Daltaí den tuairim go bhfuil an Ghaeilge ‘leadránach’ agus ‘deacair’, seachas nuair a bhíonn pizza á dhéanamh

De réir  tuarascála nua ón NCCA  níor thaitin an Ghaeilge le go leor leanaí i scoileanna Béarla mar go bhfaigheann siad foghlaim na teanga deacair nó leadránach

Daltaí den tuairim go bhfuil an Ghaeilge ‘leadránach’ agus ‘deacair’, seachas nuair a bhíonn pizza á dhéanamh

‘Leadránach, athráiteach agus deacair’ an taithí a bhíonn ag daltaí i mbunscoileanna Béarla ar fhoghlaim na Gaeilge, ach baineann siad an-taitneamh as gníomhaíochtaí a dhéanann siad trí Ghaeilge, píotsa nó corpoideachas a dhéanamh nó cluiche Biongó a imirt.

I dtuarascáil nua ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta [NCCA] faoi dhearcadh daltaí bunscoile, deir daltaí sna naíonáin gur ‘gníomhaíochtaí éagsúla’ is mó a bhíonn ar siúl ar scoil, seachas Gaeilge agus Matamaitic agus fiú sna naíonáin is mar “ábhair” a fheiceann siad an péire sin.

De réir na tuarascála, a eisíodh i mBéarla, níor thaitin an Ghaeilge le go leor leanaí i scoileanna Béarla mar go bhfaigheann siad foghlaim na teanga deacair nó leadránach.

Deirtear sa tuarascáil – a rinne Ionad Oideachais Marino don NCCA –  ar dhréachtchuraraclam nua don bhunscoil gur maith le daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge an Ghaeilge, agus go háirithe gur maith leo ag foghlaim ábhair eile trí Ghaeilge, an drámaíocht mar shampla.

Bhí sé le rá ag cuid de na leanaí i scoileanna Béarla go raibh an rud céanna á fhoghlaim acu síoraí seasta agus bhíodar ag clamhsán freisin faoi “foclóir deacair”. A mhalairt de scéal a bhí ag na leanaí i scoileanna lán-Ghaeilge nach raibh aon rud diúltach le rá acu faoi fhoghlaim na Gaeilge.

Cuid de na daltaí i scoileanna Béarla nár thaitin foghlaim na Gaeilge leo, bhíodar ag iarraidh nach mbeadh orthu í a fhoghlaim, nó níos lú ama a chaitheamh á foghlaim nó an bealach a múintear í a athrú. Bhí fonn ar dhaltaí sna scoileanna Gaeilge a gcuid Gaeilge a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla, i gcúrsaí drámaíochta go háirithe.

Deirtear sa tuarascáil, go ndúirt cuid de na daltaí a ghlac páirt sa staidéar seo nach dóigh leo go raibh Gaeilge “úsáideach”.

“Nuair a cuireadh tuilleadh ceisteanna orthu faoi céard ba mhaith leo nó céard a chuideodh leo, luaigh na leanaí go dteastódh níos mó den fhoghlaim a bheith trí ghníomhaíochtaí agus dúirt gur thaitin na cluichí agus na gníomhaíochtaí a dhéanann siad trí Ghaeilge leo, amhail píotsa a dhéanamh nó Biongó a imirt,” a deirtear sa tuarascáil.

Dúirt daltaí i ngach uile rang agus i ngach ceann den 15 scoil a ghlac páirt sa suirbhé gur mhaith leo tuilleadh cluichí agus cur chuige gníomhach a bheith in úsáid agus Gaeilge á foghlaim acu.

Deir an NCCA go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí dearcadh na ndaltaí sa gcomhaireamh agus plé á dhéanamh ar nua-theanga eile ón iasacht a chur le Curaclam na Bunscoile.

“Is léir ón bplé leis na leanaí ar fhoghlaim an Bhéarla agus na Gaeilge go mbraitheann siad go bhfuil gnéithe áirithe den fhoghlaim teanga casta, dúshlánach agus ‘leadránach’ nó ‘athráiteach’ agus go bhféadfadh tionchar a bheith ag an taithí sin ar a ndearcadh i leith gach aon teanga.”

Deirtear sa tuarascáil gur léirigh na leanaí a riachtanaí agus atá sé go mbeadh baint ag a dtaithí ar fhoghlaim na teanga le gnáthimeachtaí a saoil ionas go mbainfidís taitneamh as an bhfoghlaim.

Luaigh cúpla leanbh i scoileanna Béarla go raibh sé tábhachtach Gaeilge a fhoghlaim ó tharla gurb í an chéad teanga oifigiúil sa tír seo í. Seo an míniú a thug leanbh amháin, ‘caithfimid ár dteanga féin a fhoghlaim’ mar ‘sin í an tír ina bhfuil cónaí orainn’.

“Ach ba é an tuiscint a bhí formhór mór na ndaltaí nach raibh Gaeilge tábhachtach mar nár labhraíodh í taobh amuigh d’Éirinn agus nach bhfaca siad aon tairbhe leis an teanga sa saol laethúil,” a deirtear sa tuarascáil.

Chuir daltaí i scoileanna Gaeilge béim ar a thábhachtaí atá sé Gaeilge a fhoghlaim agus luaigh siad na bealaí a mbaineann siad úsáid as an nGaeilge i réimsí éagsúla den churaclam. Bhí roinnt daltaí nár léir dóibh cén fáth a raibh foghlaim an Bhéarla tábhachtach.

Mar chuid den staidéar seo, iarradh ar dhaltaí imlíne cholainn duine a tharraingt.

Formhór na ndaltaí san inchinn a chuir siad an Béarla, ag tabhairt le fios gur cheangail siad Béarla le “obair chognaíoch” agus níos minice ná a mhalairt sa gcroí a chuir siad an Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Daltaí den tuairim go bhfuil an Ghaeilge ‘leadránach’ agus ‘deacair’, seachas nuair a bhíonn pizza á dhéanamh'