean di cuairt eile a thabhairt ar an seomra éigeandála ina dhiaidh sin. Nuair a fuair sí boladh bréan ón mbosca bruscair mór dubh, d’fhéach sí isteach agus thug faoi deara go raibh rud éigin ag dó ann.
Líon sí an bin mór le huisce ón bpíopa taobh amuigh ach thit an clúdach anuas ar a cloigeann. Ba bheag nár baineadh an craiceann dá ceann. Dhá lá san ospidéal agus 27 greim. Nuair a scaoileadh amach í bhí an scéal ag dul timpeall gur ag spraoi leis an ngarchlann a bhí sí agus í ag dul i bhfolach sa mbosca bruscair.
Chreid gach éinne ar an mbaile é.
Ach ba í an tine mhór a d’fhág í blianta ina dhiaidh sin, gan pas, gan teastas breithe, gan dintiúirí ar bith agus b’éigean do mo chara – a hiníon – cabhrú léi le foirmeacha a líonadh agus a leithéid.
Cé nár aithin an Stát í i gcomhair an phinsin, bhí aitheantas eile le fáil aici. Agus í ar tí céad bliain a bhaint amach, bheadh seic ag teacht chuici ón Uachtarán.
Bhí sé ag dul rite le mo chara an teastas breithe a aimsiú di. Ansin, fuair sí amach go raibh sloinne gan ‘O’ ar an gclann i bhfad siar agus gur shleamhnaigh an ‘O’ isteach am éigin. B’éigean do mo chara beagáinín obair bhleachtaireachta a dhéanamh.
Tugadh cuairt ar an deirfiúr atá níos sine. Agus í in aois a 103 bliain, tá Aintín Bríd le bliain anuas i dteach altranais.
‘Tá a fhios agamsa cá as a dtáinig an ‘O’ sin,’ a d’fhógair sí.
‘Bhí éirí in airde uafásach ag baint le Mamaí s’againne. Thug sí faoi deara go raibh ‘O’ roimh a sloinne ag na comharsana agus chinn sí an t-ainm a athrú le go mbeadh cuma níos ‘galánta’ air.’ Agus bhí ‘O’ orthu riamh ó shin.
Agus cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an aintín sa teach altranais? Go maith, ach amháin go mbíonn fonn ar an bhfoireann oibre í a ghléasadh i gcomhair na hoíche ag thart ar 6.30 tráthnóna.
‘Tá sin i bhfad róluath don chulaith oíche,’ a dúirt sí. ‘Níl sé go maith don intinn.’ Ansin smaoinigh sí ar feadh meandair. ‘Ach b’fhéidir go ngabhfainn leath bealaigh leo…’
Thart ar an am céanna, thug mo chara faoi deara go raibh beagán giorra anála ag teacht ar a máthair agus iad amuigh ag siúl (cuimhnigh gur gearr go sroichfidh sí an 100 bliain). Tháinig sí ar sheift – gheobhadh sí cathaoir rothaí di. Chuaigh an mháthair le báiní.
‘Ní cheapann tú go mbeidh mise ag dul amach go poiblí inti sin,’ bhéic sí.
Chuir mo chara ar a súile di nach mbeidís ag dul ar cuairteanna deasa chuig bailte eile, ná chuig páirceanna poiblí, mura mbeadh sí in ann cabhair den chineál sin a fháil di.
Ar deireadh, ghéill an mháthair. An fhad is nach bhfeicfeadh na comharsana í. Mar sin, aon áit eile seachas a baile beag tuaithe féin.
‘O there’s Mrs McGovern!’
Chuala sí guth duine de na comharsana ag teacht amach as teach tábhairne agus iad ar cuairt ar bhaile eile sa gcontae. Thug sí na bonnachaí léi lena máthair agus an chathair rothaí sula dtarlódh aon chaint eile.
Tar éis gach ar tharla di, an tine, an easpa pinsin, an timpiste leis an mbosca bruscair, ba é an rud ba mhó a ghoill uirthi le blianta beaga anuas ná an rud a tharla le linn Covid.
Ní bhfuair sí an víreas – tháinig sí tríd slán, sábháilte. B’éigean di an gnó a dhúnadh agus éirí as an obair ar feadh tréimhse agus nuair a d’fhill sí bhí gach rud athraithe. Níorbh iad na custaiméirí geanúla céanna ón seansaol a bhí ann níos mó agus níor aithin sí duine ar bith sa siopa.
Ach níorbh é sin an chloch ba mhó ar a paidrín. Ghoill sé go mór uirthi nach bhfuair sí an íocaíocht PUP. Nach mb’éigean di éirí as an obair? Nach raibh sise an oiread céanna i dteideal na híocaíochta agus a bhí gasúir óga a bhí ina mic léinn agus iad ag obair?
Tháinig oifigeach ón Roinn Coimirce Sóisialaí chuici le gairid. (Mheas mo chara go raibh siad ag déanamh cinnte de go raibh a máthair fós beo.) Agus ar ndóigh bhí an dea-scéala aici go mbeadh Úna ag fáil seic ón Uachtarán.
Ach ní shásódh tada í ach an chasaoid a dhéanamh faoi nach bhfuair sí an PUP.
Leath an dá shúil ar an Oifigeach ón Roinn. ‘Ach a Úna,’ a mhínigh sí go cineálta, ‘níor sheas an íocaíocht sin ach suas go dtí 65 bliain, nuair a d’éireodh duine as an obair. B’in 35 bliain ó shin.’
Má fheiceann éinne cathaoir rothaí ag dul faoi luas isteach doras na Roinne ceann de na laethanta, beidh a fhios agaibh cé a bheas ann.
Fág freagra ar 'D’iarr sí go gcuirfí ‘work-related incident’ sa mbosca cuí – bhí sí 93 bliain'