Daingniú stádas na Gaeilge san AE luaite mar chuspóir i bhforógraí dhá mhórpháirtí

Cinneadh i mí an Mhárta seo caite go gcuirfí síneadh go dtí 2029 le riail a fhágann nach gá seirbhísí iomlána Pharlaimint na hEorpa a chur ar fáil i nGaeilge agus i Máltais

Daingniú stádas na Gaeilge san AE luaite mar chuspóir i bhforógraí dhá mhórpháirtí

Tá geallta ag Sinn Féin agus Fianna Fáil go saothródh a bhFeisirí Eorpacha chun lánstádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a dhaingniú.

I dtús 2022 fógraíodh go raibh lánstádas ag an nGaeilge san Aontas Eorpach, go raibh deireadh leis an maolú ar stádas na teanga agus go mbeadh sí ar comhchéim feasta leis na teangacha oifigiúla eile.

Ach cinneadh mí an Mhárta seo caite go gcuirfí síneadh go dtí 2029 le riail a fhágann nach gá seirbhísí iomlána Pharlaimint na hEorpa a chur ar fáil i nGaeilge agus i Máltais.

Deir Sinn Féin ina bhforógra do na toghcháin Eorpacha, a bheidh ar siúl Dé hAoine, go bhfuil cruthaithe go maith ag an bpáirtí ó thaobh cosaint a thabhairt do stádas na Gaeilge san AE.

Deir Sinn Féin go bhfuil “cothromaíocht iomlán” á ceilt ar an nGaeilge i gcónaí san AE.

“Tá sé ríthábhachtach go mbainfeadh na feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa arb as Éirinn iad leas as na cearta atá bainte amach againn agus go dtroidfidís ar mhaithe le cothromaíocht iomlán a bhaint amach.

“Tá dualgas orainn chomh maith seasamh ar son an 55 milliún duine eile san Eoraip a labhraíonn teanga réigiúnda, nó teanga mhionlaigh nó teanga neamhfhorleathan, go leor acu a mbíonn leithcheal á dhéanamh orthu.”

Tá Sinn Féin ag iarraidh go mbeadh coimisinéir teanga Eorpach ann a mbeadh a oifig ina foras faire a dhéanfadh maoirseacht ar stáit maidir le cearta teanga agus a chuirfeadh comhairle a leasa orthu.

“Tá an t-ilteangachas faoi bhagairt san AE de réir mar a fhaigheann teanga amháin, an Béarla, forlámhas ar chúrsaí,” a deir Sinn Féin.

Deir Sinn Féin go ndéanfadh a bhfeisirí iarracht an Ghaeilge a úsáid go rialta sa pharlaimint agus go gcuirfidís feachtas ar bun chun go mbeadh seirbhís ateangaireachta iomlán ar fáil.

Thacódh Sinn Féin leis an iarratas ar stádas oifigiúil don Chatalóinis, an Ghailísis agus an Bhascais agus dhéanfadh a bhfeisirí stocaireacht ar mhaithe le maoiniú agus tacaíocht a fháil do mhuintir na Gaeltachta.

Deirtear i bhforógra Fhianna Fáil go ngníomhódh a gcuid feisirí chun stádas na Gaeilge san Eoraip a “dhaingniú”.

Lorgódh Fianna Fáil chomh maith tuilleadh tacaíochta don scéim Erasmus Gaeltachta, faoina dtugtar deis do mhic léinn tréimhse a chaitheamh le teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Deir Fine Gael go dtacóidís chomh maith le Erasmus na Gaeltachta agus go n-oibreodh a bhfeisirí in institiúidí an AE “chun tuilleadh foinsí maoinithe a aithint chun an Ghaeilge a chur chun cinn”.

Thacódh Fine Gael, a mhaítear, le cur chun cinn na Gaeilge i gcúrsaí turasóireachta agus le gnólachtaí a spreagadh pacáistíocht dhátheangach a úsáid “nuair is féidir, agus ar an gcoinníoll gur féidir é sin a dhéanamh go cost-éifeachtúil”.

Deirtear i bhforógra Fhine Gael gur éacht a bhí ann lánstádas don Ghaeilge a bhaint amach in 2022 ach ní luaitear an cinneadh i mí an Mhárta nach mbeadh lánseirbhís Ghaeilge ar fáil i bParlaimint na hEorpa go dtí 2029.

Páirtí an Lucht Oibre an páirtí eile a luann an Ghaeilge ina bhforógra do thoghcháin na hEorpa.

Deir Páirtí an Lucht Oibre go dtacóidís le soláthar seirbhísí ateangaireachta i bParlaimint na hEorpa trína thuilleadh ateangairí a bhfuil Gaeilge acu a fhostú. Deir Páirtí an Lucht Oibre go bhféachfadh a bhfeisirí Eorpacha chuige go mbeadh maoiniú ar fáil do chur chun cinn na Gaeilge i gcláir forbartha de chuid an AE.

Fág freagra ar 'Daingniú stádas na Gaeilge san AE luaite mar chuspóir i bhforógraí dhá mhórpháirtí'