Deireadh ré sa Rinn agus an t-aifreann Domhnaigh deireanach ráite

Beidh sé aisteach dul thar theach an tsagairt i mBaile na nGall sa Rinn agus a fhios againn go bhfuil an teach folamh

Deireadh ré sa Rinn agus an t-aifreann Domhnaigh deireanach ráite

Deireadh ré a dúirt cuid mhaith daoine nuair a tháinig siad amach ó Aifreann an Domhnaigh i Séipéil San Nioclás i nGaeltacht na Rinne an Domhnach seo caite. De bharr socruithe nua na deoise bhí pobal an pharóiste tar éis a bheith i láthair ag Aifreann mhaidin Domhnaigh sa Rinn den uair dheireanach.

Lasmuigh, bhí an ghrian ag soilsiú anuas orthu agus d’fhan cuid acu ina seasamh ag geataí an tséipéil ag iarraidh tuiscint a fháil ar an athrú a bhí tarlaithe. D’imigh cuid eile acu abhaile go tapaidh, gan stopadh chun suntas a thabhairt don scéal, iad príobháideach agus discréideach faoi chúrsaí creidimh mar a bhí riamh.

Ní léifear an tAifreann anseo gach maidin Domhnaigh feasta. Ní thiocfaidh muintir na Rinne amach ón séipéal seo ag barr an chnoic maidin Domhnaigh ná ní fheicfidh siad an radharc ón séipéal trasna an bhá, cósta oirthear chontae Phort Láirge ag síneadh amach os a gcomhair, radharc a chuir ag machnamh iad ar áilleacht an nádúir, radharc a thug blaiseadh dóibh de bhuaic na glóire agus d’ábharthacht na mbeannachtaí a bhí díreach faighte acu ón sagart.

Cinnte, beidh siad ábalta dul go dtí an taobh eile den pharóiste as seo amach chun freastal ar Aifreann an Domhnaigh sa Sean-Phobal, agus beidh Aifreann sa Rinn gach oíche Shathairn. Ach ní bheidh sé mar an gcéanna. D’fhág siad slán ag an Athair Conchubhair Ó Ceallaigh ag doras an tséipéil amhail is nach bhfeicfidís arís é. Ar an Domhnach, chuimhnigh an pobal ar an athrú atá tagtha ar an saol.

Tá sé fógartha chomh maith nach mbeidh an sagart paróiste ina chónaí a thuilleadh inár measc i bparóiste na Rinne agus an tSean-Phobail. Feasta beidh sé ar dhuine de na sagairt ar róta sagart a bheidh lonnaithe i mbaile mór Dhún Garbhán. Ghabh an sagart paróiste, an tAthair Ó Ceallaigh, fear díograiseach, diaganta, dílis a d’oibrigh go dian ar ár son ó tháinig sé go dtí an paróiste i mí Lúnasa 2008, a bhuíochas leis na daoine a bhí i láthair ag an Aifreann ar an Domhnach. Fágfaidh sé folús ina dhiaidh.

Beidh sé aisteach dul thar theach an tsagairt i mBaile na nGall sa Rinn agus a fhios againn go bhfuil an teach folamh agus an fear é féin imithe chun cónaí sa bhaile mór in éineacht le meitheal sagart, de réir orduithe na deoise. Mura bhfuil Gaeilge ag gach duine acu, ciallaíonn an t-athrú seo go bhfuil seans ann nach i nGaeilge i gcónaí a léifear an tAifreann sa Rinn amach anseo.

Ganntanas sagart agus tinreamh íseal ag freastal ar na haifrinn is cúis leis an athrú seo, gan amhras. Tá a fhios agam go bhfuil na huimhreacha tar éis titim agus nach bhfuil an méid céanna daoine ag freastal ar an Aifreann a thuilleadh, ach cuirim an milleán ar an Eaglais, ar na heaspaig agus ar na sagairt, nár éirigh leo mé a shuaimhniú, nó a chur ina luí orm go bhfuil cúrsaí níos folláine laistigh den Eaglais anois. Braithim fós gur lig siad síos mé. Theip orthu i leith na dtuatach, mise san áireamh, agus muid i gcónaí ag iarraidh plé le díomá, brathadóireacht agus feall na bpeacach laistigh den Eaglais. Ghoill na scannail orainn ar fad agus ní féidir leis an gcléir é sin a sheachaint. Anois tá cúrsaí athraithe go deo anseo. Ní bheidh an saol mar an gcéanna as seo amach.

Ní bheidh cuairteoirí chuig Aifreann an Domhnaigh i rith an tsamhraidh chun Aifreann na Gaeltachta, Aifreann na Rinne agus canúint na nDéise a chloisteáil agus a cheiliúradh mar chuid dá laethanta saoire. Ní cheiliúrfar searmóintí an gheimhridh, oíche na marbh, searmóintí um Nollaig agus um Cháisc sa tslí chéanna. Níl aon sagart paróiste againn anois. Táimid tréigthe. Ní bheidh an gaol sin againn le haon fhear eile. Mar phobal, tá an gaol speisialta sin a chothaigh nasc teaghlaigh eadrainn ar fad mar phobal imithe.

In 1831 a tógadh Séipéal San Nioclás i gceartlár an pharóiste ach cuimhnigh gurb é an chéad sagart a bhfuil cuntas sa Rinn air ná an tAthair Tomás Ó Cuanaigh a bhí anseo ag deireadh an 17ú haois. Fuair sé bás sa bhliain 1704 agus é daichead bliain d’aois. Ag cúinne thoir thuaidh na reilige bhí, agus tá go dtí an lá inniu, stáiblín ina gcuireadh buachaill an tsagairt an capall faid a bheadh an sagart ag léamh an Aifrinn nó i bhfeighil a chúraimí eaglaise eile.

Aontaím leosan a deir gurb ionann an t-athrú seo agus deireadh ré. Tá rothaí móra an tsaoil ag gluaiseacht. Glacaim leis nach bhfuil an tsochaí mar an gcéanna, ach tá mé uaigneach inniu ag cuimhneamh ar an ré sin atá thart, ré inar bhailíomar uair amháin sa tseachtain maidin Domhnaigh istigh sa séipéal ag barr an chnoic, agus sinn ag rith isteach, déanach don Aifreann agus réidh chun dul ar ár nglúine ag paidreoireacht.

Fág freagra ar 'Deireadh ré sa Rinn agus an t-aifreann Domhnaigh deireanach ráite'

  • Máire Blundell

    Is drochscéal é. Bhí mé í gCholáiste na Rinne í mí Lunasa, Bhí an t-áifrinn ar siúl gach lá, ach thug an t-Athair O Ceallaigh duinn an nuacht go raibh sé ag bogadh agus ní raibh aon sagairt eile ar fáil chun an t-Aifrinn a rá. Bhraitheamar an bhrón ina guth.
    Tá súil agam go mbeidh an séipéal ar oscailt arís. Tá gá mór leis an spioridálacht sa tír anois.

  • Aine Ni Fhiannusa

    Easpa sagairt le Gaeilge, sin fadhb an mhór, ní amháin sa deosis seo ach timpeall na tíre. Gabhaimid buíochas leis an Athair Ó Ceallaigh, dílis agus brónach ag deire an ré seo. Le cúnamh Dé beidh athrú ar an scéal lá éigin, ach caithfear cur suas leis an rud nach bhfuil leigheas air.