Cur chuige frithsceimhlitheoireachta le húsáid chun cur i gcoinne an fhoréigin in aghaidh na mban

Ní mór gach iarracht a dhéanamh síolta an mhí-iompair a scrios i bhfad sula dtarlaíonn coir

Cur chuige frithsceimhlitheoireachta le húsáid chun cur i gcoinne an fhoréigin in aghaidh na mban

Maraíodh 30 bean i dTuaisceart Éireann ó 2019, triúr acu an mhí seo caite. Fir a mharaigh iad. Ba iad sin na heachtraí ba thromchúisí de na mílte ionsaithe ar mhná agus cailíní atá coitianta i dTuaisceart Éireann, os cionn 22,000 anuraidh.

Tá an scéal chomh holc go bhfuil cinneadh déanta ag an PSNI go gcaithfear tabhairt faoi ar an mbealach céanna le sceimhlitheoireacht agus coiriúlacht eagraithe. D’fhógair na póilíní an cur chuige nua le gairid tráth ar fhoilsigh siad uasdátú ar phlean na bliana 2022, iad ag comhoibriú leis an bhfeidhmeannas in Stormont a sheol, den chéad uair riamh, straitéis chun stop a chur leis an bhforéigean ar mhná agus cailíní.

Eipidéim is ea é, an mí-iompar seo atá fréamhaithe go daingean sa tsochaí, arsa an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill agus Emma Little Pengelly is iad ag fógairt buiséad £3 mhilliún don straitéis. B’fhada plean agus acmhainní á n-éileamh. Ba é Tuaisceart Éireann an áit deiridh sa Ríocht Aontaithe a d’fhaomh a leithéid de straitéis cé gur ann is mó an gá.

An lá a sheol na hairí a bplean bhí  breitheamh i mBéal Feirste ag tarraingt airde ar a liosta cúirte. Cúis lionnduibh a chuir alltacht air ab ea líon na gcionta a bhain le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile. I measc na gcúiseamh bhí dúnmharú, ionsaithe sa bhaile, sárú ar orduithe srianta, tachtadh neamh-mharfach agus éigniú.

D’fháiltigh an PSNI roimh straitéis an fheidhmeannais, mar a rinne Women’s Aid agus go leor lucht feachtais eile. Beidh na grúpaí ar fad ag obair i gcomhpháirtíocht lena chéile feasta, an cur chuige comhtháite. Beifear ag súil go mbeidh na polasaithe nua éifeachtach. Sa dá bhliain ó sheol an PSNI a straitéis féin i dtosach gabhadh os cionn 3,000 faoi reachtaíocht nua in aghaidh drochíde baile, stalcaireacht agus tachtadh neamh-mharfach.

Ba chabhair do na póilíní na dlíthe nua sin, gabhadh 80 ar an meán gach mí i dtaca leis an drochíde baile, 17 in aghaidh na míosa faoi stalcaireacht, iompar bagrach agus drochíde agus 77 duine eile sa mhí i ngeall ar thachtadh neamh-mharfach. San dara bliain den straitéis (suas go mí Iúil i mbliana) bhí laghdú 15% ar líon na gcoireanna go dtí 22,403; mhaígh an PSNI gur bhearta coisctheacha dá gcuid faoi ndear roinnt den titim sin.

Tá tábhacht le daoine a ghabháil, a chúiseamh agus a chiontú más féidir ach ní íocshláinte é sin. Mar a deir urlabhraithe an PSNI  ní chuirfear stop leis an bplá le póilíneacht amháin; “we can’t arrest our  way out of it” arsa ceannfort. Is fíor dó. Níl i bhfeidhmiú an dlí agus riar na córa ach cuid den bhfreagra atá riachtanach.

Ní mór a rá go mbíonn breith na cúirte róbhog anois is arís i gcásanna foréigin teaghlaigh nó mí-úsáid ghnéis agus gur minic an córas bagrach in áit a bheith cuiditheach do dhaoine a éigníodh; táthar ag cur feabhas ar chúrsaí, áfach, agus beifear ag súil go mbeidh tionchar mór ag an straitéis chomhtháite ar obair na n-údarás go leir.

Tá ról an phobail tábhachtach chomh maith. Dualgas is ea é gnéithe éagsúla an fhoréigin a aithint agus diúltú dóibh más caint nó gníomh atá i gceist – fuath ban, smachtú comhéigneach, ansmacht ar airgead, mí-úsáid ghnéis nó drochíde choirp.

Cé chomh minic is a fhágann éinne againn comhluadar in ionad a rá go raibh an rud a dúradh doghlactha? Sin séanadh ag an leibhéal is ísle.  Ina theannta, ní dhéanfaidh ‘cad é sin don té sin nach mbaineann’ an gnó. Faillí mhór is ea a rá nach gcuirfidh tú do ladar i ngnóthaí na gcomharsan má fheiceann tú drochiompar bagrach nó ionsaí; ní chuirfear stop leis an bhforéigean mura mbeidh daoine toilteanach dícheall a dhéanamh a theacht roimhe.

Ní mór gach iarracht a dhéanamh síolta an mhí-iompair a scrios i bhfad sula dtarlaíonn coir.  Caithfear béim a chur ar obair choisctheach agus caithfidh an pobal chomh maith leis na húdaráis a bheith rannpháirteach san saothar sin sa teaghlach, ar scoil, ar pháirceanna imeartha, sa chlub oíche, san ollscoil, san láthair oibre nó ar na meáin shóisialta.

Ní sheasfadh sinn inár staic dá mbeadh galar á scaipeadh (paindéim?). Plá is ea an foréigean seo; caithfear é a chosc.

Fág freagra ar 'Cur chuige frithsceimhlitheoireachta le húsáid chun cur i gcoinne an fhoréigin in aghaidh na mban'