Cúnamh a thabhairt don dúlra nó gan cúnamh a thabhairt dó? Sin í an cheist…

Tá sé ina chíréib san Ísiltír maidir le buantogra fiadhúlra ina bhfuair os cionn trí mhíle fia, capall agus beithíoch fiáin bás an geimhreadh seo

Cúnamh a thabhairt don dúlra nó gan cúnamh a thabhairt dó? Sin í an cheist…

Trí thimpiste a tháinig na Oostvaardersplassen, fiántas fliuch i gceartlár na hÍsiltíre, ar an saol an chéad lá riamh.

Sna 1960í, nuair a rinneadh talamh den chuid thoir den fharraige intíre ar a dtugtaí An Mhuir Theas tráth, cuireadh ceantar ar cóimhéid le trí oileán Árann i leataobh, i gcúinne thiar theas an chontae nua-chruthaithe Flevoland, chun ceantar ollmhór tionsclaíochta a fhorbairt ann. 

Ach níor tógadh an ceantar tionsclaíochta sin riamh agus níorbh fhada nó go ndearna an dúlra a chuid féin den talamh bán úrnua. Thosaigh plandaí neamhfhorleathana ag fás ann agus rinne éanlaith a mbaile ann. 

Faoi lár na 1970í, aithníodh an ceantar mar ghnáthóg bhogaigh a raibh tábhacht idirnáisiúnta léi. Nuair a tógadh an líne thraenach idir príomhchathair Flevoland, Lelystad, agus Amsterdam i dtús na 1980í tógadh an traic timpeall ar an bhfiántas nua – seachas díreach tríd. 

Ansin, i lár na 1990í, rith sé leis na húdaráis tabhairt faoi thogra fiadhúlra ceannródaíoch. Thabharfaí ar ais na hainmhithe fiáine a bhíodh ag fánaíocht, fadó fadó, sa bhogach ar a dtugtar An Ísiltír anois: an fia rua, an fia odhar, capaill agus beithígh fhiáine. Rinneadh cinneadh ceannródaíoch eile: ligfí don dúlra aire a thabhairt dó féin. Ní chuirfeadh an duine isteach feasta ar fhiántas na Oostvaardersplassen agus a áitritheoirí allta.

Bhí go maith agus ní raibh go holc. Ar feadh fiche bliain nó mar sin, bhí fás leanúnach ar líon na bhfianna, na gcapall agus na mbeithíoch fiáin.

Ach bhí locht mór amháin ar an scéim.

An líne thraenach úd a tógadh timpeall ar na Oostvaardersplassen d’fhonn an dúlra a chaomhnú, ar dhamba ard a tógadh í. Sáinnithe idir an damba sin agus Loch IJssel (an chuid sin den Mhuir Theas nach ndearnadh poldar di), is geall le príosún an fiántas nua. Níl bealach isteach ná amach as ag ainmhí ar bith nach mbeadh eiteoga air.

Nuair a tháinig fás rómhór ar líon na gceathairchosach fiáin a tugadh isteach go dtí an ceantar d’éirigh an bia gann agus thosaigh siad ag fáil bháis. Ina sluaite.

Le seacht nó ocht mbliana anuas, is gnáthradharc ag paisinéirí traenach idir Lelystad agus Amsterdam iad conablaigh na gcéadta fia, capall agus beithíoch ar an taobh thiar thuaidh den líne.

Sa gheimhreadh agus i dtús an earraigh is mó a fhaigheann na hainmhithe bás den ocras. Mí an Mhárta is measa. I mbliana, fuair níos mó ná leath na gceathairchosach fiáin a raibh cónaí orthu sa cheantar bás. Os cionn trí mhíle ainmhí.

Go dtí seo, chloígh na húdaráis leis an riail a leag siad orthu féin: nach gcuirfeadh an duine isteach feasta ar an dúlra sna Oostvaardersplassen.

Ach i mbliana, chuir gníomhaithe cearta ainmhithe brú ar chomhairle chontae Flevoland, atá freagrach as an gceantar, bia breise a chur ar fáil do na hainmhithe. Bhí an toradh tubaisteach. Ní raibh cleachtadh ag na hainmhithe fiáine ar an mbia a tugadh dóibh agus fuair a thuilleadh acu bás.

An deireadh seachtaine seo caite, thug na céadta gníomhaithe cearta ainmhithe aghaidh ar na Oostvaardersplassen, leantóirí capall faoi réir acu chun ainmhithe fiáine a ‘tharrtháil’ ón gceantar. Ach bhí bacainní coincréite curtha ar na bóithre ag na húdaráis agus níor éirigh leis an lucht agóide dul chomh fada leis na hainmhithe.

Lámh chúnta a thabhairt don dúlra sna Oostvaardersplassen, nó é a fhágáil ar a chonlán féin? Sin í an cheist atá ag déanamh tinnis do mhuintir na hÍsiltíre.

Dar leo siúd atá i bhfabhar an togra fiadhúlra go gcaithfear a thuiscint go bhfuil an nádúr crua agus gur cuid den saol é an bás.

Dar leo siúd atá ina choinne nach féidir glacadh leis go bhfaigheadh na mílte ainmhí bás leis an ocras gach bliain i dtír shibhialta.

Seachtain ó inniu, foilseofar tuarascáil chuimsitheach faoi thodhchaí na Oostvaardersplassen. Ceaptar go mbeidh tuilleadh agóidí á ndéanamh ag lucht cearta ainmhithe idir seo agus sin.

Fág freagra ar 'Cúnamh a thabhairt don dúlra nó gan cúnamh a thabhairt dó? Sin í an cheist…'

  • Darragh Ó Caoimh

    An-suimiúil go deo. Creidimse féin gur chóir do na húdaráis ligint leis an bhfiántas seo agus gan a ladar a chur isteach sa scéal. Más fiadhúlra atá uathu caithfidh sé bheith fiáin agus gan bia a bheith á soláthar acu d’ainmhithe. Níl a leithéid inbhuanaithe ar aon nós.