Cur síos déanta ag Marty Walsh ar a chairdeas le Kamala Harris

Níl iarmhéara Boston, arbh as Gaeltacht Chonamara a mhuintir, cinnte ar chor ar bith faoi chúrsa an fheachtais Uachtaránachta agus toradh an toghcháin

Cur síos déanta ag Marty Walsh ar a chairdeas le Kamala Harris

Kamala Harris agus Marty Walsh. Pic: marty_walsh/X

‘Lá amháin san iarraidh’ é mana Marty Walsh sa saol. Tá ciall cheannaithe aige ar chúiseanna pearsanta. Ní fear an t-iarmhéara ar Boston, arbh imircigh as Gaeltacht Chonamara a mháthair agus a athair, a labhraíonn amach go minic faoina shaol féin. Ach ba mhór an díol spéise an t-agallamh a thug sé do stáisiún raidió WBUR i mBoston. Ceistíodh é faoin gcaoi ar tharla sé gur iarradh air meastóireacht a dhéanamh ar dhaoine a bhí á lua mar iarrthóirí leasuachtaránachta agus faoin muinín a chuir Kamala Harris ina bhreithiúnas.

Ba mhinic leis féin agus le Kamala Harris píosaí comhrá a bheith eatarthu, a deir Marty Walsh. “Labhair muid faoi chúrsaí náisiúnta, faoi imeachtaí ar fud an domhain, faoi imeachtaí áitiúla agus faoi chúrsaí teaghlaigh na beirte againn.” Dúirt iarmhéara Boston agus iar-rúnaí saothair Rialtas Mheiriceá go raibh cairdeas nádúrtha agus tuisceanach idir é féin agus an Leasuachtarán nuair a bhí seisean in Washington. “Duine ceart í,” a deir sé.

Bhí Walsh an-oscailte ina chuid cainte san agallamh seo, ach bhí ceist amháin nach bhfreagródh sé. An raibh seisean i bhfabhar go n-ainmneofaí an Gobharnóir Tim Walz mar leathbhádóir Kamala Harris do thoghchán an Uachtaráin?

“Fágfaidh muid an cheist sin go leataobh,” a deir Marty Walsh.

Ach dúirt sé an méid seo: “Bhí an ceathrar a bhí sa rása uilig ábalta – an Gobharnóir Josh Shapiro as Pennsylvania, an Seanadóir Mark Kelly as Arizona, an Gobharnóir Andy Beshear as Kentucky agus an Gobharnóir Tim Walz as Minnesota. Bheadh buanna áirithe ag baint le chuile dhuine acu.”

Ach bhí roinnt aithne curtha ag Marty Walsh ar an ngobharnóir Tim Walz roimhe seo.

“Chas mé leis nuair a bhí mé i mo rúnaí saothair. Fear é atá fite fuaite sa bpobal agus is cás leis an dream atá faoi mhíbhuntáiste. Thug mé faoi deara gur aithin cuimse daoine ar an tsráid é in Michigan. Chuir sé i gcuimhne dom an bealach a ndéanann muintir Boston teanntás ar an Méara.”

B’fhéidir go dtugann an chaint sin léargas ar an iarrthóir ba mhó a raibh tóir ag Marty Walsh air.

Níl Walsh cinnte ar chor ar bith faoi chúrsa an fheachtais Uachtaránachta agus toradh an toghcháin. “Ní mór a bheith san airdeall,” a deir sé. “Is iomaí sin cor agus casadh atá i bhfeachtas Uachtaránachta. Bíonn tú thuas seal agus thíos seal. Téann an preas as éadan ar shlí amháin scaití, tagann sruthanna tuairimíochta chun cinn ar na meáin shóisialta agus athraíonn an pobal a n-intinn.”

Glacann Marty Walsh leis, a dúirt sé, go bhfuil an inimirce agus eacnamaíocht na tíre i measc na gceisteanna ollmhóra sa bhfeachtas. “Taispeánann pobalbhreitheanna gur mó trust atá ag daoine as leagan amach Donald Trump ar na hábhair sin. Creideann Walsh go bhfuil beartas láidir poiblíochta ag teastáil ón bPáirtí Daonlathach.

“Tá an eacnamaíocht beo agus bríomhar, ach creideann cuid mhaith den phobal a mhalairt. Tá gach uile scéal sa tír, agus sa saol mór, agus is deacair an teachtaireacht faoin eacnamaíocht a chur i gcion ar dhaoine.”

Anois céard faoi Marty Walsh é féin agus é ina chara ag cuid de na daoine is cumhachtaí sa bPáirtí Daonlathach? An airíonn sé an pholaitíocht uaidh ó thóg sé an post mar Stiúrthóir ar Chumann na nImreoirí Gairmiúla Haca i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe?

D’admhaigh sé gur airigh agus luaigh sé an teagmháil leis an bpobal agus an saothar ar mhaithe le bealaí saoil níos fearr a chur ar fáil do dhaoine. Ní shin le rá nach bhfuil sé breá sásta mar Stiúrthóir ar an gCumann Haca agus maidir le plean ar bith le dhul san iomaíocht i dtoghcháin, níl a leithéid de rud ar na bacáin, a dúirt sé.

Dúirt Walsh nach duine é a bhreathnaíonn i bhfad roimhe. “Sé an mana atá agam ná lá amháin san iarraidh, ” a deir sé.

Dúirt sé go raibh sé mar aidhm aige ina fhear óg a bheith ina fheisire sa bparlaimint stáit. “Bhain mé an cuspóir sin amach agus dhírigh mé mo chompás ar phost an mhéara i mBoston ina dhiaidh sin. Bhain mé amach é sin ach ní raibh cuimhne ar bith agam go dtiocfadh an lá nuair a chuirfeadh Uachtarán na Stát Aontaithe fios orm go Washington le bheith i mo rúnaí saothair i Rialtas na Stát Aontaithe.”

Mar a dúirt an t-iriseoir a bhí i mbun an agallaimh, is mór an t-aistear í ó shráideanna Dorchester go méaracht chathair Bhoston go post rúnaí saothair Mheiriceá agus ansin a bheith i do chomhairleoir neamhoifigiúil agus i do rúnchara ag iarrthóir uachtaránachta an Pháirtí Dhaonlathaigh.

Agus an cheist mhór ar deireadh – dá n-éireodh le Kamala Harris sa toghchán Uachtaránachta, agus dá n-iarrfadh sí ar Marty Walsh a bheith sa Rialtas in Washington, cén freagra a thabharfadh sé uirthi? Ní ceist í a d’fhreagródh Walsh faoi láthair. Mar a deir sé féin “fágaimis é sin go leataobh”. Nó seans go ndéarfadh sé nach bhfuil súil aige le cuireadh mar sin.

Lá amháin san iarraidh, a deir sé, agus is maith an scéalaí í an aimsir.

Fág freagra ar 'Cur síos déanta ag Marty Walsh ar a chairdeas le Kamala Harris'

  • Pat Butler

    Táim bréan den meigeafón pearsanta atá á dtabhairt do Marty Walsh ar an ardán seo.

    Murach Marty, ní bheadh aithne ag éinne ar Kamala Harris. Murach Marty, ní bheadh sí tar éis an ‘nod’ d’fháil thar Biden don dticéad Daonlathach. Murach cairdeas Marty, bheadh an bhean bhocht fágtha in eirbeall na scuaine.

    A leithéid de shodar mí náireach féin-ataithe i ndiaidh na n-uasal.

    Chuirfeadh an
    sodar gairmiúil déanaí seo éad ar shodarálaithe mínáireacha eile. I ndiaidh na n-uasal agus na cumhachta.

    Agus a leithéid de Thaidhg an Dá Thaoibh a nochtar san agallamh thuas. Ceacht samplach den gcute-hoorachas. Ar an láimh amháin, agus ar an láimh eile. Ní molann Marty Tim Walz thar na hiomaitheoirí eile don Leas-Uachtaracht. Ar eagla go dteipfidh ar Kamala, is go mbeadh an triúr eile sa fráma don jab mór an chéad uair eile. Is go mbeadh Marty ar an gcomhad mar ‘Walz man’. Ahhhh!

    Marty Walsh – Sodarálaí aitheanta. Tuairisc – a mheigeafón.

    Ahh leads!