Dhá phléasc tarlaithe lasmuigh d’aerfort Kabul agus daoine maraithe

Deir an Taliban gur maraíodh 13 sa dá phléasc ag aerfort Hamid Karzai

Dhá phléasc tarlaithe lasmuigh d’aerfort Kabul agus daoine maraithe

Pictiúr: Twitter/@FoxNews

Deir an Taliban gur maraíodh 13 duine, páistí ina measc, nuair a tharla dhá phléasc lasmuigh d’aerfort Hamid Karzai in Kabul na hAfganastáine.

Dheimhnigh urlabhraí an Pentagon John Kirby gur tharla an phléasc ag Geata Abbey, an tslí isteach go dtí an t-aerfort.

Tuairiscíodh go raibh pléasc eile ann chomh maith agus gur scaoileadh piléir ag Barons Hotel ag an aerfort.

Ní fios cé mhéid duine a gortaíodh nó a maraíodh sna heachtraí agus thuairiscigh Reuters go bhféadfadh go raibh triúr a bhí ar dualgas do Stáit Aontaithe Mheiriceá ina measc siúd a maraíodh.

Cuireadh comhairle ar shaoránaigh an stáit seo atá sáinnithe san Afganastáin gan aghaidh a thabhairt ar an aerfort in Kabul  de bharr cúrsaí slándála ansin a bheith ag dul in olcas.

Dheimhnigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil an fhoireann bheag mhíleata agus taidhleoireachta, a cuireadh anonn le cuidiú le daoine imeacht as an tír, ag stócáil leis an aerfort sa bpríomhchathair a fhágáil arís. Baill de Sciathán Fiannóglaigh an Airm agus taidhleoirí a seoladh anonn.

Dúradh sa ráiteas gur chuidigh an fhoireann sin le cúpla saoránach de chuid na tíre seo a mbealach a dhéanamh amach as an Afganastáin.

Tá fainic curtha ag tíortha uilig an domhain thiar ar a gcuid saoránach gan fanacht thart ar an aerfort mar go bhfuil bagairt sceimhlitheoireacht déanta. Tá na mílte duine san aerfort agus iad ar fad ag iarraidh na cosa a thabhairt leo as an tír ach is i laghad atá na heitiltí ag dul.

Bhí tuairisc ag Reuters ó fhoinse as seirbhís chosanta na hIodáile, gur scaoileadh le heitleán míleata de chuid na tíre sin a bhí ag eitilt amach as Kabul. Ní dhearnadh aon dochar don eitleán.

Ó ghlac an Taliban smacht ar an tír an 15 Lúnasa, tá nach mór 90,000 Afganastánach agus eachtrannach tar éis teitheadh ón Afganastáinae ar eitiltí a d’eagraigh Meiriceá.

Is beag am atá fágtha anois ag daoine le himeacht mar Dé Máirt seo chugainn, an 31 Lúnasa, an sprioc atá socraithe ag Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden le daoine agus trúpaí a thabhairt amach as an tír.

Tá cúrsaí ina gcíor thuathail san aerfort de bharr na sluaite atá cruinnithe ansin agus na mílte saighdiúir Meiriceánach ansin ag iarraidh teorainn shábháilte a choinneáil thart ar an aerfort d’eitleáin an aslonnaithe.

Níl cuid de na daoine atá ansin incháilithe le tabhairt amach agus níl víosa ná pas eachtrannach ag cuid eile. Maraíodh roinnt daoine sa bplódú ag an aerfort.

D’ainneoin a léanmhairre agus atá cúrsaí ansin, dúirt an Taliban nach gcuirfí aon síneadh ama leis an sprioc, agus dúirt gur “líne dhearg” í an Mháirt.

Fág freagra ar 'Dhá phléasc tarlaithe lasmuigh d’aerfort Kabul agus daoine maraithe'