
Déanfaidh an Roinn Oideachais “a dícheall” chun a chinntiú go mbeidh “gach acmhainn” a fhorbróidh sí do Éire 2016 “ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon”. Sin an freagra a thug an Roinn Oideachais ar cheist ó Tuairisc.ie a bhain le scéal an lae inné go ndearna Éamon Ó Cuív gearán leis an gCeann Comhairle faoi fhreagra an Aire Oideachais ar cheist Dála.
D’fhiafraigh an Teachta Ó Cuív den Aire Oideachais Jan O’Sullivan cé acu an raibh nó nach raibh sé i gceist ag an Roinn Oideachais na hacmhainní oideachais atá á gcur le chéile do chomóradh 1916 a chur ar fáil i nGaeilge.
“An mbeidh [na hacmhainní] iomlán dátheangach agus an méid céanna sa chló agus an stíl chéanna sna leaganacha Gaeilge agus Béarla araon; an mbeidh leagan Gaeilge ar leith agus leagan Béarla ar leith ar fáil nó an mbeidh siad ar fáil le chéile; agus an mbainfidh an cur chuige céanna le tionscadail eile atá beartaithe do 2016?” a d’fhiafraigh Ó Cuív den Aire Oideachais.
Thug an tAire O’ Sullivan freagra a bhí, dar le Ó Cuív, doiléir go maith agus rinne sé gearán faoi leis an gCeann Comhairle Seán Barrett.
D’iarr Tuairisc.ie ar an Roinn an scéal a shoiléiriú inniu agus cuireadh an freagra thuas ar fáil dúinn. Dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív nár leor an freagra sin.
“Ní hamháin nach freagra sásúil é ach is freagra míshásúil ar fad é. Beidh mé ag lorg freagra i bhfad níos cuimsithí a chlúdóidh go sonrach gach gné den cheist a chuir mé sa Dáil. Is freagra sásúil é ‘Níl an cinneadh sin déanta go fóill’, ach más é sin a gheobhaidh mé, beidh tuilleadh ceisteanna le cur mar tá an baol sin ann nach mbeidh an Ghaeilge mar chuid den ábhar ar chor ar bith,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.
Fág freagra ar 'Déanfaidh an Roinn Oideachais a ‘ndícheall’ ábhar faoi 1916 a scaipeadh i nGaeilge'