Daonra na Gaeltachta níos airde ná mar a tuairiscíodh go hoifigiúil

Tá Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta i measc na n-eagras stát a bhfuil figiúr míchruinn úsáidte acu do dhaonra na Gaeltachta ó 2017

Daonra na Gaeltachta níos airde ná mar a tuairiscíodh go hoifigiúil

D’fhág botún sa tuairisciú a rinneadh ar Dhaonáireamh 2016 go raibh daonra na Gaeltachta níos airde ná mar a ceapadh ag an am.

Tá sé tagtha chun solais gur luadh figiúr míchruinn le daonra iomlán na Gaeltachta i dtuarascáil a rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ar an nGaeilge agus an Ghaeltacht in 2017, tuarascáil ina ndearnadh anailís ar fhigiúirí daonáirimh na bliana roimhe sin.

Cé gur dúradh sa tuarascáil go raibh 96,090 duine ina gcónaí sa Ghaeltacht in Aibreán 2016, earráid a bhí ansin mar nach raibh gasúir faoi bhun 3 bliana d’aois curtha san áireamh ag an CSO.

Nuair a chuirtear daonra iomlán na Limistéar Pleanála Teanga ar fad le chéile – eolas atá bailithe ón daonáireamh ag an CSO – 99,617 duine ar fad a raibh cónaí orthu sna ceantair Ghaeltachta ag an am sin.

Tagann an figiúr 96,090 ó líon na ndaoine a raibh cónaí orthu sa Ghaeltacht a bhí 3 bliana nó níos sine, ach dúradh trí dhearmad sa tuarascáil gur daonra iomlán na Gaeltachta a bhí ansin.

D’fhág an earráid sin go raibh daonra na Gaeltachta 3,527 duine nó thart ar 4% níos airde ná mar a tuairiscíodh.

Cé go raibh an daonra níos airde ná mar a tuairscíodh ag an am, laghdú a bhí i gceist ar dhaonra na Gaeltachta idir 2011 agus 2016 go fóill, ó 100,716 go dtí 99,617.

Tá an earráid leasaithe ag an CSO ar a leathanach féin agus é ráite go mbaineann an figiúir 96,090 le líon na ndaoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht atá 3 bliana nó níos sine. Ach tá an figiúr míchruinn úsáidte go forleathan sna meáin agus ag eagrais stáit ó foilsíodh é in 2017. Tá Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta i measc na ndreamanna a bhfuil an figiúr mícheart úsáidte acu ina gcuid foilseachán.

Níl aon tionchar ag an earráid ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht, áfach, mar gur daoine atá 3 bliana agus níos sine a úsáideann an CSO nuair a bhíonn anailís á déanamh ar chainteoirí Gaeilge.

Oifig an Teachta Dála de chuid Sinn Féin Aengus Ó Snodaigh a thug an earráid chun solais agus cé go ndeir an Teachta gur maith an rud é go bhfuil ceartúchán déanta ag an CSO ar a shuíomh féin, is gá níos mó a dhéanamh, dar leis.

“Is léir go bhfuil an earráid scaipthe go forleathan ag an staid seo, agus go bhfuil 96,090 luaite mar dhaonra iomlán na Gaeltachta ag leithéidí Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta fiú, bunaithe ar staitisticí agus cháipéisí atá foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.

“Má tá fothuairisciú fós á dhéanamh ag na heagrais stáit atá freagrach as an nGaeltacht ar dhaonra na Gaeltachta bunaithe ar an méid a bhí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh go dtí seo, teastaíonn ráiteas poiblí ón bPríomh-Oifig chun aird na n-eagras stáit ábhartha go léir a tharraingt ar an mbotún agus ar an gceartúchán,” arsa Ó Snodaigh.

Tá Ó Snodaigh ag iarraidh freisin go mbeadh an figiúr ceart, 99,617, luaite sa tuarascáil ar shuíomh an CSO, seachas an 96,090 a fhágáil inti ach a lua gurb ionann sin agus líon na ndaoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht atá trí bliana nó níos sine, mar atá déanta ag an CSO.

Tá an CSO ag fáil réidh chun réamhthorthaí ó Dhaonáireamh 2022 a fhoilsiú ag deireadh na míosa seo agus deir Ó Snodaigh go bhfuil sé tábhachtach go mbeifear in ann comparáid chruinn a dhéanamh idir figiúirí 2022 agus na cinn ó 2016.

*Leasaíodh an t-alt seo chun soiléiriú a thabhairt gur thit daonra na Gaeltachta idir 2011 agus 2016

Fág freagra ar 'Daonra na Gaeltachta níos airde ná mar a tuairiscíodh go hoifigiúil'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is maith an rud é go bhfuil an Teachta Aengus Ó Snodaigh agus Tuairisc.ie ag tarraingt aird anois ar an earráid a rinne an CSO ina thuarascáil (2017) ar an nGaeltacht maidir le daonra na Gaeltachta ón daonáireamh a tógadh i 2016. Níor mhiste liom a lua go raibh ailt uaim i dTuairisc ar 8 Iúil 2022 faoi dhaonra na Gaeltachta, inar tugadh le fios go raibh daonra iomlán na Gaeltachta oifigiúla i 2016 ag 99,167, seachas 96,090. Tá an t-alt le fáil ón nasc https://tuairisc.ie/meadu-suntasach-tagtha-ar-dhaonra-na-gaeltachta-de-reir-an-daonairimh/

    Dála an scéil tá an t-alt úd ag déanamh amach go raibh daonra na Gaeltachta Oifigiúla gar do 105,000 i 2022 agus 17,000 den iomlán sin ina gcónaí sna eastáit tithíochta i gCathair na Gaillimhe le aitheantas Gaeltachta!