Dé Céadaoin a eiseofar bonn comórtha 1916, ach céard a bhí ar bhoinn chomórtha na hÉireann idir 1928 agus 2016?

Agus muid tagtha chugainn féin arís i ndiaidh an scéala go raibh moladh déanta go gcuirfí Conor McGregor ar an mbonn €1, caitheann Maitiú Ó Coimín súil ar stair na mbonn comórtha in Éirinn ó aimsir bhunú an tSaorstáit i leith…

Pictiur Cludaigh

An tseachtain seo chugainn eiseoidh Banc Ceannais na hÉireann an chéad bhonn comórtha a bhaineann go sonrach leis an tír seo ó cuireadh amach bonn comórtha do mhílaois Bhaile Átha Cliath beagnach 30 bliain ó shin.

Déanfaidh an bonn nua €2 (atá le feiceáil thuas) comóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916 agus Forógra na Poblachta.

Fógraíodh comórtas i mí Eanáir na bliana seo caite agus fuarthas 52 dearadh. Rinne painéal de mholtóirí an liosta sin a laghdú do sé dhearadh agus astu sin roghnaíodh dearadh Emmet Mullins. Ar an mbonn nua seo tá íomhá den dealbh de Hibernia a sheasann ar bharr Ard-Oifig an Phoist, an focal ‘Hibernia’ féin agus na dátaí ‘1916’ agus ‘2016’. Dúirt Mullins gur roghnaigh sé Hibernia mar go bhfuil an céad bliain atá imithe tharainn ó bhí an tÉirí Amach ann go dtí an lá atá inniu ‘feicthe aici’.

Beifear in ann foireann bonn a ordú ón mBanc Ceannais ón 20 Eanáir ar shuíomh an Bhainc.

Dúirt an Teachta Dála Richard Boyd-Barrett i seomra coiste Oireachtais Dé Céadaoin go raibh ceist shuimiúil múscailte ag an achainí a cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais go gcuirfí íomhá Conor McGregor ar an mbonn airgid €1.

Tugadh droim láimhe leis an achainí tráthnóna inné toisc nach rabhthas in ann a theacht ar an duine a chuir an achainí faoi bhráid an choiste ach moladh do dhuine ar bith ar mhaith leis i ndáiríre go mbeadh íomhá McGregor, nó duine ar bith, ar bhonn airgid, achainí a chuir faoi bhráid Bhanc Ceannais na hÉireann.

Is minice i bhfad a dhéantar comóradh ar dhuine nó ar ócáid ar stampa de chuid An Post ná mar a dhéantar ar bhonn airgid ach ní shin le rá nár tharla sé cheana go raibh íomhá duine mór le rá ar bhonn na hÉireann.

Piarsach
Bonn comórtha 50 Bliain ón Éirí Amach. Pictiúr: Banc Ceannais na hÉireann.

Eisíonn Banc Ceannais na hÉireann boinn chuimhneacháin gach bliain ach is iondúil gur earraí do bhailitheoirí a bhíonn iontu seo agus luach €10 nó níos mó ar an mbonn féin. Is annaimhe a dhéantar bonn comórtha mar ghnáthbhonn airgid ar féidir a úsáid ó lá go lá. Ba é an chéad bhonn comórtha a d’eisigh an banc ar an gcaoi sin an deich scilling ar a raibh Cú Chulainn agus Pádraig Mac Piarais do chomóradh 50 bliain an Éirí Amach.

D’achtaigh an tAire Airgeadais Earnán de Blaghd an tAcht Monaíochta sa bhliain 1926 agus ceapadh coiste, a raibh an file WB Yeats mar chathaoirleach air, le boinn nua a dhearadh don Saorstát. Bheartaigh an coiste sin go mbeadh ainmhithe, a raibh baint acu le hÉirinn, le greanadh ar thaobh deisil na mbonn nua agus go mbeadh Cruit Bhriain Bhóirmhe ar an taobh tuathail.

Mar sin, ó tháinig an t-airgeadra nua isteach sa Saorstát sa bhliain 1928 go dtí gur tháinig airgeadra an Aontais Eorpaigh isteach sa bhliain 2002 bhí capall, bradán, tarbh, cú faoil, giorria, cráin, cearc agus creabhar le feiceáil ar airgeadra na hÉireann. Coinníodh na híomhánna céanna do na boinn nua tar éis bhunú chóras an deachúlaithe sa bhliain 1971.

Bonn comórtha Mhílaois Bhaile Átha Cliath. Pictiúr: Banc Ceannais na hÉireann
Bonn comórtha Mhílaois Bhaile Átha Cliath. Pictiúr: Banc Ceannais na hÉireann

Bualadh an chéad bhonn comórtha a bhí le húsáid ó lá go lá sa bhliain 1988. Bonn 50 pingin a bhí ann a eisíodh le ceiliúradh a dhéanamh ar Mhílaois Bhaile Átha Cliath. Bhunaigh an dearthóir Thomas Ryan, a bhí ina uachtarán ar an Acadamh Ibeirneach Ríoga, a dhearadh don bhonn ar armas Bhaile Átha Cliath agus ar armas Ard-Mhéara na cathrach. Ar thaobh deisil an bhoinn, greanadh sciath, ar a raibh trí chaisleán, os cionn claímh agus smíste, agus faoi chapeau gules. Bhí na dátaí ‘988’ agus ‘1988’ le feiceáil air freisin chomh maith le ‘Áth Cliath’, ‘Dublin’ agus ‘1000’.

Bualadh leagan speisialta den £1 do lucht bailithe na mbonn nuair a tháinig an bonn in áit an nóta a bhíodh ann go dtí sin sa bhliain 1990. Le feiceáil ar an mbonn sin bhí an fia rua agus é déanta as nicil shioctha.

Ba é an bonn airgid £1 a d’úsáidtí as sin amach nuair a bhíodh bonn comórtha le bualadh, rud a tharla faoi dhó sular tháinig an Euro isteach sa bhliain 2002.

Bonn comórtha 50 Bliain na NA. Pictiúr: Banc Ceannais na hÉireann
Bonn comórtha 50 Bliain na NA. Pictiúr: Banc Ceannais na hÉireann

Mar chuid den cheiliúradh domhanda ar na Náisiúin Aontaithe a bheith 50 bliain ar an bhfód, tugadh cuireadh do gach ballstát páirt a ghlacadh sa cheiliúradh agus ghlac Éire leis an gcuireadh sin. Cé gur airgead dlíthairgthe a bhí sna boinn £1 a bualadh, déanta as airgead ceart a bhí sé, agus níor bualadh gnáthcheann don chiorclaíocht choitinn. Ar an taobh deisil bhí colm na síochána agus meirg ina ghob ar greanadh na dátaí ‘1945’ agus ‘1995’, lógó na NA, agus na focail ‘Nations United for Peace’ air. Ar an taobh tuathail bhí an chruit, an focal ‘Éire’ agus na dátaí arís.

Ba é £1 na mílaoise an bonn comórtha deiridh a bualadh in Éirinn sula bhfuarthas réidh leis an bPunt. Ba iad Alan Ardiff agus Garrett Stokes a dhear an bonn sin, agus íomhá de Long an Bhrú Íochtair greanta ar an taobh deisil. Thángthas ar dheilbhín órga loinge i mBrú Íochtair i gContae Dhoire sa bhliain 1896 agus tá sí anois ar taispeáint in Ard-Mhúsaem na Seandálaíochta ar Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath. Deir an Banc Ceannais gur meafar í an long ársa agus na réaltaí os a cionn den turas ón am atá caite chuig an am atá le teacht. Greanta faoin long bhí an focal ‘Millenium’.

Bonn comórtha na Mílaoise. Pictiúr: Banc Ceannais na hÉireann
Bonn comórtha na Mílaoise. Pictiúr: Banc Ceannais na hÉireann

Ó cuireadh an Euro i bpócaí mhuintir na hÉireann 14 bliain ó shin bualadh ceithre bhonn comórtha – gach aon cheann acu ar bhonn uile-Eorpach. Is i bhfoirm an €2 a dhéantar na boinn chomórtha a bhualadh anois. Tá tíortha eile atá i limistéar an Euro tar éis boinn chomórtha dá gcuid féin a dhéanamh, ach go dtí seo níl aon bhonn ann a bualadh go speisialta le heachtra nó pearsanra Éireannach a chomóradh.

Bonn comórtha Chonradh na Róimhe 2007. Pictiúr: Coimisiún na hEorpa
Bonn comórtha Chonradh na Róimhe 2007. Pictiúr: Coimisiún na hEorpa

Sa bhliain 2007 rinneadh comóradh 50 bliain ar Chonradh na Róimhe – an conradh lenar bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Ar an mbonn, tá leabhar oscailte – Conradh na Róimhe – ar an gcosán cáiliúil a rinne Michelangelo sa Piazza del Campidoglio sa Róimh, agus na focail ‘Conradh na Róimhe 50 Bliain’agus ‘An Eoraip”. Éisíodh 90 milliún cóip den bhonn seo agus tá siad ar fáil ar fud na hEorpa anois.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, eisíodh bonn eile uile-Eorpach. An geábh seo ba é an Euro féin a bhí á chomóradh. Tugadh an t-airgeadra isteach go hoifigiúil ar Lá Caille 1999 ach, cé go rabhthas in ann an Euro a úsáid go leictreonach, ní raibh aon nótaí ná boinn ann go dtí 2002. Ar bhonn 2009, bhí duine, i bhfoirm stílithe, ina lár agus comhartha an Euro ina lámh aige. Bhí inisealacha an ealaíontóra, ΓΣ, faoin gcomhartha Euro, ainm na tíre os a chionn agus ‘EMU [European Monetary Union 1999 – 2009’ ag an mbun uilig. Bualadh 84 milliún cóip den bhonn sin.

Bonn comórtha an Aontaos Eorpaigh Airgeadra. Pictiúr: Coimisiún na hEorpa
Bonn comórtha an Aontaos Eorpaigh Airgeadra. Pictiúr: Coimisiún na hEorpa

Rinneadh comóradh deich mbliana ón lá a tháinig boinn agus nótaí an Euro i bhfeidhm freisin, sa bhliain 2012. Bhí siombailí éagsúla ar an mbonn a léirigh tábhacht an airgeadra do mhuintir na hEorpa (na daoine), do shaol an airgeadais (Túr Bhanc Ceannais na hEorpa), don trádáil (na longa), don tionsclaíocht (na monarchana) agus don taighde agus don fhorbairt (na muilte gaoithe). Bhí inisealacha an ealaíontóra, AH, agus na dátaí ‘2002 – 2012’ le feiceáil air freisin.

Anuraidh a tháinig bonn speisialta is deireanaí amach, nuair a eisíodh bonn le comóradh a dhéanamh ar 30 bliain de bhratach an Aontais Eorpaigh. Roghnaigh painéal de chúigear moltóirí cúig dhearadh ón 62 iarratas a cuireadh faoina mbráid. Bhí vóta poiblí ar líne ann ar fud na hEorpa ina dhiaidh sin agus roghnaíodh dearadh Georgios Stamatopoulos ó Bhanc na Gréige don bhonn nua.

Bonn comórtha Bhratach an Aontais Eorpaigh. Pictiúr: Banc Ceannais na hÉireann
Bonn comórtha Bhratach an Aontais Eorpaigh. Pictiúr: Banc Ceannais na hÉireann
Bonn comórtha 10 bliain den Euro. Pictiúr: Coimisiún na hEorpa
Bonn comórtha 10 bliain den Euro. Pictiúr: Coimisiún na hEorpa

Fág freagra ar 'Dé Céadaoin a eiseofar bonn comórtha 1916, ach céard a bhí ar bhoinn chomórtha na hÉireann idir 1928 agus 2016?'

  • Antoin Daltún

    Alt spéisiúil.
    Ní dóigh liom go raibh John Marcus O’Sullivan ina Aire Airgeadais ríamh cé go raibh sé ina Rúnaí Parlaiminte ag an Aire sin 1924-26. Bhí Earnán de Blaghd in Aire Airgeadais 1923-1932.
    Seans go raibh O’Sullivan fregrach as an tAcht Monaíochta a rith tríd an Oireachtas.

    Gach deá-ghuí
    Antoin