Déagóir óg a maraíodh go tragóideach nuair a thit sé le haill i gCorca Dhuibhne ainmnithe

Maraíodh James Harrison, 17, as Páirc Devon i mBóthar na Trá sa Ghaillimh, i dtionóisc thubaisteach a tharla lastoir den Daingean inné

Déagóir óg a maraíodh go tragóideach nuair a thit sé le haill i gCorca Dhuibhne ainmnithe

Tá déagóir óg a maraíodh go tragóideach nuair a thit sé le haill i gCorca Dhuibhne ainmnithe.

Tá sé tugtha le fios gurb é James Harrison, 17, as Páirc Devon i mBóthar na Trá sa Ghaillimh, an té a maraíodh sa tionóisc thubaisteach a tharla lámh le Ceann a’ Daimh i gCinn Aird lastoir den Daingean.

Shleamhnaigh an t-ógánach agus é amuigh ag siúl lena mhuintir thart ar a haon a chlog inné.

Glaodh amach ar bhád tarrthála Dhairbhre, ar héileacaptar R115 na Sionainne agus ar an nGarda Cósta sa Daingean.

D’aimsigh foireann an héileacaptair corp an déagóra agus thóg an bád tarrthála ón láthair go Cé an Daingin é. Tógadh as sin é go dtí Ospidéal na hOllscoile, Ciarraí i dTrá Lí.

Dalta i gColáiste Iognáid sa Ghaillimh ab ea James Harrison agus d’imir sé le CLG Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach.

Maireann a thuismitheoirí Máire Ní Choileáin, arb as an Daingean di, a athair Matthew, a dheartháir Daniel, a dheirfiúr Aoife, agus gaolta agus cairde leis.

Beidh Aifreann sochraide James Harrison ar siúl meán lae Dé Céadaoin i séipéal Naomh Iognáid ar Bhóthar na Mara sa Ghaillimh agus cuirfear a chorp ina dhiaidh sin i reilig Rathúin. An chlann amháin a beidh i láthair toisc srianta Covid-19 agus in áit bláthanna a cheannach iarrtar ar dhaoine siúntas a thabhairt don RNLI nó Garda Cósta an Daingin.

Fág freagra ar 'Déagóir óg a maraíodh go tragóideach nuair a thit sé le haill i gCorca Dhuibhne ainmnithe'

  • Pól Ó Braoin

    Go dtuga Dia neart dá mhuintir agus solas na bhFlaitheas do James…
    Scéal tragóideach uilig.
    Chuir sé deora le mo shúile ag léamh faoi…