Dá mbronnfaí anois gradaim na All-Stars iománaíochta…

Gan ach cluiche amháin fágtha sa chraobh, roghnaíonn Tuairisc.ie na himreoirí is fearr atá feicthe againn go dtí seo i mbliana

All-Stars

Cúl Báire

Colm Callanan (Gaillimh)

Ar fheabhas i mbliana. Léirigh a ghaiscí i gcoinne Thiobraid Árann cén fáth a bhfuil Callanan istigh in áit James Skehill atá ar bhinse na Gaillimhe.

Lánchúlaithe

Paul Murphy (Cill Chainnigh)

An t-imreoir is fearr sa tír sa líne seo. Gach seans go mbronnfar air a cheathrú gradam All-Star ag deireadh na bliana.

Joey Holden (Cill Chainnigh)

Bhí brú mór ar Holden agus é ag teacht isteach in áit JJ Delaney, duine de na lánchúlaithe is fearr a bhí riamh ann, ach níl a dhath as bealach déanta ag an gcaptaen fós.

Johnny Coen (Gaillimh)

Is ar éigean a fuair sé áit ar an bhfoireann seo in áit Noel Connors, ach tá Coen ag taispeáint an chumais ba chúis leis an ngradam ‘Iománaí Óg na Bliana’ a bheith bronnta air i 2012.

Leathchúlaithe

Daithí Burke (Gaillimh)

Chaill Burke amach ar chuid mhaith den tsraith agus é gafa le peileadóirí Chora Finne ach tá sé ag dul ó neart go neart ó shin agus seans maith gurb é a bheidh ag coinneáil súil ar Richie Hogan sa chluiche ceannais.

Tadhg de Búrca (Port Láirge)

Bhí ról lárnach ag de Búrca i gcóras imeartha Phort Láirge, agus é ag feidhmiú mar scuabadóir, nó cosantóir le cois. Cé gur cuireadh brú air i gcoinne Chill Chainnigh, bhí sé ar fheabhas i gCúige Mumhan.

Cillian Buckley (Cill Chainnigh)

Crann taca líne leathchúil Chill Chainnigh, thaispeáin sé sa chluiche leathcheannais go bhfuil sé chomh láidir ag ionsaí agus atá sé ag cosaint.

Lár na Páirce

Jamie Barron (Port Láirge)

Seans gurb é lár na páirce an áit is deacra le líonadh agus gan aon mµor ghaisce déanta ag éinne ann. Ach thug Barron taispeántais mhaithe uaidh ó thús deireadh i mbliana, agus áit tuillte dá bhar aige in áit Kevin Moran a bhí san iomaíocht freisin.

Austin Gleeson (Port Láirge)

I ndáiríre, is sa líne leathchúil is mó a d’imir Gleeson i mbliana ach chaith sé seal amuigh i lár na páirce agus caithfear áit a fháil don bhfear atá san iomaíocht d’Iománaí Óg na Bliana 2015 leis na Gaillimhigh Cathal Mannion agus Jason Flynn.

Leath-thosaithe

Cathal Mannion (Gaillimh)

Tá níos mó scóráilte ón imirt aige ná aon imreoir eile i mbliana. 3-20 atá faighte ag Mannion san iomlán, agus é ag baint ualach na scórála de Joe Canning i measc thosaithe na Gaillimhe.

Richie Hogan (Cill Chainnigh)

Ba é Hogan Iománaí na Bliana 2014 agus tá sé ar dhuine de na himreoirí is fearr sa tír arís i mbliana. Seans nach bhfuil aon imreoir sa tír le cúpla bliain anuas a imríonn chomh maith sin chomh minic sin.

TJ Reid (Cill Chainnigh)

Is é Reid a sheasann amach don ghradam Iománaí na Bliana faoi láthair. Bhí scil dhochreidte i gcónaí aige, ach tá sé éirithe níos láidre freisin. Tá an ‘Rí’ Shefflin imithe ach níl Reid i bhfad uaidh.

Lántosaithe

John O’Dwyer (Tiobraid Árann)

Bhí sé ciúin go maith in aghaidh na Gaillimhe sa chluiche leathcheannais, gan ach 0-2 scóráilte aige ach ba é an t-imreoir ab fhearr ag Tiobraid Árann go dtí sin, go háirithe i gcluiche ceannais na Mumhan.

Séamus Callanan (Tiobraid Árann)

Mura mbacfaí ach leis an taispeántas i gcoinne na Gaillimhe amháin, bheadh agus tá gradam tuillte ag Callanan, ach bhí an lántosach ar fheabhas níos luaithe sa chraobh chomh maith, go háirithe i gcoinne Luimnigh.

Maurice Shanahan (Port Láirge)

Nuair a bhain drochghortú do Pauric Mahony san earrach, tháinig brú ar Shanahan a bheith mar príomhscórálaí na nDéiseach ach níor chur sé lá mairige air. Tá sé áirithe anois ar dhuihe de na tosaithe is fearr sa chraobh.

Ionadaithe

Darren Gleeson (Tiobraid Árann), Anthony Nash (Corcaigh);

Pádraig Mannion (Gaillimh), Noel Connors (Port Láirge), Shane Fives (Port Láirge), Cathal Barrett (Tiobraid Árann), Brian Murphy (Corcaigh), James Barry (Tiobraid Arann); Philip Mahony (Port Láirge), Pádraic Maher (Tiobraid Árann), Ronan Maher (Tiobraid Árann), Kieran Joyce (Cill Chainnigh), Mark Ellis (Corcaigh), Pádraig Walsh (Cill Chainnigh); Kevin Moran (Port Láirge), Conor Fogarty (Cill Chainnigh), David Burke (Gaillimh), Shane McGrath (Tiobraid Árann); Jonathan Glynn (Gaillimh), Jason Flynn (Gaillimh), Colin Dunford (Port Láirge), Paul Ryan (Áth Cliath), Patrick Maher (Tiobraid Árann), Brendan Maher (Tiobraid Árann); Ger Aylward (Cill Chainnigh), Eoin Larkin (Cill Chainnigh), Joe Canning (Gaillimh), Conor Lehane (Corcaigh), Michael Walsh (Port Láirge), Shane Dowling (Luimneach)

Fág freagra ar 'Dá mbronnfaí anois gradaim na All-Stars iománaíochta…'