Deireadh le haistear stairiúil Ghaoth Dobhair agus Cora Finne beagáinín beag rómhaith dóibh

Cé nach raibh siad maith a ndóthain inniu do Chora Finne tabharfaidh taispeántas Ghaoth Dobhair muinín dóibh go bhfuil siad go maith in ann ag an bpeil ag an leibhéal seo

Deireadh le haistear stairiúil Ghaoth Dobhair agus Cora Finne beagáinín beag rómhaith dóibh

Tháinig deireadh tráthnóna le haistear stairiúil Ghaoth Dobhair i gcraobh na hÉireann nuair a fuair seaimpíní na hÉireann Cora Finne an ceann is fearr orthu. Ceithre phointe a bhí idir na foirne ar deireadh i gCora Droma Rúisc, 2-13 in aghaidh 1-12, agus áit bainte amach i gcluiche ceannais na hÉireann arís ag foireann na Gaillimhe.

Ba léir taithí Chora Finne ó thús go deireadh an chluiche agus níl aon amhras ach go raibh an bua tuillte acu. Cé nach raibh siad maith a ndóthain inniu do Chora Finne tabharfaidh taispeántas Ghaoth Dobhair muinín dóibh go bhfuil siad go maith in ann ag an bpeil ag an leibhéal seo.

Bhí imirt Chora Finne sna tosaithe beagáinín rómhaith d’fhir na Gaeltachta áfach agus thug siad cuid mhaith ciceanna saora uathu. Ocht bpointe a d’aimsigh na Gaillimhigh ó bhuillí saora. Chomh maith leis sin, chaill imreoirí Ghaoth Dobhair seilbh na liathróide rómhinic agus iad féín ar an ionsaí.

Ronan Steede agus  Caoimhín Ó Casaide ©INPHO/Tommy Dickson

Ba iad Gaoth Dobhair is fearr a chuir tús leis an imirt agus léirigh Dáire Ó Baoill an choisíocht bhreá atá ann nuair a d’aimsigh sé scór iontach tar éis dhá nóiméad. D’imigh an fear lár páirce ar ruathar óna líne 45m féin go dtí an líne 21m ar an taobh eile den pháirc sular chuir sé an liathróid thar an trasnán.

Bhí rudaí cothrom go maith sa chéad 10 nóiméad, agus d’fhág pointí ó Gary Sice agus Liam Silke, agus ceann ó Cian Mulligan, go raibh na foirne ar comhscór, 0-2 an taobh.

Ba iad Cora Finne a chuaigh chun cinn ansin. Bhí deis ar chúl ag Daithí Burke ach níor éirigh leis an liathróid a choinneáil faoin trasnán. D’aimsigh Gary Sice cic saor eile d’fhoireann na Gaillimhe sular aimsigh siad an chéad chúl den chluiche.

Bhí deis ar dtús ag Kieran Molloy tar éis dó pas a fháil ó Gary Sice i mbéal an chúil agus cé go ndearna cúl báire Ghaoth Dobhair Criostóir Mac Suibhne sábháil iontach, bhí Sice san áit cheart chun an briseadh a fháil agus bhuail sé raspar isteach san eangach.

D’fhág an scór sin go raibh Cora Finne cúig phointe chun cinn leath bealaigh tríd an chéad leath, 1-4 in aghaidh 0-2, ach tháinig Gaoth Dobhair ar ais go maith agus bhí cúl dá gcuid féin acu taobh istigh de chúpla nóiméad.

Bronnadh cic saor orthu 45m amach ó chúl Chora Finne agus bhuail Eamon McGee pas siar chuig Naoise Ó Baoill. Chonaic an leathosaí Christopher Sweeney agus neart spáis aige 35m amach. Rith an cosantóir isteach i dtreo an chúil agus cé gur éirigh le Bernard Power a chic a choinneáil amach, bhris an liathróid chuig Kevin Cassidy agus bhuail sé urchar isteach sa chúl.

Ba iad Cora Finne a d’aimsigh an chéad dá scór eile, ceann an duine ó Jason Leonard agus Ian Burke, ach bhí cuma na maitheasa ar Ghaoth Dobhair nuair a d’aimsigh siad trí phointe as a chéile, ó Odhrán Mac Niallais, Niall Ó Frighil agus Cian Mulligan. D’fhág an biaiste scórála sin gur aon phointe amháin a bhí idir na foirne agus an cluiche ag druidim ar leath ama.

Bualadh buille damanta ar fhir na Gaeltachta roimh an mbriseadh áfach nuair a d’éirigh le Cora Finne an dara cúl a fháil. Bhuail Gary Sice pas ard isteach i dtreo imeall na cearnóige fuair Ian Burke seilbh na liathróide san aer, thug seisean pas tapa do Martin Farragher agus bháigh Farragher an liathróid san eangach.

D’aimsigh Sice cic saor eile do Chora Finne díreach roimh an mbriseadh, scór a d’fhág go raibh seaimpíní na Gaillimhe cúig phointe chun tosaigh ag leath ama, 2-7 in aghaidh 1-5.

Ba iad Gaoth Dobhair a fuair an chéad scór den dara leath nuair a sheol Odhrán Mac Niallais iarracht thar an trasnán agus cé gur shlánaigh Gary Sice cic saor eile do Chora Finne go luath ina dhiaidh sin, laghdaigh Éamonn Ó Colm an bhearna go dtí ceithre phointe ag nuair a d’aimsigh sé a chéad scór den chluiche.

Bhí Cora Finne 2-9 in aghaidh 1-7 chun tosaigh nuair a d’aimsigh Sice cic saor eile ach bualadh buille orthu roimhe sin nuair a taispeánadh cárta dubh do Micheál Lundy tar éis dó Odhrán McFadden-Ferry a tharraingt chun talaimh.

Ba é Kevin Cassidy is mó thug spreagadh do Ghaoth Dobhair leath bealaigh tríd an dara leath agus d’aimsigh sé féin agus Éamonn Ó Colm trí phointe eatarthu chun dhá phointe a fhágáil idir na foirne agus gan ach beagán os cionn deich nóiméad fágtha sa choimhlint.

Faraor d’fhir na Gaeltachta, sheas taithí Chora Finne go mór leo san am a bhí fágtha. Choinnigh siad seilbh ar an liathróid agus léirigh siad an-fhoighne ag fanacht go dtiocfadh deis scór nó dhó eile a fháil. D’aimsigh an t-ionadaí Gavin Burke pointe tábhachtach chun bearna trí phointe a chruthú arís agus nuair a chlis ar chiceanna amach Ghaoth Dobhair, d’éirigh le Jason Leonard agus Gary Sice pointí eile a fháil.

Choinnigh Gaoth Dobhair orthu. Bhí an-thionchar ag an ionadaí James Carroll ar an imirt agus fuair sé dhá phointe ach, ar deireadh, bhí Cora Finne píosa beag rómhaith dóibh agus iadsan a bheidh á fhéachaint le Crócaigh Chill Airne I gcluiche ceannais na hÉireann.

Maidir le Gaoth Dobhair ní raibh aon duine ag súil in earrach na bliana seo caite go ndéanfadh a bhfoireann óg oiread sin gaiscí chomh sciobtha seo, ach bhuaigh siad craobh an chontae den chéad uair ó 2006 agus ba iad an chéad fhoireann ó Dhún na nGall le breis agus dhá scór bliain a bhuaigh Craobh Uladh.

Cora Finne: B. Power; C. Silke, K. Fitzgerald, L. Silke (0-1); K. Molloy, D. McHugh, D. Wall; D. Burke (0-1), R. Steede; G. Sice (1-7, 7 gcic saor), Mike Farragher, J. Leonard (0-2, 1 chic saor); Martin Farragher (1-0), I. Burke (0-1), M Lundy. Fir Ionaid: G. Burke (0-1) in áit D. Wall (35 nóim), C. Brady in áit M. Lundy (36 nóim, cárta dubh), C. Cunningham in áit D. McHugh (55 nóim), C. McGrath in áit Martin Farragher (57 nóim), D. Canney in áit G. Sice (60 níim),

Gaoth Dobhair: C. Mac Suibhne; G. McFadden, N. McGee, C. McFadden; N. Ó Frighil (0-1), É. McGee, O McFadden-Ferry; D. Ó Baoill (0-1), O. Mac Niallais (0-2, 1 chic saor); C. Mulligan, (0-2) N. Ó Baoill, D. McBride; É Ó Colm (0-1, cic saor), C. Cassidy (1-2), M. Carroll. Fir Ionaid: J Carroll (0-2) in áit N. Ó Baoill (55 nóim), J. Ó Baoill in áit C. McFadden (57 nóim).

Réiteoir: Maurice Deegan.

Fág freagra ar 'Deireadh le haistear stairiúil Ghaoth Dobhair agus Cora Finne beagáinín beag rómhaith dóibh'