Deimhniú tugtha ag An Post go ndúnfar oifig poist Bhun na Leaca i nGaoth Dobhair

Dúnfar ceithre oifig poist i nGaeltacht Dhún na nGall idir seo agus Feabhra na bliana seo chugainn

Deimhniú tugtha ag An Post go ndúnfar oifig poist Bhun na Leaca i nGaoth Dobhair

Dheimhnigh An Post inniu go mbeidh Oifig Poist Bhun na Leaca i bparóiste Ghaoth Dobhair á dhúnadh ag tús na bliana seo chugainn, nuair a bheidh an Máistir Poist ansin ag éirí as.

Tá oifig Bhun na Leaca ar cheann de 17 oifig poist i nDún na nGall atá le dúnadh idir seo agus deireadh Feabhra 2019 – ina measc ceithre oifig sa Ghaeltacht – An Bun Beag, Gort an Choirce, Ros na Cille agus Mín an Aoire.

Chuaigh slua de mhuintir na háite agus polaiteoirí áitiúla i mbun agóide taobh amuigh d’oifig an Bhuna Bhig agus Bhun na Leaca ar an 15 Meán Fómhair le brú a chur ar An Post dul siar ar a gcinneadh maidir le deireadh a chur leis an tseirbhís ansin.

Reáchtáladh cruinniú poiblí in Ionad Naomh Pádraig i nDobhar leis an bhfeachtas a stiúradh, ach theip ar na haighneachtaí a cruinníodh ón bpobal agus lucht gnó i nGaoth Dobhair dul i bhfeidhm ar An Post.

Fágann an cinneadh oifigí poist an Bhuna Bhig agus Bhun na Leaca a dhúnadh ag tús na bliana 2019 go mbeidh aistear 6.6 ciliméadar ar dhaoine go dtí an oifig poist is gaire dóibh, oifig Dhoirí Beaga.

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, cháin an Comhairleoir Contae as Bun na Leaca John Shéamais Ó Fearraigh cinneadh An Post go láidir agus dúirt sé gur léir nach raibh An Post toilteanach éisteacht le pobal Ghaoth Dobhair.

Fág freagra ar 'Deimhniú tugtha ag An Post go ndúnfar oifig poist Bhun na Leaca i nGaoth Dobhair'