Deir an Seanadóir Brian Ó Domhnaill gur líon sé ‘go hionraic’ foirmeacha costais

Tús curtha le fiosrúchán faoi éilimh ar chostais taistil agus aíochta a rinne an polaiteoir as paróiste Ghort an Choirce agus é curtha ina leith gur sháraigh sé míreanna den Acht um Rialtas Áitiúil agus na hAchtanna Eitice

Brian Ó Domhnaill

Cuireadh tús inniu le fiosrúchán faoi éilimh ar chostais taistil agus aíochta de chuid an tSeanadóra Brian Ó Domhnaill agus é curtha ina leith ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí gur sháraigh sé míreanna den Acht um Rialtas Áitiúil agus na hAchtanna Eitice.

Tá an Coimisiún ag maíomh go ndearna an Seanadóir éileamh ar chostais ‘dhúbailte’ i dtaobh ócáidí a bhí ar siúl in áiteanna éagsúla ar na dátaí céannna.

Dúirt Ó Domhnaill gur líon sé na foirmeacha costais “chomh hionraic” agus a d’fhéadfadh sé, gur fhág sé comhdhálacha luath le freastal ar chruinnithe agus le freastal ar dhaoine ina thoghcheantar.

Mhaígh sé gurbh é sin an rud ‘ceart’ le déanamh agus gur “mó an maitheas” a rinne sé trí fhreastal ar na cruinnithe sin.

Dúirt sé nach ar son an airgid a chuaigh sé le polaitíocht agus go raibh “dochar mór” déanta dá cháil de thoradh na líomhaintí seo.

Dúirt Séamus Ó Tuathail, an t-abhcóide a bhí ag gníomhú thar ceann Uí Dhomhnaill, gur roghnaigh an Seanadóir freastal ar na cruinnithe agus ar phobal a thoghcheantair seachas dul chuig dinnéar ar long ard ag a raibh Guinness agus oisrí ar fáil saor in aisce. Ba mhó an maitheas a rinne Ó Domhnaill trí fhreastal ar na cruinnithe seachas a bheith ag “slogadh Guinness” saor in aisce, a dúirt Ó Tuathail.

Thug Luán Ó Braonáin, an t-abhcóide ar son an Choimisiúin, le fios ag an éisteacht inniu go ndearna Ó Domhnaill éileamh ar chostais as freastal ar chomhdháil de chuid Chomhairle Chontae Dhún na nGall sa Fairways Hotel i nDún Dealgan idir an 9-11 Márta agus go ndearna sé éileamh freisin ar chostais as freastal ar chruinniú de chuid Pháirtnéireacht Spóirt Dhún na nGall i Leitir Ceannain ar an 10 Márta.

Dúradh gur chuir Ó Domhnaill éileamh isteach ar chostais ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall as freastal ar chúrsa oiliúna i gCarraig Mhacaire Rois i gContae Mhuineacháin idir an 26-27 agus gur chuir sé isteach freisin ar chostais ó Údarás na Gaeltachta as freastal ar chruinniú i Leitir Ceanainn ar an 26 Aibreán.

Dúradh chomh maith go ndearna Ó Domhnaill iarratas ar chostais taistil agus aíochta as freastal ar chomhdháil de chuid Chomhairle Chontae Dhún na nGall i gCairlinn i gContae Lú ón 30 Bealtaine go dtí an 1 Meitheamh agus gur chuir sé isteach freisin ar chostais ó Údarás na Gaeltachta as freastal ar chruinniú de chuid Pháirtnéireacht Spóirt Dhún na nGall ar an gClochán Liath ar an 31 Bealtaine.

Bhí an fiosrúchán seo le bheith ar siúl i Meitheamh 2012 ach cuireadh ar athlá é fad is a bhí dúshlán cúirte á thabhairt ag Ó Domhnaill.

Bhí Ó Domhnaill ag iarraidh go n-éistfí a chás trí Ghaeilge nó nach rachfaí chun cinn ar chor ar bith leis mar go raibh na líomhaintí bunaithe ar ghearán anaithnid ó dhuine den phobal.

Tugadh fianaise i nGaeilge agus i mBéarla inniu agus bhí aistriúchán comhuaineach ar fáil dóibh siúd a raibh an tseirbhís sin uathu.

D’aontaigh an dá thaobh go gcuirfidís aighneachtaí scríofa ar fáil dá chéile don 20 Meitheamh agus go gcuirfí na haighneachtaí sin chuig comhaltaí an Choimisiúin le go bhféadfaidís a dtuarascáil a chríochnú.