Dhá rud is gá d’eagraíochtaí Gaeilge a dhéanamh in 2020: feachtas cúirtéise a thosú in éineacht le lucht labhartha teangacha eile, agus tús áite a thabhairt do phobal na Gaeltachta
Faoi mar atá ráite agam ar an suíomh seo cheana, ó tháinig ann don Saorstát, níor tugadh aon rogha do phobal na Gaeltachta riamh a gcuid gnóthaí a dhéanamh leis an Stát ina rogha teanga. Dhiúltaigh an Stát é sin a dhéanamh dóibh.
‘Ní bhíonn dlí ar an riachtanas’ a deirtear, agus d’fhág faillí seo an Stáit gurbh éigean do phobal na Gaeltachta an Béarla a fhoghlaim.
Cé nach drochrud ann féin an Béarla ná an dátheangachas, tá sé iomlán fimíneach, i bhfianaise na staire thuas, go ndéarfadh tráchtairí frith-Ghaeilge faoi phobal na Gaeltachta anois ‘go bhfuil Béarla acu ar aon nós’, nuair is é an meon is bun lena leithéid d’áiteamh is cúis leis an iachall a cuireadh ar mhuintir na Gaeltachta an Béarla a fhoghlaim ina dtír féin sa chéad áit.
Bíodh sin mar atá, is i ngleic le hainbhiosáin aineolacha atáimid i gcónaí agus an cheist á plé sna meáin Bhéarla.
‘Ní mhealltar an sionnach faoi dhó’ a deir an seanfhocal. A mhalairt de scéal atá ann i gcás Ivan Yates, is dealraitheach, a thuigeann go rímhaith má ligtear leis pobal mionteanga a chlúmhilleadh uair amháin, gur féidir leis leanúint air ag tarraingt droch-cháil anuas ar an bpobal céanna, beag beann ar chúirtéis ná ar dhlí.
Luaim cúirtéis mar gur dóigh liom, ar bhonn cultúir, gur gá d’eagraíochtaí Gaeilge agus do phobal na Gaeilge an tsuáilce sin a chur chun cinn i measc mhórphobal na hÉireann anois, agus gur cheart feachtas a thosú ar na meáin shóisialta chun an méid sin a bhaint amach.
Ar chúiseanna nach dtuigim – seachas an tseanargóint lochtach thuasluaite – níl éirithe linn coincheap na gceart teanga a ‘dhíol’. Léiriú ar an teip sin is ea a mhinice a chuirtear uaschamógaí timpeall an fhocail ‘cearta’ agus ceist na teanga á plé ag tráchtairí frith-Ghaeilge ar nuachtáin Bhéarla sa tír seo.
An té a thabharfadh a rogha ainm ar phobal na Gaeilge, áfach, ba leasc leis friotal den chineál céanna a úsáid agus pobal teanga eile i gceist aige.
Más mar sin atá, is gá d’eagraíochtaí Gaeilge cur le chéile le lucht labhartha teangacha eile in Éirinn agus an Ghaeilge a chur chun cinn mar chuid den ilteangachas. Arís ar ais, sílim gur ghá tosú leis an gcúirtéis mar bhunsuáilce sa bhfeachtas sin.
Léiriú ar an pathologie a bhfuiltear i ngleic léi sa tír seo is ea an méid a thug an t-iarChoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, chun solais roinnt blianta ó shin.
Mhínigh sé gur thug aire rialtais rialacháin nua isteach sa bhliain 1928 faoina dtabharfaí trí bliana do Státseirbhísigh an Ghaeilge a fhoghlaim, sa chás gur sa Ghaeltacht a bheidís le lonnú.
Ní hamháin nár cuireadh aon chuid de na rialacháin teanga sin i bhfeidhm riamh, ach gach uair dá raibh an spriocdháta do thosú na rialachán ag teannadh leis an rialtas, síníodh ordú chun an dáta tosaithe a chur ar athló, ar feadh sé mhí nó ar feadh bliana.
Tharla sé seo ar a laghad ceithre huaire agus leathchéad idir 1928 agus 1966, tráth ar cuireadh deireadh ar fad leis os íseal.
Ag labhairt di níos túisce i mbliana, dúirt an tOllamh Margaret Kelleher, údar The Maam Trasna Murders, go bhfuil 612,018 duine in Éirinn a labhraíonn teanga eile seachas an Béarla nó an Ghaeilge. Lena chois sin, tá 86,068 duine ina gcónaí sa tír nach bhfuil Béarla ‘in aon chor’ [‘not at all’] acu nó nach labhraíonn go maith é [‘not well’].
Rinne sí cur síos ar na daoine sin mar ‘sliocht Mhaolra Seoighe ar bhonn cultúir’ nó ‘the cultural ancestors of Maolra Seoige’.
Baineadh seirbhís an ateangaire de Mhaolra Seoige nuair a d’fhiafraigh an t-ateangaire de ar thuig sé é. ‘An dtuigeann tú mé?’ arsa an fear teanga le Maolra. ‘Tuigim’, arsa Maolra leis. ‘Tuigeann sé imeachtaí na cúirte’ a deir an fear teanga leis an mbreitheamh. B’in deireadh leis an tseirbhís ateangaireachta Gaeilge do Mhaolra.
De bharr cuntas de chineál sin, deirtear go bhfuil córas ateangaireachta na gcúirteanna in Éirinn ina scéal rabhaidh ag tíortha eile, agus cur síos déanta ar ár gcuidne ateangairí mar dhream nach bhfuil dóthain taithí acu (‘inexperienced’) ná nach bhfuil ábalta ar a ndualgais a chur i gcrích go sásúil (‘incompetent’).
Ní mholfainn go dtiocfaí i dtír ar dhaoine atá ag brath ar chóras dá leithéid, ach is gá d’eagraíochtaí Gaeilge an t-ilteangachas a thabhairt isteach ina gcuid iarrachtaí féin an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn.
Cé is moite de cheist an mheoin, an dara rud is gá a dhéanamh, i bhfianaise na laigeachtaí a bhaineann leis an mBille Teanga leasaithe (faoi mar atá sé), ná tús áite a thabhairt do phobal na Gaeltachta go fóill beag, toisc baint áirithe a bheith ag easpa acmhainní agus easpa daoine leis na laigeachtaí sin.
Mar aon leo siúd atá ag brath ar ateangairí, ar dhochtúirí agus ar bhreithiúna nach dtuigeann iad, is iad muintir na Gaeltachta an dream is mó a bhfuil feall déanta orthu ó thaobh seirbhísí Stáit a fháil ina dteanga féin, ó bunaíodh an Saorstát. Is iad, leis, is inniúla ar an nGaeilge agus is mó atá i dteideal seirbhísí a fháil sa teanga sin dá réir.
Ba sa bhliain 1939 a cailleadh Micilín Ó Fiannachta. Ba bheag dul chun cinn a rinneadh idir crochadh Mhaolra Seoige agus bás Mhicilín. Tá sé thar am an scéal sin a athrú.
Sibéal
Nul points.
Is feachtas radacach sa Ghaeltacht fhéin a theastaíonn chun an Ghaeltacht a shábháil. Sop in áit na scuaibe is ea an “Pleanáil Teanga” atá ag braith go hiomlán ar obair dheonach na gcoistí pobail.