Dhún sí an oifig bheag ticéad agus d’fhógair – ‘I’m finished’. Siar linn ar ráillí na smaointe…

Bhí scéal na traenach óna hóige dearmadta ag ár gcolúnaí nó gur thug sí chun cuimhne arís é an tseachtain seo caite agus í i mbun taighde do scéal teilifíse

Dhún sí an oifig bheag ticéad agus d’fhógair – ‘I’m finished’. Siar linn ar ráillí na smaointe…

Ceann de na chéad chuimhní atá agamsa ná mo mháthair do m’ardú suas chun an traein a fheiceáil agus í ar a bealach gach maidin go Stáisiún Chill Fraoigh. Bhí radharc againn uirthi óna seomra thuas staighre sa seanteach i mBealach a’ Doirín.

Agus nuair a chloisfeá an traein bhíodh a fhios agat ar an bpointe cén t-am den lá a bhí ann.

Is deacair a shamhlú anois, ach beagnach 60 bliain ó shin bhí tú in ann taisteal ó bhailte beaga tuaithe go Baile Átha Cliath, an bealach ar fad ar an traein. I mBealach an Doirín chuaigh an traein ceithre huaire sa lá ar an líne craoibhe go Cill Fraoigh, áit a ndearna sí ceangal leis an bpríomhthraein ó Shligeach.

Bhí scéal na traenach dearmadta agam gur thug mé chun cuimhne arís é an tseachtain seo caite agus mé i mbun taighde do scéal teilifíse. Beidh an scéal sin agam daoibh go luath, ach ar ais ar an traein linn go fóill go dtí an áit a dtagann an scéim ‘Fís’ do bhunscoileanna isteach sa scéal.

Scéim í seo faoina ndéanann ranganna bunscoile fístéip nó gearrscannán. Sa mbliain 2009, rinne an bhunscoil i Mainistir Aodáin, Scoil Naomh Aodán, gearrscannán dar teideal The Train agus bhuaigh siad ceann de na duaiseanna sa chomórtas leis.

D’fhéach mé air an bhliain sin ach caithfidh sé nach raibh m’aird go hiomlán air toisc nár chuimhnigh mé ar leath de na rudaí ba shuimiúla faoin scannán. An uair seo thug mé faoi deara an méid den stair áitiúil a bhí ann, líon na gcarachtar spéisiúil a taispeánadh agus na scéalta barrúla a d’inis siad.

Ní raibh ach 15 ciliméadar d’iarnród idir Bealach an Doirín agus Cill Fraoigh ach thógadh an turas 32 nóiméad i dtreo amháin agus 40 nóiméad sa treo eile (bhí fána ann). Bhíodh dhá ‘stad’ ar an turas 15 ciliméadar sin, i mBaile Éamoinn agus in ‘Island Road’. Ba í mo sheanaintín Annie Plunkett a bhí i bhfeighil an ‘stad’ in Island Road – ba gharda ar an traein é a fear céile, Chris.

Chuir na páistí scoile agallamh ar go leor daoine a raibh cuimhní acu faoin traein. D’inis bean amháin faoin bhfear a chuaigh go Bealach an Doirín lena chapall ach a tháinig ar ais, tar éis tamall a chaitheamh sa bpub – ar an traein. ‘Nach raibh capall agatsa ar maidin ag dul go dtí an baile mór?’ fiafraíodh de. B’éigean dó filleadh ar an gcéad traein eile chun a chapall a bhailiú.

D’inis bean eile, a bhí i bhfeighil an staid i mBaile Éamoinn, faoin imní ba mhó a bhíodh orthu – go marófaí na cearca. Rud a tharla go minic, nuair a rinneadh dearmad go raibh an traein ag teacht an bealach.

In 1874 a osclaíodh an líne thraenach seo agus dúnadh ar fad í ar an 2  Feabhra 1963. Ócáid mhór a bhí ann nuair a dúnadh an líne thraenach. Chuaigh gach mac máthar, mé féin ina measc, ar an turas cáiliúil traenach sin. Bhíomar ag ceiliúradh lá breithe mo dheirfíre Anne, an lá úd. Is cuimhin liom gur bhuail an garda traenach clabhta éadrom orm lena bhratach uaine, nuair a chrom mé mo cheann rófhada amach as fuinneog na traenach.

Ag féachaint dom ar an seanscannán a rinne an dlíodóir áitiúil an lá sin, feictear dom go bhfuil chuile dhuine ar an traein ag crochadh amach as na fuinneoga.

I measc na ndaoine ar cuireadh agallamh orthu le haghaidh an scannáin bhí duine de na daoine ba mhó cáil i mBealach an Doirín, Annie Towey. Mhair sí go raibh céad bliain slánaithe aici agus níl sí ach cúpla bliain imithe ar shlí na fírinne. Ach rinne sí agallamh breá  leis na gasúir scoile in 2009 ag cur síos ar an gcaifé agus an siopa a bhí aici ar Bhóthar an Stáisiúin. Ar nós cuid eile de na cainteoirí chonaic Annie go leor leor daoine a d’imigh ar an traein agus nár fhill ar ais riamh. Bhí an saol crua sna 1940idí agus sna 50idí.

Taispeánadh sa scannán an sneachta mór i 1947. Bhí sé sách dona ar na sráideanna ach bhí an bóthar iarainn imithe as amharc ar fad. Chuaigh 15 fear amach chun an líne a ghlanadh le sluaiste – is léir ó na pictiúir nach raibh fiú amháin lámhainní féin orthu.

Murach an tsuim a léirigh an múinteoir i Mainistir Aodáin sa scéim Fís ní bheadh an tseoid luachmhar staire seo againn. Agus murach gur thug an dlíodóir Dermot Neilan seanscannán a athar don scoil, ní bheadh an taifead luachmhar sin den traein agus den sneachta againn.

Dhíol m’aintín Annie an ticéad deireanach don traein ó Island Road an lá sin an 2 Feabhra. Mar ba ghnách, phriontáil sí an dáta ar an ticéad leis an meaisín a n-athraítí an dáta air gach lá. Dhíol sí an ticéad le Goosey Moran.

Ansin dhún sí an oifig bheag ticéad agus d’fhógair: ‘I’m finished’.

‘I thought it was a great spake,’ a dúirt a mac Chris in 2009.

Fág freagra ar 'Dhún sí an oifig bheag ticéad agus d’fhógair – ‘I’m finished’. Siar linn ar ráillí na smaointe…'