Cúngú ar an daonlathas é roghanna an vótóra a laghdú

Ní hiad na haontachtaithe amháin a théann i muinín seifte chun líon na roghanna a bhíonn ag vótóirí a laghdú

Cúngú ar an daonlathas é roghanna an vótóra a laghdú

Is iomaí locht ar an gcóras vótála le haghaidh olltoghcháin Westminster ‘an chéad duine abhaile’.

Tá sé éagothrom, ina chrann taca ag lucht an nirt. Bhí Boris Johnson agus na Caomhaigh caithréimeach in 2019, le móramh ollmhór ar 44% de na vótaí a caitheadh. D’fhág sé sin nach raibh tionchar ar bith ag breis is leath na ndaoine a chaith guth. Mar bharr ar an laige sin baintear leas i dTuaisceart Éireann uaireanta as an gcóras chun srian sa bhreis a chur ar rogha an vótóra.

Más cuimhin le héinne olltoghchán le dhá scór bliain nach raibh caint abhus faoi ‘mhargadh réamhthoghcháin’ údar iontais a bheadh ann. Tá sé níos coitianta i measc aontachtaithe a bheith ag iarraidh comhaontuithe faoi iarrthóirí chun suíocháin imeallacha a choinneáil. Is minic a bhain siad triail as i Lár Uladh agus i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas, an toghcheantar is imeallaí san Ríocht Aontaithe ar fad. Tá dianphlé faoi chomhaontú ar siúl an babhta seo freisin, Jim Allister TUV á iarraidh, in aisce, le bliain ach an DUP cíocrach chuige anois.

Fiú sular fógraíodh go mbeadh réalta isteach, Pat Cullen, ceannaire cheardchumann na n-altraí sa Royal College of Nursing, mar iarrthóir ag Sinn Féin i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas in áit Michelle Gildernew atá ag dul sa seans thar teorainn, bhí na haontachtaithe ag coraíocht faoi mhargadh. Dhiúltaigh Doug Beattie, ceannaire an UUP, d’éilimh ón DUP agus TUV duine neamhpháirtí nó oll-aontachtach a roghnú. Is í Diana Armstrong, iarrthóir an UUP a bheidh in iomaíocht le Pat Cullen agus cibé iarrthóirí a bheidh ag SDLP, Alliance agus eile.

Oíche Dé Céadaoin seo caite nuair a dearbhaíodh Gavin Robinson ina cheannaire ar an DUP tar éis dhá mhí mar cheannaire eatramhach, d’fhógair sé nach seasfadh an DUP i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas ná san Dún Thuaidh. Mhol sé do vótóirí an DUP tacú le Armstrong i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas agus le Alex Easton san Dún Thuaidh le súil is go mbainfeadh aontachtaithe na suíocháin ó Shinn Féin agus Alliance, fá seach.

B’in é a iarracht ar mhaithe le neartú an aontais ach ba é a bheart ar mhaithe leis an DUP a aontú ba mhó a tharraing aird. D’admhaigh sé go bhfuil teorainn i Muir Éireann i gcónaí agus go ndearna siad áibhéil faoina raibh bainte amach acu sa mhargadh chun filleadh ar Stormont. Gheall sé go leanfadh a bhfeachtas in aghaidh na teorann sin, geallúint a mbeadh sé an-deacair í a chomhlíonadh ach chuir sé na caoirigh thar abhainn sa mhéid is gur mhaolaigh sé an t-easaontas sa pháirtí. Músclaíonn sé ceisteanna don TUV maidir lena bplean chun dúshlán an DUP a thabhairt ach tá ceithre lá imeartha fós acu sula ndúnfar na hainmniúcháin.

Ní hiad na haontachtaithe amháin a théann i muinín seifte chun líon na roghanna a bhíonn ag vótóirí a laghdú. Seachnaíonn formhór na bpáirtithe comhaontuithe foirmeálta ach seasann daoine i leataobh nó ní ritear feachtais bhríomhara in áiteacha. In 2019, mar shampla, sheas náisiúnaithe agus Comhaontas Glas i leataobh i dtoghcheantair áirithe chun an vóta frith-Bhreatimeachta a dhaingniú. Dá dheasca sin chloígh John Finucane, Sinn Féin an seanfhondúir ón DUP Nigel Dodds i mBéal Feirste Thuaidh agus bhí bua ollmhór ag Claire Hanna, SDLP ar Emma Little Pengelly, DUP i ndeisceart Bhéal Feirste.

Tá an SDLP ag seasamh sna 18 toghcheantair ach d’admhaigh a gceannaire Colum Eastwood go mbeidís ag díriú ar na comórtais a bhfuil seans acu iad a bhaint. Is léir gurb iad sin Feabhail mar a bhfuil sé féin, agus Béal Feirste Theas /an Dún Láir mar a bhfuil Claire Hanna, chomh maith leis an Dún Theas ina gceapann siad go bhfuil seans acu.

Ní bheidh éinne as Sinn Féin san iomaíocht le Claire Hanna ó d’fhógair Sinn Féin nach mbeadh siad ag seasamh i gceithre thoghcheantar agus iad ag moladh do dhaoine vótáil ar son iarrthóirí forásacha. Is iad na trí cinn eile an Dún Thuaidh mar a mbeidh Stephen Farry, Alliance ag cosaint a shuíocháin agus Béal Feirste Thoir is Gleann an Lagáin ina mbeidh Naomi Long agus Sorcha Eastwood, Alliance ag iarraidh an DUP a bhualadh.

Níl comhaontú déanta in aon toghcheantar ag na páirtithe sin ach beidh claonadh chun margaidh le feiceáil. Níl aon fhadhb leis más é rogha an vótóra é. Is cúngú ar an daonlathas é roghanna an vótóra a laghdú.

Fág freagra ar 'Cúngú ar an daonlathas é roghanna an vótóra a laghdú'