Dhéanfadh sé ár leas tús a chur le teagasc léann an iarchoilíneachais sna bunscoileanna

Meabhrú ar thábhacht an oideachais é ‘An Peann is a bhfuil ann' le Gearóid Denvir, áit a gcíortar bunbhrí an fhocail ‘educare’ agus ‘cruinneshamhail’ na Gaeilge

Dhéanfadh sé ár leas tús a chur le teagasc léann an iarchoilíneachais sna bunscoileanna

Ba i dtreo dheireadh na haoise seo caite a céadfhoilsíodh Litríocht agus Pobal, le Gearóid Denvir, cnuasach d’aistí breátha a fheileann go binn don ghnáthdhuine neamhacadúil, ach atá lán saibhris agus doimhneachta mar sin féin. 

Macalla ar chuid den ábhar sin is ea an leabhar is deireanaí leis, An Peann is a bhfuil ann, leabhar tanaí ach leabhar a bhfuil a oiread doimhneachta ag baint leis is a bhain lena réamhtheachtaí. 

Díol suntais a bhfuil ráite ag an mBaile Átha Cliathach faoi chúrsaí oideachais in An Peann is a bhfuil ann. Ainneoin na tráchtaireachta diúltaí ar fad faoin scolaíocht a chuirtear ar dhaoine óga, ‘roinneann dea-mhúinteoirí iad féin, a nduineatacht, agus a mianach inmheánach daonna féin, lena gcuid scoláirí’. 

B’fhurasta díriú ar na ‘fadhbanna tromchúiseacha sochaíocha’ agus ar ‘éigeantas marfach an chórais scrúduithe’, a deir an t-údar, ach ainneoin an méid sin ar fad agus ainneoin deacrachtaí pearsanta scoláirí, tá ‘aos óg na tíre seo á dtreorú amach astu féin – bunbhrí an fhocail ‘oideachas’, educare – ar bhealach forásach a dhéanfas daoine fiúntacha daonna agus saoránaigh mhaithe díobh san am atá le teacht. Agus tá sé seo ag tarlú mar mhionmhíorúilt laethúil i seomraí ranga agus i scoileanna na tíre seo lá i ndiaidh lae.’

Is ionann an t-oideachas, dar leis, agus ‘gaois dhuineata atá le roinnt le cion, le hurraim agus le meas’, ráiteas a chuir i gcuimhne dom an méid a dúirt Áine Ní Chonghaile le gairid faoi aos óg na Gaeltachta a mhisniú. Mo thuairim féin go ndéanfadh sé ár leas tús a chur le modúl ar léann an iarchoilíneachais (postcolonial studies) i mbunscoileanna na tíre seo agus saothair le leithéidí Ngúgí wa Thiong’o, Edward Said agus Albert Memmi a bheith mar chuid den mhodúl sin. Gob ar ghob leis sin, mholfainn go léifí a leithéid de shaothair agus na bunsuáilcí thuasluaite i gcúl ár gcinn againn, d’fhonn a chinntiú nach mbainfí míbhrí nó míúsáid as na saothair sin le naimhdeas a chothú. 

Ach an chothromaíocht sin a bhaint amach, d’fhéadfaí mórtas cine a athmhúscailt ar leith amháin, ach filleadh ar an méid atá i bpáirt againn lena chéile mar dhaoine – beag beann ar theanga nó ar chine – ar leith eile. Athmhúnlú intinn agus croí mhuintir na hÉireann a theastaíonn, sa tslí is go dtaibhseofaí dóibh gur údar bróid a dteanga féin agus gur fiú í a chaomhnú. Is le gasúir a chaithfear tosú ar an athmhúnlú sin, óir is orthu atá dán na tíre ag brath.

Faoi mar a deir Gearóid Denvir agus scríbhinní Kahlil Gibran á dtabhairt chun cuimhne aige, ní fhógraíonn an dea-mhúinteoir ort ‘dul isteach i dteach na gaoise’ ina theannta, ‘ach ina leaba sin, déanann sé thú a thionlacan chuig tairseach d’aigne féin’, áit a soilsítear duit an ní a bhí ‘ag brúchtadh i mbreacadh do chuid feasa féin’ cheana.

Is féidir An Peann is bhfuil ann a ordú anseo.

Fág freagra ar 'Dhéanfadh sé ár leas tús a chur le teagasc léann an iarchoilíneachais sna bunscoileanna'