Déanfar an olltubaiste aeráide a bheochraoladh

AN SAOITHÍN AERÁIDE: tá na tubaistí atá á dtuar i mórthuarascáil an IPCC le feiceáil ar scáileáin ár gcuid guthán póca cheana féin, lá i ndiaidh lae

Déanfar an olltubaiste aeráide a bheochraoladh

Níos mó tonnta teasa, agus iad níos measa.

Níos mó báistí, agus í níos troime.

Níos mó triomaigh.

Níos mó cioclón trom sna trópaicí.

Níos lú oighir ar an mol thuaidh.

Laghdú ar limistéar na talún síorshioctha.

Níl ansin ach cuid de na príomhphointí i mórthuarascáil an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC), a foilsíodh Dé Luain; tuarascáil a fheidhmeoidh mar bhunchloch do pholasaithe aeráide rialtas ar fud an domhain agus a bheidh ina buncháipéis ag cruinniú mullaigh COP26 a eagrófar i nGlaschú san Fhómhar.

Ní raibh rud ar bith sa tuarascáil, ar ar chaith na céadta eolaithe aeráide as 66 tír na blianta ag obair, nach raibh ar eolas againn cheana féin.

Ach a bhuíochas leis an staidéar agus an scagadh ar fad a rinne na heolaithe sin ar raidhse taighde a bailíodh le chéile, tá tuairim níos cruinne ná riamh againn faoina bhfuil i ndán dúinn.

Mura nglacfar céimeanna radacacha anois díreach chun an t-ardú ar theas meánach na cruinne a choinneáil faoi bhun 1.5 céim Celsius – mar shampla: éirí scun scan as úsáid breoslaí iontaise ar nós guail, ola agus gáis, mar a dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, Dé Luain – tiocfaidh athruithe ar an aeráid nach mbeifear in ann a thiontú thart go ceann na céadta nó na mílte bliain.

Ardóidh leibhéal na farraige. Beidh adhaimsir mar chuid den saol laethúil. Seans go gcuirfear Sruth na Murascaille agus córais aimsire bhunúsacha eile as a riocht. Gheobhaidh na sluaite ainmhithe agus daoine bás.

I bhfocail eile, tiocfaidh athrú ar an aeráid nach bhfacthas a leithéid le cuimhne na ndaoine.

Tiocfaidh?

Tá sé ag tarlú cheana féin.

Breathnaigh ar scáileán do ghutháin phóca: tinte sa Ghréig, tinte i gCalifornia, tinte sa tSibéir, tinte san Amasóin. Tuilte sa Ghearmáin, sa Bheilg agus san Ísiltír, tuilte i Miami, tuilte san Iodáil, san India, sa tSín.

Mar a dúirt duine géarchúiseach ar Twitter:

A bhuíochas le tuarascáil IPCC na seachtaine seo tá tuairim níos cruinne againn faoina bhfuil i ndán dúinn go ginearálta, ach ní bheidh a fhios againn cá háit agus cá huair a tharlóidh an chéad tubaiste aeráide eile.

Ach is féidir a bheith cinnte faoi rud amháin: déanfar gach uile thubaiste a bheochraoladh ar ár ngutháin phóca.

Agus is maith sin. Mura mbeidh éalú againn ón ngéarchéim ar ár gcuid scáileán beag, seans go dtuigfimid féin agus na polaiteoirí a dtugaimid vótaí dóibh sa deireadh thiar thall go bhfuilimid i lár géarchéime cheana féin – agus go n-éireoidh sí i bhfad Éireann níos measa mura ngníomhaímid anois díreach, ar an bpointe boise.

Fág freagra ar 'Déanfar an olltubaiste aeráide a bheochraoladh'

  • Eoghan Ó Néill

    1950 bhí an daonra domhanda ar 2.5 billiún agus an tráth úd ní raibh morán daoine a raibh carr acu. Anois tá an daonra ar 7.8 bln agus an saol beo le carrannaí ag sceitheadh CO2 etc. Níl ansin ach sampla amháin. Tá ré nua ag teacht ina mbeidh meas againn ar ár n-áit i ndúlra an domhain seo, mar adúirt Bob Dylan tráth
    ” The times they are a-changing”!