DARA Ó CINNÉIDE: An bhfuil aon léas dóchais do Ghaillimh ná do Chorcaigh?

Tógfaidh sé rud éigin as an ngnáth chun an Ghaillimh agus Corcaigh a thabhairt slán sna babhtaí cáilithe peile inniu

DARA Ó CINNÉIDE: An bhfuil aon léas dóchais do Ghaillimh ná do Chorcaigh?

Kevin Walsh, bainisteoir na Gaillimhe. INPHO/Donall Farmer

N’fheadar an mbeadh aon cheann de na cheithre cinn d’fhoirne atá ag cur chun páirce i mbabhta 4A na craoibhe peile an deireadh seachtaine seo ag súil ina gcroí istigh go mbuafaidís craobh na hÉireann, ach ní fhágann san nach bhfágfaidh siad rian éigin ar an samhradh sara mbeidh sé istigh.

As na ceithre fhoireann, Gaillimh, Dún na nGall, Maigh Eo is Corcaigh, is dócha gurb iad Maigh Eo is mó a bheadh ag rá leo féin gurb acmhainn dóibh Sam Maguire a bhreith leo fé cheann ocht seachtaine ach, má tá féin, ní mór na daoine lasmuigh den gcontae a bheadh ag teacht leo.

Tá oiread béime curtha le seachtain anuas ar mháistreacht Átha Cliath, ar fheabhas Thír Eoghain agus ar thost dainséarach Chiarraí gur dhóigh le duine nach bhfuil ann ach iad agus nárbh fhiú dul ag féachaint ar aon chluiche eile idir seo agus deireadh na craoibhe nuair a bheidh (a deirtear linn) dhá fhoireann as an dTríonóid Ró-Naofa in adharca a chéile.

Tagann mífhoighne aisteach ar lucht leanta na caide an tráth seo bliana agus uaireanta is féidir leis an ngriothal cuid d’áilleacht agus de rúndiamhair na craoibhe a cheilt. Cé a déarfadh an deireadh seachtaine seo anuraidh, mar shampla, go n-éireodh le Tiobraid Árann faid breise fós a chur lena bhfeachtas tar éis dóibh buachtaint ar éigean ar Dhoire i sárchluiche na craoibhe anuraidh?

B’fhéidir nach raibh i láthair i bPáirc Bhreifne an tráthnóna Sathairn úd ach 2,795 duine chun éacht Thiobraid Árann a fheiscint ach craoladh an cluiche beo ar teilifís agus b’fhéidir go raibh sé ceart againn ar fad na comharthaí sóirt a aithint sara gcuireadh an Ghaillimh de dhroim seoil ocht lá ina dhiaidh sin.

Cé go mb’fhéidir go gcuirfeadh Ard Mhacha iontas orainn an deireadh seachtaine seo chugainn, ní dóigh liom go mbeidh aon ghaisce inchurtha le ceann Thiobraid Árann i gcraobh na bliana seo.

An deireadh seachtaine seo féin d’fhéadfadh aon cheann des na foirne stangadh a bhaint as a chéile.

Tá Corcaigh chomh mór sin in ísle brí fé láthair go dtaibhseofaí dhuit go gcaithfeadh go bhfuil speach éigin iontu. Bhí muintir Chiarraí ag súil go dtiocfadh an speach úd i gCill Airne trí seachtaine ó shin agus nuair nár tháinig, measadh go raibh imreoirí Chorcaí gan bhrí gan anam, gan sprid. Nochtadh na tréithe sin nuair a bhí sé ródhéanach i dtaispeántas Chorcaí in aghaidh Dhún na nGall anuraidh, áfach. Go deimhin féin, dá mbeadh oiread is cosantóir amháin acu a cheansódh Patrick McBrearty, b’fhéidir gurbh iad a bheadh le hÁth Cliath seachas na Conallaigh.

Beidh Maigh Eo braiteach go maith ar Chorcaigh i bPáirc na nGael inniu mar tuigeann siad go rímhaith nach bhfuil a mbuille féin aimsithe go fóill acu agus níos tábhachtaí ná sin, b’fhéidir, tuigeann siad ná féadfaidh síorlascáil Chorcaí leanúint ar aghaidh go deo gan snap éigin a fháil thar n-ais uathu uair éigin.

Mar sin féin, leis an líne lánchúil – Cafferkey, Harrison agus Barrett – ag teacht chucu féin agus ag tógaint na gcaisleán cloch ar chloch agus an líne leathchúil lasmuigh dóibh – Higgins, Boyle agus Keegan – ag déanamh a slí orlach ar orlach tríd an gceo, tá cuma an-dhaingean diongbháilte ag teacht arís ar Mhaigh Eo. Tá a fhios ag an saol mór gur ins na tosaithe agus ins an easpa gearrtha atá iontu atá dúshlán Mhaigh Eo i gcónaí, ach ba chóir go mbeadh a ndóthain acu chun deireadh a chur le haistear Chorcaí i gcraobh na bliana seo.

Ba dheacair d’éinne a bhí ag faire ar an nGaillimh coicís ó shin a chreidiúint go bhféadfaidís bheith chomh leachta, chomh patuar ins na haon ghné den imirt. Fág go raibh an aimsir go hainnis agus an tseanghaoth sin, a loiteann oiread cluichí craoibhe i mBóthar na Trá nach bhfuil áireamh a thuilleadh orthu, ag séideadh, agus fág go raibh Ros Comáin leonta, gortaithe agus géimiúil tar éis fheachtais an earraigh, agus fós ní foláir an cheist a chur. Conas go bhféadfadh foireann atá ag iarraidh iad féin a fheabhsú i ngach gné den imirt mar atá an Ghaillimh, bheith chomh bocht sin ar an lá?

Cé gur bhreá an dá bháide a fuair Cian Connolly agus Brian Stack do Ros Comáin, caithfear an cheist a chur leis – conas go bhféadfadh buíon imreoirí ar nós cosantóirí na Gaillimhe bheith chomh hoscailte, chomh goilliúnach tar éis gach ar baineadh amach go dtí seo i mbliana bheith bainte amach le plean a bhí bunaithe go huile is go hiomlán ar chosaint mhaith?

Tá freagraí fealsúnacha air sin a déarfadh leat go dtagann an lá ar na héinne agus nach é lá na gaoithe lá na scolb. Tá freagraí teicniúla air sin a déarfadh leat go bhfuil laige dhiamhair sa chic amach ag an nGaillimh ó d’éirigh Martin McNamara as na blianta fada ó shin agus nach bhfuil aon lánchúlaí aitheanta ag an nGaillimh agus nach mbeidh nó go dtiocfaidh Seán Aindí Ó Ceallaigh nó Seán Ó Maoilchiaráin in inmhe.

Tá na freagraí sin go léir ann ach b’fhéidir nach bhfuil aon teora le goile, le fuadar, le buile agus le fonn catha ar lá báistí i mBóthar na Trá. Ní raibh sé in imreoirí na Gaillimhe agus bhí na tréithe sin ag teacht ina slaoda in imreoirí Ros Comáin. Uaireanta bíonn sé chomh simplí leis sin.

Is deacair dom a shamhlú go bhféadfadh an Ghaillimh teacht as an mbuille meanman sin agus iad ag tabhairt aghaidh tráthnóna ar fhoireann Dhún na nGall atá tar éis pé easnaimh a bhí le feiscint ina gcuid imeartha siúd i gcraobh Uladh a ruaigeadh le dhá bhabhta cáilithe, in aghaidh Longfoirt agus chontae na Mí, a thástáil go maith iad.

Tógfaidh sé rud éigin as an ngnáth chun an Ghaillimh a thabhairt slán go dtí babhtaí ceathrú ceannais na seachtaine seo chugainn.

Ní dóigh liom go bhfuil sé iontu. 

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: An bhfuil aon léas dóchais do Ghaillimh ná do Chorcaigh?'

  • Mise Áine

    @ Tá a fhios ag an saol mór gur ins na tosaithe agus ins an easpa gearrtha atá iontu atá dúshlán Mhaigh Eo i gcónaí, ach ba chóir go mbeadh a ndóthain acu chun deireadh a chur le haistear Chorcaí i gcraobh na bliana seo.

    Ceart agat!

    @Tógfaidh sé rud éigin as an ngnáth chun an Ghaillimh a thabhairt slán go dtí babhtaí ceathrú ceannais na seachtaine seo chugainn….Ní dóigh liom go bhfuil sé iontu.

    Bhuel, anois céard a déarfá le Gaillimh? Wúhúúúúú!

  • Seosamh Mac Ionnrachtaigh

    go deas