Tá cur síos ar shaol agus ar shaothar ceathrar Gael aitheanta atá ar shlí na fírinne curtha ar ainm.ie, an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge – Tim Robinson, údar, ealaíontóir agus cartagrafaí, Pádraig Mac Suibhne, file, Tom O’Donnell, polaiteoir, agus Seán Stafford, fear amharclainne.
Is iad Micheál Ó Conghaile, Seán Mac Labhraí agus Mártan Ó Ciardha a sholáthair na cuntais bheatha nua.
Bhí ainm in airde ar Tim Robinson, a bhásaigh in 2020 agus é 85 bliain, as na trí leabhar neamhfhicsin a scríobh sé faoi Chonamara agus an dá leabhar a scríobh sé a bhí bunaithe ar a chuid taighde in Oileáin Árann.
Ceannródaí cultúir ab ea Seán Stafford a cailleadh mí Lúnasa 2020. D’fhág Stafford, a bhí 96 bliain d’aois, a lorg ar shaol na n-ealaíon agus na hamharclannaíochta Gaeilge, go háirithe ar An Taibhdhearc sa Ghaillimh.
Bhí Tom O’Donnell, arb as Cill Mocheallóg i gcontae Luimnigh dó, ina aire Gaeltachta idir 1973-1977, le linn chomhrialtas Liam Cosgrave agus bhí sé ar dhuine de na hairí Gaeltachta ba mhó cáil agus stádas sa chéad seo caite.
I mBeitheach i nDún na nGall a rugadh Pádraig (Patsy) Mac Suibhne (1942-2020), múinteoir, údar, file, aisteoir agus poblachtánach.
Tá sé i gceist dhá bhaisc de bheathaí a chur leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie, an bhliain seo chugainn. Ar na daoine a bhfuiltear ag súil cuntais ar a saol a chur leis an mbunachar in 2023, tá Albert Fry, John Heely, Liam Ó Dúlacháin, Úna Ní Mhaoileoin, Seáinín Ó Direáin, Máire Uí Fhlatharta (Nic Eoin), Máire Ruiséal, Cáit Ruiséal agus Séamus Céitnn.
Tá 1,700 beathaisnéis, ó 1560 go dtí an lá inniu, ar fáil ar ainm.ie.
Tá an bunachar á fhorbairt ó 2009 i leith ag Gaois, Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na sraithe Beathaisnéis.
Fág freagra ar 'Cur síos ar shaol agus ar shaothar ceathrar Gael aitheanta curtha le ainm.ie'