Cúrsaí reiligiúin agus cúrsaí airgid ‘ina mbac’ ar Mhoslamaigh óga freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht

Tá moladh déanta ag Bord Oideachais na Moslamach go ndéanfaí cúrsa samhraidh Gaeilge a reáchtáil i gcathair Bhaile Átha Chliath toisc nach mbíonn éileamh i measc tuismitheoirí Moslamacha ar na coláistí samhraidh Gaeltachta

Cúrsaí reiligiúin agus cúrsaí airgid ‘ina mbac’ ar Mhoslamaigh óga freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht

Bíonn “cúrsaí reiligiúin agus cúrsaí airgid” ina mbac ar Mhoslamaigh óga freastal ar chúrsaí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tá moladh déanta ag Bord Oideachais na Moslamach go ndéanfaí cúrsa samhraidh Gaeilge a reáchtáil i gcathair Bhaile Átha Chliath toisc nach mbíonn éileamh i measc tuismitheoirí Moslamacha ar na coláistí samhraidh Gaeltachta.

Moladh ag cruinniú a bhí ag an Roinn Oideachais le Bord Oideachais na Moslamach (MBOE) faoi dhréachtú an pholasaí oideachais lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, go ndéanfaí an cúrsa a reáchtáil ar bhonn píolótach le freastal ar Mhoslamaigh óga atá ag foghlaim na Gaeilge.

Dúradh ag an chruinniú, a bhí ar cheann de na cruinnithe faoin pholasaí nua a bhí ag an Roinn Oideachais le heagraíochtaí éagsúla, go raibh gá leis an Ghaeilge agus le hoideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail Mhoslamaigh.

Bíonn Béarla, Araibis agus an Ghaeilge á dteagasc sa dá bhunscoil atá faoi chúram Bhord Oideachais na Moslamach.

Deirtear sna miontuairiscí go meastar “tábhacht” a bheith ag baint le foghlaim na Gaeilge chun “féiniúlacht Mhoslamach agus Éireannach a chothú” i scoileanna an bhoird.

Dúradh go bhfuil “tuiscint mhaith ar bhuntáistí an ilteangachais” i measc an phobail Mhoslamaigh agus gur minic an ceathrú teanga á labhairt sa bhaile ag páistí a bhíonn ag freastal ar scoileanna an bhoird.

Dúradh go bhfuil cleachtas “an-láidir” i scoileanna Bhord Oideachais na Moslamach comhairle a thabhairt gan díolúine ón Ghaeilge á lorg. Dúradh go gcuirtear tuismitheoirí ar an eolas faoi na “buntáistí” a bhaineann leis an Ghaeilge agus faoi “na doirse a d’fhéadfadh dúnadh” ar pháistí nach ndéanann staidéar ar an Ghaeilge.

Moladh chomh maith ag an chruinniú gur gá “eiseamláirí” Moslamacha a aimsiú leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus le cur in iúl don phobal Moslamach in Éirinn go raibh an Ghaeilge “tábhachtach” do ghairmeacha áirithe.

Fág freagra ar 'Cúrsaí reiligiúin agus cúrsaí airgid ‘ina mbac’ ar Mhoslamaigh óga freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht'

  • John

    Chuir an ráiteas thíos ón alt ola ar mo chroí. Eiseamláir do scoileanna agus dúinne uilig.

    “Dúradh go bhfuil cleachtas “an-láidir” i scoileanna Bhord Oideachais na Moslamach comhairle a thabhairt gan díolúine ón Ghaeilge á lorg. Dúradh go gcuirtear tuismitheoirí ar an eolas faoi na “buntáistí” a bhaineann leis an Ghaeilge agus faoi “na doirse a d’fhéadfadh dúnadh” ar pháistí nach ndéanann staidéar ar an Ghaeilge”

    Moladh stuama, agus ba dheas dá mbeadh cúrsa Gaeilge a reachtáil i lár na Cathrach do na daltaí seo le linn an tsamhraidh agus deis acu cuairt a thabhairt ar Ráth Chairn.

  • Billy an Ghoirt

    Maith iad! Cosúil leis na Sean-Normannaigh fadó fadó, beidh síad níos Gaelaí ná na hÉireannaigh tar éis glúin nó dó eile.