Daoine nach labhraíonn Béarla ‘i mbaol’ mar gheall ar easpa ábhair faoi Covid-19

Deir an grúpa Doctors for the World go ndearna Rialtas na Breataine dearmad gur cuid de ‘gach uile dhuine’ na daoine nach labhraíonn Béarla

Daoine nach labhraíonn Béarla ‘i mbaol’ mar gheall ar easpa ábhair faoi Covid-19

Tá imní léirithe ag lucht feachtais sa mBreatain go bhféadfadh sláinte is sábháilteacht daoine nach labhraíonn Béarla a bheith i mbaol toisc nach bhfuil eolas is treoracha maidir leis an gcoróinvíreas ar fáil ina dteangacha féin.

Scríobh an grúpa ‘Doctors of the World’ go dtí an Rúnaí Sláinte na Breataine chun é sin a chur ar a shúile dó.

Mhaígh Rialtas na Breataine gur cuireadh aistriúcháin ar fáil den eolas faoin víreas i 25 teanga éagsúil agus go ndearnadh freastal ar “phobal fairsing” ach deir an lucht feachtais nár cuireadh an t-eolas ar fáil ach i líon teoranta teangacha agus gur mhinic an t-eolas sin a bheith seachtainí as dáta.

Dúirt ‘Doctors of the World’ go raibh na treoracha agus an fhaisnéis faoin gcoróinvíreas aistrithe acu féin go breis is 60 teanga.

Maíonn siad go raibh orthu sin a dhéanamh toisc go ndearna an Rialtas “dearmad glan” ar an “ngrúpa othar” seo agus dá bharr go raibh “baol níos mó ann go dtolgfaidís an víreas agus nach mbeidís ábalta iad féin is a dteaghlaigh a chosaint air”.

Dúirt Anna Miller, ceannasaí polasaí agus abhcóideachta ‘Doctors of the World’, nach raibh “aon fhreagra in aon chor” ón Roinn Sláinte nuair a cuireadh ceist orthu i mí an Mhárta, sular cuireadh an dianghlasáil i bhfeidhm, faoi na hacmhainní a bheadh ar fáil le freastal ar dhaoine nach Béarlóirí iad.

“Ní raibh aon chumarsáid in aon chor ón rialtas láir, nó diúltaíodh aon chumarsáid a dhéanamh, rud a d’fhág nach raibh aon rogha againn ach na haistriúcháin a dhéanamh muid féin amhail is nach raibh an rialtas ann in aon chor,” a dúirt Miller.

“Ba chóir gurbh é an rud ba bhunúsaí agus an chéad rud a dhéanfadh rialtas a chinntiú go mbeadh an t-eolas sláinte phoiblí ar fáil do gach uile dhuine. Agus is cuid den “gach uile dhuine” sin na daoine nach labhraíonn Béarla.”

Deirtear sa litir go raibh “dualgas reachtúil” ar an Aire Sláinte aistriúcháin a chur ar fáil.

“De réir mar a bhíonn bearta na dianghlasála á maolú agus na treoracha ag athrú go rialta, níl sé praiticiúil ná inbhuanaithe ag údaráis áitiúla ná ag an bpobal freastal ar an riachtanas seo.”

Dúirt Comhairle na hEorpa mí an Mhárta go raibh sé “ríthábhachtach” do shláinte cainteoirí mionteangacha go gcuirfí eolas faoin bpaindéim ar fáil dóibh ina dteangacha féin.

Agus an saol curtha bunoscionn ag an bpaindéim, dúirt Comhairle na hEorpa nár chóir do thíortha dearmad a dhéanamh ar theangacha mionlaigh.

De réir tuairiscí éagsúla ar an suíomh, tá easnamh an-mhór ar an soláthar ábhair i taobh an choróinvíris i nGaeilge agus go leor dá bhfuil ar fáil i nGaeilge go mór as dáta.

Fág freagra ar 'Daoine nach labhraíonn Béarla ‘i mbaol’ mar gheall ar easpa ábhair faoi Covid-19'