Dhá bhliain bhreise ag scoileanna chun stádas scoil Ghaeltachta a fháil

Beidh go dtí deireadh na scoilbhliana 2023/24 ag scoileanna a gcuid pleananna is a spriocanna a chur i gcrích faoin bPolasaí Oideachais Gaeltachta

Dhá bhliain bhreise ag scoileanna chun stádas scoil Ghaeltachta a fháil

Tá cinneadh déanta ag an Aire Oideachais Norma Foley síneadh dhá bhliain a chur leis an tréimhse atá ag scoileanna le Aitheantas Scoileanna Gaeltachta a bhaint amach. 

Beidh go dtí deireadh na scoilbhliana 2023/24 ag na scoileanna anois chun a gcuid pleananna is a spriocanna a chur i gcrích faoin bPolasaí Oideachais Gaeltachta. An scoilbhliain 2020-21 an sprioc a bhí ag na scoileanna roimhe seo chun stádas scoil Ghaeltachta a fháil.

Na scoileanna a lorg an t-aitheantas mar scoileanna Gaeltachta bhí comhairle agus tacaíocht ar fáil dóibh agus leanfar leis an tacaíocht sin go dtí an spriocadháta nua. 

Deirtear gur de bharr phaindéim an Covid-19 a rinneadh an cinneadh seo toisc nach raibh na cigirí ábalta cuairteanna a thabhairt ar na scoileanna chun measúnú a dhéanamh ar an obair agus chun comhairle a chur ar fáil. 

Aithníodh chomh maith go raibh na srianta sláinte phoiblí ina mbac sna scoileanna maidir lena gclár oibre iomlán a chur i bhfeidhm agus bhí tréimhsí dianghlasála ann nuair a bhí na múinteoirí ag teagasc ón mbaile.

Sa gcéad scoilbhliain eile beidh cigirí ag bailiú fianaise ar an dul chun cinn atá déanta ag scoileanna agus cuirfear samplaí den dea-chleachtas ar fáil.

Leanfar leis na huaireanta tacaíochta teagaisc páirtaimseartha a chuirtear ar fáil do scoileanna atá rannpháirteach sa scéim. 

Scoil a bhfuil níos lú ná 53 dalta inti gheobhaidh sí cúig uaire teagaisc sa bhreis agus scoil a bhfuil idir 53 agus 82 dalta ar an rolla inti gheobhaidh sí seacht n-uaire go leith breise. 

Dea-scéala é sin do mhúinteoirí mar go mbeidh postanna breise ar fáil.

Tabharfar tacaíocht airgid do scoileanna le háiseanna teagaisc Gaeilge a cheannach agus beidh €1,200 le fáil i mí na Bealtaine i mbliana. 

Cuirfear forbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil do na hoidí agus na príomhoidí agus dúshláin teanga éagsúla le sárú acu. 

Chomh maith leis sin beidh an Roinn Oideachais i gcomhar le Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, COGG agus Gaeloideachas ag cur treoir ar fáil faoin mbealach is fearr le naisc agus rannpháirtíocht a chothú leis an gcoiste pleanála teanga sa cheantar.

Faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tugadh deis do gach scoil sa Ghaeltacht cur isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta. Rinne gach ceann den 29 iarbhunscoil agus 105 den 132 bunscoil sa Ghaeltacht amhlaidh.

27 scoil a dúirt nár mhian leo a bheith ainmnithe mar scoileanna Gaeltachta. Ar na cúiseanna a luaigh siad le diúltú don scéim bhí easpa Gaeilge, cultúr agus traidisiún fada teagasc trí Bhéarla, easpa muiníne is cumais sa Ghaeilge ag múinteoirí chun tumoideachasa chur i bhfeidhm, agus toisc nach raibh ‘pobal Gaeltachta’ i gceantar na scoile. Dúradh i gcásanna áirithe nach raibh ach líon beag cainteoirí dúchais sa cheantar nó nach raibh aon chainteoir dúchais fágtha i gceantar na scoile. Bhí trí cinn de na scoileanna sin ag baint leas as Scéim na gCúntóirí Teanga.

Fág freagra ar 'Dhá bhliain bhreise ag scoileanna chun stádas scoil Ghaeltachta a fháil'

  • Bríd

    Nach méanar don teanga agus an aire atá sí ag fáil!!

  • Seán

    Ní cheart go mbeadh stádas scoil Ghaeltachta ag aon scoil atá lonnaithe in aon Catagóir C ‘Gaeltacht’ mar níl aon phobal Gaeltachta sna ceantair sin a thuilleadh.

    Teastaíonn uainn aird a thabhairt dosna scoileanna i gcatagóir B agus A Gaeltachtaí… Ní cheart go mbeadh páistí gan Ghaeilge nó le Gaeilge lag measctha le páistí ó teaghlaigh Gaeilge i n-aon naíonra nó bunscoil. Scriosann siad bhforás na bpáistí eile ina dteanga dhúchais agus déanann siad cinnte go mbeidh Béarla an teanga cumarsáide idir na páistí agus iad ag fás aníos.

    Teastaíonn ó muintir na fíor-Gaeltachta a bpáistí a chosaint ó Béarlóirí (aithníonn páistí óg go nádúrtha cén teanga acu atá ‘in uachtar’) agus na meáin go dtí go mbeidís ocht mbliana ar a laghad agus a dteanga dúchais sealbhaithe go hiomlán acu (fós féin is dóchúla go mbeidh a gcuid Béarla níos cumhachtaí ná a gcuid Gaeilge tréis cúpla bliain, in easnamh meánscoil dá gcuid féin acu agus gan fón/idirlíon/teilifís/ríomhaire a bheith acu 😬).

    Baile. Comharsanacht. Scoil. Gníomhaíochtaí poiblí.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ní aontaím leat, a Sheáin, nár cheart stádas scoil Ghaeltachta a thabhairt do aon scoil atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta Catagóir C. Bheadh stádas mar scoil Ghaeltachta á cheilt ar scoileanna atá tiománta don Ghaeilge in áiteacha cosúil leis Na Forbacha agus Corr na Móna. Tá roinnt scoileanna i nGaeltachtaí Catagóir C, atá ag coinneáil beocht sa teanga sna ceantair ina bhfuil siad lonnaithe. Ní chabhair ar bith a bheadh ann dóibh an stádas Gaeltachta a bhaint dóibh.