Beidh sé dian ar aon fhoireann na Déise a bhualadh i mbliana

Féachann ár gcolúnaí siar ar bhua na nDéise an Domhnach seo caite agus fiafraíonn an bhfuil tuilleadh gradam i ndán don fhoireann seo

Pictiúr: ©INPHO/James Crombie
Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Thug na Déise an chéad duais iomána i mbliana abhaile leo an Domhnach seo caite. Agus cad é mar mholadh atá tuillte acu. Bhíodar thar barr i bPáirc Semple mar a bhíodar i ngach cluiche ó bhuadar cluiche cinniúnach Roinn 1b i bPáirc Loch Garman i gcoinne na foirne baile ag deireadh mhí Márta. 

An Domhnach seo caite bhíodar níos fearr ná Corcaigh i mbeagnach gach áit ar an bpáirc. Agus ná bí ag ceapadh go raibh Corcaigh ag coimeád rud éigin siar don chluiche craoibhe a bheidh eatharthu i gceann míosa. Ní raibh ná baol air. Chuaigh Corcaigh chun páirce leis an bhfoireann is láidre a bhí ar fáil acu. Ní fhéadfá a rá go raibh aon imreoir fíorthábhachtach nach raibh ann. Bhíodar go hainnis ó thús deireadh mar níor thug imreoirí na nDéise aon deis dóibh greim a fháil ar an gcluiche.

I gcás Phort Láirge, bhuadar beagnach gach cath pearsanta. Bhí Stephen O’Keefe ar fheabhas arís sa chúl. Bhí na cúlaithe mar an gcéanna. Deirtear go mbuann tosaithe cluichí ach go mbuann cúlaithe na coirn agus nach fíor an ráiteas sin. Rinne siad cosaint chróga thomhaiste agus níor ghéill siad mórán pocanna saora, rud a bhí thar a bheith tábhachtach agus leithéidí Patrick Horgan ar na pucanna céanna do Chorcaigh. Níor ghéill Tadhg dé Búrca mórán d’iarrachthaí Shéamus Harnedy (an tosaí is dainséaraí ag Corcaigh) agus bhí Austin Gleeson ar fheabhas taobh leis. Cad é mar chúilín inspioráideach a scóráil sé ón taobhlíne i ndiaidh ruathar iontach, gan bheith ag caint ar an mbuille taobhlíne a chur sé idir na postaí. Bhuadar i lár na páirce agus den dara huair i gcluiche mór, baineadh an Corcaíoch Aidan Walsh den bpáirc roimh dheireadh an chluiche.

Cad is féidir a rá faoin gcaptaen Kevin Moran nach bhfuil ráite cheana féin? Is é Cúchulainn na foirne é. Is ceannaire é a dhéanann ‘a chuid cainte’ ar pháirc na himeartha. Le tamall anois, tá sé ag caitheamh geansaí uimhir a deich, ach, dála an chuid is mó d’imreoirí na Déise, níl cúinne den pháirc nach mbíonn sé ann nuair a theastaíonn sin. Tá obair na gcapall á dhéanamh aige i mbliana agus tionchar an-mhór aige ar an dul chun cinn suntasach atá á dhéanamh acu.

Luaigh mé Pádraig Mahony an tseachtain seo caite agus an tábhacht a bhaineann leis agus é ag tógaint na bpocanna saora. Bhí sé thar barr arís. Ní bhuaitear aon chraobh ag aon leibhéal gan imreoir ar na pocanna saora atá ábalta céadatán ard a scóráil i ngach cluiche. Tá Pádraig ábalta é sin a dhéanamh agus rinne sé arís é ar an nDomhnach.

Dar ndóigh, rinne gach tosaí a chuid féin den imirt mar a rinne na hionadaithe a tháinig isteach. 

Agus cad é mar mholadh atá tuillte ag an mbainistíocht faoi stiúir Derek McGrath. Níl aon dabht ach go bhfuil éacht déanta acu. 

Ach tosnóidh an séasúr i gceart sara i bhfad agus bí cinnte de go mbeidh iománaithe Phort Láirge i lár an aonaigh an uair sin.

Rachaidh sé dian ar aon fhoireann iad a bhualadh má leanann siad ag imirt an dianchórais sin a bhfuil géire na hiomaíochta mar chroílár aige.

Ach céard faoi Chorcaigh? Tá sliabh le dreapadh acu ach ná bígí ag scríobh na bhfógraí báis fós.

Fág freagra ar 'Beidh sé dian ar aon fhoireann na Déise a bhualadh i mbliana'