Cúpla soicind a thóg sé teacht ar eolas ar líne don cholún seo, ach sin lár Bhaile Átha Cliath…

Tá scéal an leathanbhanda ina sheó bóthair ag gach rialtas le scór bliain agus tá gá le cur chuige nua

Cúpla soicind a thóg sé teacht ar eolas ar líne don cholún seo, ach sin lár Bhaile Átha Cliath…

Is minic go mbíonn sé riachtanach tuairisc oifigiúil na Dála a léamh agus an colún seo á scríobh. Is féidir an gnó a dhéanamh gan stró ar an idirlíon agus teacht ar an eolas in imeacht cúpla soicind.

Ní foláir a admháil láithreach go bhfuil leathmhilliún teach nó foirgneamh sa tír ina mbeadh saothar dá leithéid dodhéanta, nó dodhéanta ar ghnáthchostas.

Ach anseo i lár Bhaile Átha Cliath?

Fadhb ar bith.

Pléadh sa Dáil Dé Máirt an mhoill is deireanaí ar sholáthar córas leathanbhanda do chách. Níor theastaigh leis an díospóireacht a léamh ach dul go dtí www.oireachtas.ie, ‘Dáil Éireann’ a roghnú, agus cliceáil ar Cheisteanna na gCeannairí. 

Dúirt an Taoiseach go raibh sé dóchasach go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh le tógáil an chórais nua, ainneoin éirí as oifig Denis Naughten agus ainneoin an fhiosraithe faoi na ceisteanna a d’eascair as a dhinnéir phríobháideacha leis an tairgeoir David McCourt.

D’admhaigh Leo Varadkar go raibh a ndearna an t-aire stáit Pat Breen maidir le reáchtáil dinnéir amháin le Denis Naughten “místuama” ach níor shíl sé go raibh éirí as oifig riachtanach dá bharr. Bhí cur síos an aire stáit ar ar tharla dochreidte, dar le Micheál Martin.

Tá iniúchóir neamhspleách ag fiosrú an scéil agus dúirt an Taoiseach go rabhthas ag súil go mbeadh a thuairisc ar fáil i gceann trí nó ceithre seachtaine. Idir seo agus sinn, níl a fhios ag duine ar bith dáiríre an bhfuil an próiseas roghnúcháin, ina raibh triúr táirgeoirí páirteach i dtosach, slán ó bhuairt.

Dúirt státseirbhíseach a bhí freagrach as tairiscintí leathanbhanda eile roimhe seo leis an gcolún seo go raibh láimhseáil pholaitiúil an iarratais beagnach dochreidte. 

“Ó bhí Michael Lowry ina aire cumarsáide [1994-98] agus ó cuireadh iachall air éirí as, cuirtear mionchomhairle ar gach aire maidir le teagmháil de shaghas ar bith a dhéanamh le tairgeoirí a bhfuil spéis acu i gconradh poiblí. Shílfeá go dtabharfadh aire stuama ar bith aird ar chomhairle dá leithéid,” arsa an státseirbhíseach.

San idirlinn, idir seo agus foilsiú thuairim an iniúchóra maidir leis an bpróiseas tairisceana reatha, is léir don saol an t-ábhar imní. Níl ach tairgeoir amháin, David McCourt, ag iarraidh seirbhís leathanbhanda a thógáil. Cibé toradh a bheas ar an bhfiosrú, ní féidir a bheith cinnte go dtógfaidh sé an córas nua, go ndéanfaidh sé an obair gan mhoill ná go mbeidh an córas á riaradh ar bhonn sásúil ina dhiaidh sin.

Tá córas leathanbhanda den scoth geallta ag gach rialtas le scór bliain anuas. Dúradh go minic sa tréimhse sin nach mbeadh comhlachtaí príobháideacha toilteanach seirbhís iomlán a chur ar fail, i gceantair thuaithe, go háirithe. Rinne rialtais éagsúla neamhaird den lucht cáinte, mar gheall ar easpa airgid thar aon chúis eile.

Tá sé thar am tógáil an chórais a bhrostú (abairt a bheadh bailí deich mbliana ó shin, agus roimhe sin). Níl an stát chomh bocht anois agus a bhí in 2008, agus is treise an riachtanas. Dar le saineolaithe éagsúla, b’fhiú machnamh a dhéanamh ar chur chuige nua ina roghnófaí conraitheoir chun tabhairt faoi thógáil an chórais nua, gan aon dualgas a bheith air é a bhainistiú ina dhiaidh sin.

Dá dtabharfadh an rialtas geallúint go ndéanfadh an stát nó foras stáit bainistiú ar an gcóras nua, ón tús dá mba ghá, bheadh cinnteacht ar fáil – rud a theastaíonn go géar. Ar ndóigh bheadh costas ag baint le cur chuige mar seo, ach d’fhéadfaí an córas nua a dhíol le comhlacht príobháideach tar éis tamaill.

Faoi láthair, ní féidir a bheith cinnte go mbeidh an córas nua ar fáil roimh 2021 ar a luaithe. Tá cur chuige níos scafánta tuillte ag an leathmhilliún duine, ar a laghad, atá ag fanacht ar an tseirbhís. Cibé réiteach a aimseofar, teastaíonn cur i bhfeidhm gan mhoill.

Ionas nach mbeidh an méid céanna á scríobh arís anseo in 2021, nó, Dia dár sábháil, in 2028.

Agus ionas go mbeidh buntáistí an idirlín ar fáil ar bhonn cothrom ar fud na tíre.

Fág freagra ar 'Cúpla soicind a thóg sé teacht ar eolas ar líne don cholún seo, ach sin lár Bhaile Átha Cliath…'