Déantar an Kong é féin a shamhlú go snasta, cé nach gcuirtear fé dhraíocht sinn…

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Tá srathar na staire ag luí go trom ar 'Kong: Skull Island' agus bacach go maith a dhéanann an táirge a shlí go ceann scríbe

Déantar an Kong é féin a shamhlú go snasta, cé nach gcuirtear fé dhraíocht sinn…

Kong: Skull Island
Stiúrthóir: Jordan Vogt-Roberts
Cliar: Tom Hiddleston, Samuel L. Jackson, Brie Larson, John C. Reilly, John Goodman.

Cuirfidh mé mar seo chugat é; is é is dóichí ná a mhalairt ná go ndéanfar scéal King Kong a athnuachan/a thochailt tuilleadh, ar a laghad dhá bhabhta eile sna deich mbliana atá romhainn amach. Ní hé go bhfuil eolas fáidh agam ach go luíonn sé le réasún mar is amhábhar é nach féidir leis na ceártaí gustalacha, santacha a chaitheamh thar claí.

Bhí lé riamh ag an lucht féachana le harrachtaí; ag dul siar chomh fada leis an gcéad Kong, an chloch mhíle scannánaíochta úd a seoladh i 1933.

Tugann táirge na n-arrachtaí cead a gcinn do lucht na maisíochta agus is féidir leis an saothar stangadh a bhaint as an lucht féachana mar aon le hiad a chur fé dhraíocht. Is amhlaidh atá le col ceathrar an arrachta, na harrachtaí osnádúrtha/neamhshaolta (Alien Ridley Scott chugainn gan mhoill) agus a chol seisir, na vaimpírigh agus na zombaithe.

Tá na seánraí úd (gan trácht ar iomaire na sárlaochra) ag tál airgid de shíor agus cinnteoidh sin go ndéanfar na hiomairí sin a rómhar.

Tá iarrachtaí fánacha déanta i gcaitheamh na mblianta borradh as an nua a chur fé scéal Kong. Go deimhin chaitheas leathshúil an lá faoi dheireadh ar an saothar ó 1976. In 2005 bhíothas ag tuar go mbeadh léamh sainiúil againn óir go raibh an saoiste Peter Jackson tar éis tabhairt faoi scéal ápa. I ndeireadh na dála ba tháirge uiscealach go maith a soláthraíodh.

Dá bharr sin is uile níl aon mhínáire ar iomaire Hollywood crúba Kong a chur inár bpócaí arís. Conas is féidir cosa crainn a chur fé chearc mar sin?

Seanscéal agus meirg air againn ag an tús. Lucht taiscéalaíochta ag tabhairt faoin oileán mara nach raibh tuairisc faoi roimhe sin. Ba chleas deas é an scannán a lonnú sna seachtóidí agus baineadh súp as ceol agus cleachtais na tréimhse a chur os ár gcomhair. Meascán mearaí de charachtair os ár gcomhair, an bheirt cheann fheadhna (an gallóglach Hiddleston agus an grianghrafadóir Larson) in measc. Cliar cumasach earcaithe (Jackson agus Goodman ach go háirithe) agus tá na carachtair fágtha in áit na leathphingine. Pé scéal é níl go maith agus níl go holc go dtí…tá’s agat féin.

Mar go bhfuil na scannáin seo tógtha ar an maisíocht, níl le déanamh ach do bhundún a chur amach le culaith ghaisce. Ach nár deineadh sin le táirge Jackson ní fada ó shin mar a cuireadh gach aon sórt arracht os ár gcomhair? Go deimhin mheasas gur bhradaíl cheart a bhí i nithe áirithe.

Ina dhiaidh sin féin déantar an Kong é féin a shamhlú go snasta, cé nach gcuirtear fé dhraíocht sinn. Tá an chéad luí súl  an-tábhachtach agus déantar sin, agus an comhrac, a bhí mar chuid de, a láimhseáil go cumasach. Tosnaíonn rudaí ag imeacht ar bóiléagar ina dhiaidh sin, áfach, amhail is nárbh fheadar do lucht a dhéanta cad ba cheart dóibh a dhéanamh le carachtar a bhfuil srathar na staire ag luí go trom air. Bacach go maith a dhéanann an táirge a shlí go ceann scríbe agus fágtar an deis, ní nach ionadh, le scannán leantach a sholáthar. Cad dúirt ag an tosach?

Fág freagra ar 'Déantar an Kong é féin a shamhlú go snasta, cé nach gcuirtear fé dhraíocht sinn…'