Cur i gcéill a bhí i ngach polasaí oifigiúil faoi chúrsaí comhshaoil a d’fhoilsigh gach rialtas go dtí seo…

Íocfaidh Éire go daor as má chuirtear a dualgais maidir le laghdú aschur carbóin ar an méar fhada arís

Cur i gcéill a bhí i ngach polasaí oifigiúil faoi chúrsaí comhshaoil a d’fhoilsigh gach rialtas go dtí seo…

Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland

Ní smaoiníonn ár bhformhór go minic ar aschur carbóin ná ar thruailliú de chineál ar bith ná ar an athchúrsáil is g lena laghdú. Ach ní leigheasann easpa smaoinimh fadhb ar bith.

Ní oireann sé dár dTeachtaí Dála ach oiread polasaithe comhshaoil a chur i bhfeidhm más léir dóibh neamhthoil an phobail an praghas a bhaineann leo a íoc. Ach arís ní leigheasann seachaint riachtanais an riachtanas.

B’fhéidir mar sin féin gur treise meatacht na bpolaiteoirí ná toil na vótóirí. Ní féidir toil a dheimhniú riamh go dtí go gcuirtear polasaí i bhfeidhm – cuimhnigh ar scéal na dtáillí uisce. Ach tá fianaise ar fáil a thugann le fios go mb’fhéidir go bhfuil an pobal chun cinn ar Theachtaí Dála maidir le cúrsaí comhshaoil.

Nuair a d’iarr an Rialtas ar an Tionól Saoránach beartais chun déileáil leis an athrú aeráide a bhreithniú, chuir an Tionól 13 beartas ar ais chucu.  Tá an liosta iomlán ar fáil anseo.

Is léir an dearcadh ginearálta a bhí ag an Tionól sin ó na moltaí seo a leanas. Dúradh sa cháipéis a chuir an Tionól faoi bhráid an rialtais:

  1. Gur mhol 97% de chomhaltaí an Tionóil go mbeadh foras neamhspleách freagrach as beartais a chuirfí i bhfeidhm go práinneach chun déileáil le hathrú aeráide.
  2. Gur mhol 96% don Rialtas polasaithe a chur i bhfeidhm chun úsáid carranna leictreacha a bhrostú.
  3. Gur mhol 92% go mbeadh coibhneas 2:1 ar a laghad idir caiteachas an stáit ar sheirbhísí iompair phoiblí agus an caiteachas ar bhóithre, agus go mbeadh seirbhís phoiblí níos fearr ar fáil faoin tuath.
  4. Gur mhol 89% go ngearrfaí cáin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht agus go dtabharfaí cabhair d’fheirmeoirí le dul i muinín cleachtais a bheadh neamhdhíobhálach don timpeallacht.
  5. Go mbeadh 80% toilteanach cáin bhreise a íoc ar aon ghníomhaíocht a mbaineann tréan-astaíocht charbóin léi.

Ar ndóigh níl gach beartas a mhol an Tionól Saoránach gan locht. Tá cuid acu doiléir. Níl aon chur síos iontu mar shampla ar an gcostas a bhainfeadh lena gcur i bhfeidhm.

Mar sin féin, tá idir mheon agus toil soiléir sna moltaí. I mbeagán focal, thug comhaltaí an Tionóil le fios don rialtas go dteastaíonn polasaí dáiríre uathu chun déileáil le hathrú aeráide, agus go bhfuil a mbunáite (80%) sásta íoc as an bpolasaí sin.

Ni raibh ach ról comhairleach ag an Tionól ach ní hionann sin agus a rá nach bhfuil aird tuillte ag an tuairisc inar moladh na beartais thuas. Is fusa gníomh a mholadh ná a chur i bhfeidhm, ach tá riachtanas dosheachanta ag teannadh leis an Rialtas.

Ní raibh i ngach polasaí oifigiúil faoi chúrsaí comhshaoil a d’fhoilsigh gach rialtas go dtí seo ach cur i gcéill. Ba léir ón tús go raibh spriocanna dáiríre á seachaint, nó nach raibh seans ar bith ann go gcloífí leis na spriocanna a fógraíodh.

Tá aschur carbóin ag laghdú i mbeagnach gach ballstát san Aontas Eorpach, ach sa tír seo tá ár n-aschur carbóin ag méadú i gcónaí. Ó 2020 ar aghaidh beidh pionóis de chineálacha éagsúla á n-íoc ag an rialtas toisc nach gcomhlíonfar geallúintí an rialtais go laghdófaí astaíocht charbóin na hÉireann.

Níl meastachán cruinn ar fáil fós, ach rachaidh na figiúirí i méid de réir a chéile agus tá sé soiléir go mbeidh €400 milliún agus €600 milliún le n-íoc gach bliain ó 2025 ar aghaidh.

D’fhéadfaí lear mór tithe, scoileanna, agus ospidéil, a theastaíonn go géar, á thógáil leis an airgead sin, seachas é a chur amú ar pholasaí a mbeidh ar rialtas éigin é a athrú, luath nó mall.

Más maith is mithid.

Fág freagra ar 'Cur i gcéill a bhí i ngach polasaí oifigiúil faoi chúrsaí comhshaoil a d’fhoilsigh gach rialtas go dtí seo…'

  • Spairn

    Tá ár bport seinnte ó thaobh na haeráide de. An doras á iamh i ndiaidh na foghla is ea ‘na beartais’ sin chun astaíochtaí a laghdú. Sop in áit na scuaibe. Sop nach meáfaidh brobh i ndáiríre i ndeireadh thiar thall. Tá ré na leacoighre sa mhol thuaidh rite. Na farraigí móra foirgthe truaillithe le plaisteach. Aer lofa ag marú daoine gach lá ar fud an domhain. Daoine ‘i ngrá’ i gcónaí lena ngluaisteáin. Tá fhios againn nach mbeidh ach aon bhuaiteoir amháin ann nuair is coimhlint idir an t-airgead agus an timpeallacht atá ann. Agus sin atá ann.