Cúrsaí oideachais is mó a bhí ag déanamh imní don 18 Teachta Dála a labhair le linn Lá na Gaeilge

Ní raibh aon cheannaire páirtí ná aire sinsearach i láthair don díospóireacht bhliantúil i dTeach Laighean

Cúrsaí oideachais is mó a bhí ag déanamh imní don 18 Teachta Dála a labhair le linn Lá na Gaeilge

Polasaí nua don Ghaeilge sa chóras oideachais agus sa chóras pleanála sa Ghaeltacht an dá éileamh is mó a bhí ag Teachtaí Dála a thug ráitis faoin nGaeilge sa Dáil inné do Sheachtain na Gaeilge.

Ocht dTeachta dhéag ar fad a rinne píosaí cainte éagsúla faoi na dúshláin agus na deiseanna atá ann don teanga agus dá pobal.

Ní raibh aon cheannaire páirtí ná Aire sinsearach i láthair don díospóireacht bhliantúil i dTeach Laighean.

Labhair Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan faoin dul chun cinn, dar leis, a bhain an Rialtas amach do chás na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

Níor labhair ach duine amháin thar cheann Fhianna Fáil, an páirtí is mó is mó sa Rialtas, an Teachta Jim O’Callaghan.

Ba é leascheannaire Shinn Féin sa Dáil, Pearse Doherty, an Teachta ba shinsearaí ón bhfreasúra a labhair le linn an tseisiúin.

Seisear ar fad ó Shinn Féin a labhair, an líon is mó ó aon pháirtí. Chomh maith le Pearse Doherty, thug urlabhraí Gaeilge an pháirtí Aengus Ó Snodaigh píosa cainte agus labhair Mairéad Farrell, Dessie Ellis, Mark Ward agus Ruairí Ó Murchú freisin.

Beirt ón gComhaontas Glas, Marc Ó Cathasaigh agus Brian Leddin, a rinne ráitis.

Beirt eile ó Phobal Seachas Brabús a bhí i láthair, Bríd Smith agus Mick Barry agus bhí urlabhraí Gaeilge na nDaonlathaithe Sóisialta, Gary Gannon, Catherine Connolly (Neamhspleách), Thomas Pringle (Neamhspleách), Peadar Tóibín (Aontú) agus an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, ina measc siúd a rinne píosaí cainte freisin.

Bhí cúrsaí oideachais ar cheann de na téamaí is minice a luadh le linn an phlé agus cáineadh a dhéanamh ag cuid mhaith de na Teachtaí a labhair ar an moladh 30 nóiméad níos lú sa tseachtain a chaitheamh ar mhúineadh na Gaeilge i scoileanna Béarla.

Dúirt an Teachta Dála Marc Ó Cathasaigh go mbeadh “drochthionchar” ag an athrú sin ar an nGaeilge agus go raibh polasaí cuimsitheach don teanga sa chóras oideachais, mar atá luaite sa Chlár Rialtais agus atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge, ag teastáil “níos mó ná riamh”.

Ghuigh roinnt Teachtaí rath ar an scannán Gaeilge An Cailín Ciúin atá san iomaíocht ag na gradaim Oscar an deireadh seachtaine seo. Dúirt Jim O’Callaghan gur fhreastail ‘an cailín ciúin’ féin Catherine Clinch, atá sa phríomhpháirt sa scannán, ar Scoil Bhríde ina Dháilcheantar féin, ceann de shé bhunscoil lán-Ghaeilge sa cheantar atá ag éileamh gaelcholáiste nua i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Luadh an feachtas ‘Gaelcholáiste BÁC 2, 4, 6, 8’ roinnt uaireanta le linn an phlé agus dúirt Gary Gannon gur chuir sé “lagmhisneach” air go raibh ar daltaí a d’fhreastail ar na scoileanna sin dul leis an oideachas lán-Bhéarla san iarbhunscoil toisc nach raibh aon áit ann dóibh i ngaelcholáiste.

Dúirt Gannon, Dessie Ellis agus Bríd Smith go raibh an-éileamh ar an ghaelscolaíocht i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath freisin agus luaigh sé an rath a bhí ar na gaelscoileanna i mBaile Munna mar eiseamláir.

Dúirt urlabhraí oideachais Pháirtí an Lucht Oibre, Aodhán Ó Ríordáin, go raibh “scéim dhifriúil” ag teastáil do mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna agus mhol sé go gcaithfeadh páistí bliain nó dhó ag foghlaim go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Mhol Ó Ríordáin arís gur chóir fáil réidh leis an riachtanas go mbeadh pas i scrúdú ardleibhéil na Gaeilge san Ardteist faighte acu siúd atá ag iarraidh freastal ar na coláistí oiliúna agus go raibh daoine ó cheantair bhochta fágtha faoi mhíbhuntáiste ag an riachtanas.

An ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht an t-ábhar mór eile a pléadh le linn an tseisiúin sa Dáil inné agus dúirt Gary Gannon go raibh sé “scannalach” nach raibh cainteoirí dúchais Gaeilge in ann tithe a thógáil ina gceantar féin.

Dúirt Mick Barry gurb í an ghéarchéim tithíochta “an bhagairt is mó don Ghaeltacht mar phobal teanga bundúchasach agus do na coláistí samhraidh mar bhunchloch gheilleagar na Gaeltachta.”

Mhol sé go dtabharfadh an Rialtas cumhachtaí breise d’Údarás na Gaeltachta chun tithíocht phoiblí a thógáil agus dúirt Peadar Tóibín freisin gur cheart cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a fhágáil faoi chúram an Údaráis.

Rinneadh ráitis faoin nGaeilge sa Seanad freisin an tseachtain seo, mar ar labhair na Seanadóirí Seán Kyne, Rónán Mullen, Malcolm Byrne, Róisín Garvey, Niall Ó Donnghaile agus Joe O’Reilly.

Fág freagra ar 'Cúrsaí oideachais is mó a bhí ag déanamh imní don 18 Teachta Dála a labhair le linn Lá na Gaeilge'